Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Siomptóim COVID-19 a chóireáil sa bhaile

Is féidir cuid mhaith de shiomptóim COVID-19 a chóireáil sa bhaile. Airíonn an chuid is mó de dhaoine níos fearr tar éis cúpla lá nó cúpla seachtain.

Ní gá duit tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh ach amháin má thugann dochtúir teaghlaigh nó gairmí sláinte comhairle duit ceann a dhéanamh.

Déan

  • fanacht sa bhaile go dtí go mbeidh na siomptóim nach mór imithe nó imithe go hiomlán le 48 uair an chloig

  • fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir

  • déan neart scíthe agus codlata

  • ól do dhóthain uisce le díhiodráitiú a chur ó dhoras – ba chóir go mbeadh do mhún ar dhath buí éadrom nó glan

  • ith go sláintiúil – ith go maith má tá laghdú ar do ghoile nó má tá do bhlas athraithe

  • déan iarracht gan bheith ag caitheamh tobac

  • coinnigh te

  • déan monatóireacht agus cóireáil ar do chuid siomptóm

Na siomptóim atá ort

Aon chóireáil a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait, braithfidh sí ar na siomptóim atá ort. Ní gá cóireáil a chur ar dhaoine nach bhfuil ach siomptóim an-éadrom orthu. Uaireanta tógann sé suas le 14 lá sula bhfeictear siomptóim.

Tuilleadh eolais maidir leis na siomptóim seo a leanas agus an chaoi a ndéantar iad a chóireáil:

Cathain ba cheart cúnamh leighis nó cóireáil ospidéil a fháil le haghaidh COVID-19?

Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:

  • mura mbeidh biseach tagtha ar na siomptóim atá ort tar éis 4 seachtaine
  • má tá tú os cionn 60 bliain d'aois nó má tá riosca níos airde ag baint le COVID-19 duit agus éiríonn na siomptóim atá ort níos measa
  • tá imní ort faoi shiomptóim a bhí ort cheana nó faoi shiomptóim nua

Cógais chun siomptóim a chóireáil

Braithfidh na cógais is fearr le tógáil ar na nithe seo a leanas:

  • na siomptóim atá ort
  • riochtaí eile sláinte atá ort
  • cógais eile a ghlacann tú
Information:

Sula nglacfaidh tú aon chógas, léigh an bhileog phacáiste iomlán atá leis an gcógas. Cloígh le haon chomhairle a chuireann gairmí cúraim sláinte ort.

Paraicéiteamól agus iobúpróifein

D'fhéadfadh paraicéiteamól nó iobúpróifein a bheith mar chuidiú agat chun do theocht a ísliú agus chun tinneas agus pianta a leigheas. Is iondúil go moltar paraicéiteamól mar chóir leighis sa chéad dul síos don chuid is mó de dhaoine.

Is druga frith-athlastach neamhstéaróideach (DFANS, nó NSAID i mBéarla) í iobúpróifein. Tá sé ceart go leor iobúpróifein nó drugaí frith-athlastacha neamhstéaróideacha eile a ghlacadh má tá COVID-19 ort.

Ná glac ach cógas frith-athlastach amháin ag aon am amháin, áfach. Tá sé ceart go leor paraicéiteamól agus cógas frith-athlastach a ghlacadh ag an am céanna.

Tuilleadh eolais maidir le paraicéiteamól - lena n-áirítear cathain is féidir leat é a thógáil

Tuilleadh eolais maidir le drugaí frith-athlastacha neamhstéaróideacha (DFANS, nó NSAID i mBéarla) - lena n-áirítear cathain is féidir leat iad a thógáil

Antaibheathaigh

Ní fheidhmíonn antaibheathaigh in aghaidh COVID-19 ná in aghaidh víreas ar bith. Ní dhéanfaidh siad na siomptóim a mhaolú agus ní bheidh siad mar chabhair chun teacht chugat féin níos gasta.

Ná glac antaibheathaigh ach amháin má ordaíonn do dhochtúir teaghlaigh iad duit. D’fhéadfá dochar a dhéanamh duit féin dá nglacfá iad nuair nach bhfuil gá agat leo.

Má tá riosca ard ag baint le COVID-19 duit

Tá fáil anois ar chógais le cóireáil a chur ar na daoine siúd atá tar éis COVID-19 a tholgadh agus is mó atá i mbaol breoiteacht thromchúiseach dá dheasca.

Is iad sin:

  • Paxlovid - cógas leighis de bhéal a ghlactar mar tháibléid
  • Sotrovimab - cógas leighis a thugtar trí dhiltálaire i do ghéag láimhe (insileadh)

Cuirfidh do dhochtúir nó do lia comhairleach in iúl duit má bhíonn na cógais seo ag teastáil uait.

Cóireáil do na daoine is mó atá i mbaol ó COVID-19

Am chun teacht chugat féin

Airíonn cuid mhaith daoine níos fearr roinnt laethanta nó seachtainí tar éis dóibh ionfhabhtú COVID-19 a chur díobh. Tagann mórchuid na ndaoine chucu féin go hiomlán laistigh de 12 sheachtain. I gcás roinnt daoine, áfach, maireann na siomptóim níos faide fós. Ní hionann an cás ag aon dá bheirt.

D’fhéadfadh sé go mbraithfeadh an t-am téarnaimh ar:

  • cé chomh dian agus a bhí an bhreoiteacht a bhí ort
  • aon riochtaí sláinte a bhí ort cheana féin
  • cibé acu a bhí tú in ospidéal nó in aonad dianchúraim (ICU) nó nach raibh

Is gnách go mbeidh sé thuas seal thíos seal.

Fadhbanna téarnaimh

I measc na ndeacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith agat agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19 tá:

Éifeachtaí fadtéarmacha COVID-19 (COVID Fada)

Filleadh ar an obair agus ar ghníomhaíochtaí eile

Is féidir le daoine fásta filleadh ar an obair a luaithe a bheidh siad gan siomptóim le 48 uair an chloig. Má fuair tú toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19, caithfidh tú fanacht go ceann 5 lá agus a bheith ag aireachtáil go maith. Níor cheart go mbeadh teocht ard ort.

Is féidir le leanaí filleadh ar an scoil a luaithe a bheidh siad ag aireachtáil go maith ar chuntar nach mbeidh teocht ard orthu. Má fuair siad toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19, ba cheart dóibh fanacht sa bhaile agus fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir go ceann 3 lá iomlána tar éis an lae a ndearna siad an tástáil nó ar tháinig na siomptóim orthu (cibé acu is luaithe).

Tá sé ceart go leor filleadh ar do ghnáthshaol fiú má tá casacht éadrom ort nó má tá do bholadh fós athraithe – uaireanta maireann na siomptóim sin roinnt seachtainí tar éis an ionfhabhtaithe féin.

Déan iarracht gan filleadh ar an obair go dtí go mbraithfidh tú go bhfuil tú réidh. Ná déan iarracht ‘brú tríd’ má bhíonn tú ag aireachtáil tinn go fóill.

Tacaíochtaí agus seirbhísí

Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh má bhíonn sé ag dul deacair ort teacht chugat féin ó COVID-19.

Tacaíochtaí agus seirbhísí meabhairshláinte

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 18 Aibreán 2023