Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Cónaí le duine nach féidir leis nó léi féinleithlisiú nó cúram a dhéanamh de dhuine den sórt sin

B'fhéidir nach mbeadh sé indéanta ag roinnt daoine féinleithlisiú. Leanbh, duine scothaosta nó duine a bhfuil míchumas air nó uirthi, cuir i gcás.

Ní mór dóibh fanacht sa bhaile agus leithlisiú ó dhaoine eile mar sin féin. Ach b'fhéidir go mbeadh cabhair ag teastáil uathu le gníomhaíochtaí laethúla ar nós níocháin, itheacháin nó dul chuig an leithreas.

Beidh ortsa agus ar gach uile dhuine a chónaíonn leis an té gach iarracht a dhéanamh leis an mbaol go scaipfí an víreas a laghdú.

Cathain is féidir le duine fásta éirí as bheith ag féinleithlisiú

Cathain is féidir le leanbh éirí as bheith ag féinleithlisiú

Rudaí ba cheart duit a dhéanamh

  • nigh do lámha i gceart gach uair a thagann tú i dteagmháil leis an duine
  • déan cinnte go gcaitheann tú féin agus an duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dó masc aghaidhe leighis, masc aghaidhe análaitheora nó masc aghaidhe a oireann i gceart nuair nach mbíonn an dara rogha agaibh ach a bheith sa seomra céanna, más féidir
  • úsáid fíochán glan más gá duit réama nó seile a ghlanadh dá aghaidh. Cuir isteach i mála dramhaíola é agus nigh do lámha
  • roghnaigh seomra ina bhféadfadh sé nó sí fanacht agus bíodh fuinneog sa seomra le haer úr a ligean isteach
  • cuir srian le gluaiseacht an duine sa teach
  • iarr air nó uirthi seomra folctha eile a úsáid más féidir
  • coinnigh an duine amach ó dhaoine scothaosta, ó dhaoine a bhfuil riochtaí ardriosca orthu agus ó mhná torracha

Má tá cónaí ort le duine eile agus tú ag féinleithlisiú

Tacú le duine a bhfuil míchumas air nó uirthi in aimsir phaindéim COVID-19

Déan iarracht gan ach cúramóir amháin a bheith ann

Más féidir, níor chóir ach do dhuine amháin cúram a dhéanamh den duine atá ag féinleithlisiú. Ba cheart duine a roghnú atá i ndea-shláinte agus atá iomlán vacsaínithe in aghaidh COVID-19, más féidir.

B'fhearr duine a fháil:

  • nach bhfuil riosca ard ag baint le COVID-19 dó nó di
  • nach bhfuil córas lag imdhíonachta aige nó aici
  • nach bhfuil os cionn 70 bliain d'aois

Is mó an baol go mbeadh breoiteacht thromchúiseach ar dhaoine sna grúpaí seo dá dtolgfaidís COVID-19

Má thagann siomptóim ar dhaoine eile de do theaghlach

Faigh comhairle maidir lenar cheart duit a dhéanamh:

Nuashonrú deireanach: 2 Márta 2022 ag 10:50 r.n.