Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Téarmaí úsáide Aip Shláinte FSS

1. Réamhrá

1.1. Tá Aip Shláinte FSS forbartha Againn (FSS – Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte) ionas gur féidir leat rochtain a fháil ar sheirbhísí áirithe de chuid FSS trí aip ar do ghuthán nó ar do tháibléad. Ní féidir ach le húsáideoirí fíoraithe atá logáilte isteach ar Aip Shláinte FSS cuid de na seirbhísí seo a rochtain, ach is féidir rochtain a fháil ar sheirbhísí eile atá ar fáil ar shuíomh gréasáin FSS ar Aip Shláinte FSS gan logáil isteach. Agus tú ag úsáid suíomh gréasáin FSS do sheirbhísí nach bhfuil á soláthar ar Aip Shláinte FSS, beidh tú fós faoi réir théarmaí agus coinníollacha shuíomh gréasáin FSS, ráiteas príobháideachais shuíomh gréasáin FSS agus ráiteas fianán shuíomh gréasáin FSS.

1.2. Cuireann Aip Shláinte FSS ar do chumas seirbhísí éagsúla cúraim sláinte a rochtain.

Tá tuilleadh sonraí ar fáil i gclásal 7 thíos.

1.3. Is féidir go mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar na seirbhísí seo gan úsáid a bhaint as Aip Shláinte FSS agus ní bheidh feidhm ag aon ní sna téarmaí seo ar an rochtain sin.

1.4. Ní gléas leighis é Aip Shláinte FSS agus ní rialaíonn an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte í dá réir.

1.5. Teagmháil a dhéanamh linn. Más mian leat níos mó a fhoghlaim faoi Aip Shláinte FSS, má cheapann tú go bhfuil aon lochtanna san Aip Shláinte FSS nó más mian leat teagmháil a dhéanamh linn ar chúis ar bith eile, tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin, áit ar féidir leat CCanna a fheiceáil agus eolas a fháil faoin gcaoi le teagmháil a dhéanamh linn.

1.6. Conas a dhéanfaimid cumarsáid leat

Beidh gach uasdátú agus gach faisnéis nach mór dúinn a chur in iúl duit le feiceáil agat i do bhosca isteach ar Aip Shláinte FSS.

2. Na cásanna ina mbeidh feidhm ag na téarmaí seo

2.1. Léigh na téarmaí agus na coinníollacha seo agus ár bhfógra príobháideachais roimh logáil isteach. Ach clárú le hAip Shláinte FSS agus leanúint dá húsáid, aontaíonn tú a bheith faoi cheangal na dtéarmaí seo.

2.2. Ach úsáid a bhaint as Aip Shláinte FSS, admhaíonn tú freisin go bhfuil tú freagrach as faisnéis faoi chógas a fhíorú le do sholáthraí cúraim sláinte agus aontaíonn tú úsáid a bhaint as gnéithe Aip Shláinte FSS ar do phriacal féin.

2.3. Féadfaimid, ag am ar bith agus dár lánrogha féin, na téarmaí seo a leasú ar chúis ar bith. Beidh an leagan is déanaí dár dtéarmaí ar fáil ar Aip Shláinte FSS, agus cuirfimid amhlaidh in iúl duit trí Aip Shláinte FSS agus iarrfaimid ort aontú a bheith faoi cheangal na dtéarmaí seo arís má dhéanaimid aon athruithe suntasacha orthu.

3. An chaoi le clárú chun Aip Shláinte FSS a úsáid

3.1. Tá sé saor in aisce clárú le hAip Shláinte FSS agus í a úsáid. Ní mór MyGovID fíoraithe a bheith agat chun Aip Shláinte FSS a úsáid. Is cuntas slán é MyGovID a thugann rochtain do go leor ranna rialtais in Éirinn. Nuair a chláraíonn úsáideoirí le hAip Shláinte FSS, déantar iad a mheaitseáil le clárlann ASAnna. Murar féidir úsáideoir ionchasach a mheaitseáil leis an IHI, ní féidir leis an úsáideoir sin Aip Shláinte FSS a úsáid ag an am seo.

