Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Cathain ba cheart cúnamh leighis nó cóireáil ospidéil a fháil

Is féidir cuid mhaith de shiomptóim COVID-19 a chóireáil sa bhaile. Mar sin féin, má tá imní ort faoi cheann ar bith de na siomptóim atá ort, cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh.

Urgent advice: Cuir glao láithreach bonn ar dhochtúir teaghlaigh nó ar sheirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta

má tá na siomptóim COVID-19 atá ort ag dul in olcas agus:

  • má thosaíonn tú ag aireachtáil an-tinn, go háirithe má thagann athrú ar d'anáil, má thagann saothar anála ort, nó má théann do chasacht in olcas
  • má cheapann tú go bhfuil giorra anála ag teacht ort agus í ag éirí níos measa
  • má tá comharthaí díhiodráitithe le haithint ort

Emergency action required: Cuir glao ar 112 nó 999:

  • má tá an-ghiorra anála ort agus mura n-éiríonn leat teagmháil a dhéanamh le seirbhís dochtúra teaghlaigh

Má tá riosca níos airde ag baint le COVID-19 duit

Is mó an baol go rachadh daoine scothaosta agus daoine a bhfuil riochtaí sláinte orthu cheana in olcas go tobann.

Má tá tú ag tabhairt aire do dhuine scothaosta, bí ag faire amach do chomharthaí mearbhaill a thosaíonn go tapa. Léiriú iad sin in amanna go bhfuil an duine ag éirí níos measa.

Má tá riosca níos airde ag baint le COVID-19 duit, coinnigh súil ghéar ar na siomptóim atá ort. Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh láithreach bonn má théann siad in olcas.

Tuilleadh eolais faoi dhaoine a bhfuil riosca níos airde ag baint le COVID-19 dóibh

Fiabhras ard

Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh má tá fiabhras an-ard ort (níos mó ná 40 céim Celsius) agus:

  • má tá fiabhras fós ort tar éis duit a bheith ag fáil cóir leighis sa bhaile ar feadh trí lá nó más cosúil go bhfuil tú ag éirí níos measa
  • má tá tú ar aon bharr amháin creatha nó má tá do chuid fiacla ag bualadh ar a chéile leis an bhfuacht, agus mura dtagann maolú air sin laistigh d'uair an chloig nó thart air sin
  • má tá drochthinneas cinn ort nach dtagann biseach air tar éis pianmhúcháin a ghlacadh
  • má tá mearbhall nó marbhántacht neamhghnách ag teacht ort

Tuilleadh eolais faoi fhiabhras i gcás daoine fásta

Díhiodráitiúchán

Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh i gcás go raibh tú díhiodráitithe agus go bhfuil tú ag ól go rialta anois nó go bhfuil saicíní ath-hiodráitiúcháin de bhéal á n-úsáid agat, agus:

  • tá tuirse neamhghnách ort
  • tá mearbhall ort nó tá tú trína chéile
  • tagann meadhrán ort nuair a sheasann tú suas agus ní imíonn sé
  • níl do mhún déanta agat inniu
  • tá do chuisle lag nó tá ráta gasta léi
  • tá taomanna do do bhualadh

Tuilleadh eolais faoin díhiodráitiúchán

Cóireáil ospidéil

Bíonn breoiteacht níos tromchúisí ar roinnt daoine a tholgann COVID-19.

Má théann na siomptóim COVID-19 atá ort in olcas agus má tá tú ag aireachtáil an-tinn, b'fhéidir go mbeadh ort dul chuig an ospidéal.

D'fhéadfadh na rudaí seo a leanas a bheith i gceist leis an gcóir leighis le haghaidh COVID-19 san ospidéal:

D'fhéadfadh sé go mbeadh análaitheoir ag teastáil ó dhaoine a bhfuil sé ag dul deacair orthu análú as a stuaim féin de dheasca COVID-19. Is féidir córas tacaíochta beatha a úsáid i gcásanna tromchúiseacha.

Ionaid Dianchúraim (ICU)

Filleadh abhaile tar éis cóir leighis a fháil san ospidéal

Tar éis duit filleadh abhaile ón ospidéal, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort fanacht sa bhaile agus fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir. Inseoidh d'altra nó do dhochtúir duit más amhlaidh an scéal i do chás-sa.

Déan iarracht socraithe a dhéanamh le go mbeidh duine ann le haire a thabhairt duit sa bhaile. Is tábhachtach an rud é seo más gá duit fanacht sa bhaile. Beidh do chúramóir in ann bualadh isteach chugat agus do chuid siopadóireachta a dhéanamh duit.

Comhairle maidir le teacht chugat féin arís ó shiomptóim COVID-19

Téachtáin fola

D'fhéadfadh sé go méadódh COVID-19 an baol go dtiocfadh téachtán fola ort i do chos, sna scamhóga, nó sa dá áit.

Bíonn téachtáin fola níos coitianta i measc daoine a bhfuil COVID-19 orthu, iad siúd a bhfuil siomptóim níos déine orthu agus a bhfuil cóir leighis á cur orthu san ospidéal go háirithe.

Na siomptóim a bhaineann le téachtáin fola agus cén chaoi iad a chosc

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 18 Aibreán 2023