3.2. Má úsáideann tú nó má thugann tú iarracht ar Aip Shláinte FSS a rochtain lasmuigh d’Éirinn:

  • ní féidir linn a dhearbhú go mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar Aip Shláinte FSS ná go bhfeidhmeoidh sé i gceart
  • tá tú freagrach as cloí le haon dlíthe áitiúla a bhaineann leat sa tír ina mbaineann tú úsáid as Aip Shláinte FSS

3.3. Ní mór a bheith 16 bliana d’aois nó níos sine chun Aip Shláinte FSS a úsáid.

4. Rochtain a fháil ar Aip Shláinte FSS

4.1. Tá tú freagrach as gach socrú is gá chun rochtain a fháil ar Aip Shláinte FSS a dhéanamh, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta do na nithe a leanas:

  • nasc idirlín slán ;
  • gléas, córas oibriúcháin agus brabhsálaí cuí a chomhlíonann ár n-íosriachtanais, mar atá le fáil ar ár leathanach cabhrach agus tacaíochta;
  • Aip Shláinte FSS a íoslódáil ó Google Play nó Aipmhargadh Apple (faoi réir a dtéarmaí agus a gcoinníollacha féin);
  • úsáid a bhaint as do bhogearraí cosanta víreas féin (agus é a nuashonrú go rialta).

4.2. Níl sé i gceist go mbainfidh aon duine seachas tú féin úsáid as d’Aip Shláinte FSS. Má cheadaíonn tú d’aon duine eile do chuntas a úsáid:

  • déanann tú é sin go hiomlán ar do phriacal féin;
  • ní mór duit gan d'ainm úsáideora ná do phasfhocal MyGovID a roinnt leis an duine sin;
  • tá tú freagrach as an duine sin rochtain a fháil ar Aip Shláinte FSS agus úsáid a bhaint aisti amhail is gur tú féin a fuair rochtain uirthi agus a bhain úsáid aisti;
  • ní mór duit a chinntiú go bhfuil an duine sin ar an eolas faoi na téarmaí seo agus go gcloíonn an duine sin leo.

4.3. Féadfaidh tú úsáid a bhaint as fíordheimhniú gan pasfhocal (amhail méarloirg nó aithint aghaidhe) chun rochtain a fháil ar Aip Shláinte FSS. Níl rochtain againn ar na sonraí bithmhéadracha atá stóráilte ar do ghléas ná níl siad faoi rialú againn. Ní mór duit a chinntiú nach stóráiltear ach méarloirg, sonraí aghaidhe nó sonraí bithmhéadracha s’agat féin ar do ghléas. Tá an ceart againn, ag am ar bith, gan fógra ar leith, bac a chur fíordheimhniú gan pasfhocal a úsáid ar aon ghléas nó ar gach gléas a úsáidtear chun rochtain a fháil ar Aip Shláinte FSS.

5. Bearta i gcás gléas a chailleadh

5.1. Sa chás go gcaillfidh tú do ghléas, tá sé tábhachtach é sin a chur in iúl dúinn chomh luath agus is féidir. Tá ár bhfoireann tacaíochta ar fáil chun cabhrú leat agus gníomh láithreach a dhéanamh chun na sonraí pearsanta atá stóráilte ar Aip Shláinte FSS a chosaint. Má chailleann tú do ghléas, déan teagmháil le HSE Live chun an caillteanas a chur in iúl dúinn.

5.2. Ar fhógra a fháil, cuirfimid tús le próiseas chun fógra a thabhairt dár bhfoireann theicniúil, go ndéanfaidh siad na bearta cuí chun na sonraí atá stóráilte ar Aip Shláinte FSS a ghlanadh ón ngléas caillte go cianda, chun a chinntiú nach mbeidh rochtain ar d’fhaisnéis phearsanta ar an ngléas caillte.

5.3. Molaimid duit freisin beart a dhéanamh chun do ghléas a shlánú le gnéithe slándála ionsuite arna gcur ar fáil ag monaróir do ghléis, amhail cianroghanna glanta a chumasú nó do ghléas a ghlasáil ar chóras oibriúcháin do ghléis (Android/iOS).

5.4. Dearadh na bearta sin chun do shonraí pearsanta a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe, de réir ár dtiomantas do shlándáil sonraí.

6. Nuashonruithe ar Aip Shláinte FSS

6.1. Ó am go chéile féadfaimid Aip Shláinte FSS a nuashonrú go huathoibríoch nó iarraidh ort é a nuashonrú chun feidhmíocht a fheabhsú, chun feidhmiúlacht a fheabhsú, chun athruithe ar an gcóras oibriúcháin a chur i bhfeidhm, nó chun dul i ngleic le saincheisteanna slándála.

6.2. Mura suiteáiltear nuashonruithe, is féidir nach mbeidh tú in ann Aip Shláinte FSS a úsáid nó is féidir go gcuirfear isteach ar fheidhmiúlacht agus/nó ar fheidhmíocht na haipe.

7. Sonraí faoi na seirbhísí

7.1. Féadfaidh na seirbhísí seo a leanas a bheith ar fáil duit ar Aip Shláinte FSS. Níl gach seirbhís agus gach gné ar fáil do gach úsáideoir agus beidh fáil orthu ag brath ar do riachtanais cúraim sláinte.

Féach ar an bhfógra príobháideachais agus ar thuilleadh faisnéise (áit ar bith a sonraítear iad) le haghaidh tuilleadh sonraí faoi na seirbhísí seo agus faoin gcaoi a n-úsáideann siad do shonraí.

Ainmneacha seirbhísí le feidhmiúlacht agus infhaighteacht rochtana:

Coinní

Anseo, feicfidh do choinní sláinte atá le teacht. Ní mór logáil isteach ar an aip lena rochtain.

Sláinte A-Z

Anseo, gheobhaidh tú faisnéis ar chomharthaí, comhairle féinchúraim agus cóireálacha do riochtaí coitianta atá ar fáil ar shuíomh gréasáin an FSS agus ar Aip Shláinte FSS araon. Is féidir le húsáideoirí rochtain a fháil ar an bhfaisnéis seo gan logáil isteach. Ní gá logáil isteach san aip lena rochtain.

Aimsitheoir cúraim phráinnigh agus éigeandála

Cuidíonn sé seo le húsáideoirí seirbhísí práinneacha agus éigeandála cúraim sláinte a aimsiú in aice láimhe, amhail rannóga éigeandála, aonaid gortuithe agus seirbhísí dochtúra ghinearálta lasmuigh de ghnáthuaireanta, bunaithe ar a suíomh. Ní gá logáil isteach san aip lena rochtain.

Aimsitheoirí seirbhísí breise

Soláthraíonn sé seo uirlisí chun seirbhísí cúraim sláinte éagsúla a aimsiú, amhail lialanna dochtúirí ginearálta, cógaslanna, nó seirbhísí meabhairshláinte. Ní gá logáil isteach san aip lena rochtain.

Faisnéis faoi fhéinchúram agus faoi fholláine

Tugann sé seo leideanna agus comhairle chun do shláinte agus d’fholláine phearsanta a bhainistiú, lena n-áirítear treoracha ar chothú, ar aclaíocht, agus ar thacaíocht mheabhairshláinte. Ní gá logáil isteach san aip lena rochtain.

Mo liosta cógas

Is féidir leat liosta de do chógais féin a chruthú agus a bhainistiú. Ní mór logáil isteach ar an aip lena rochtain.

Cógais aisíoctha

Ligeann sé seo duit faisnéis a fháil faoi chógais ar féidir aisíocaíocht a fháil ina leith tríd an tSeirbhís Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil. Ní mór logáil isteach ar an aip lena rochtain.

Taifid vacsaínithe (Covid, Fliú)

Ligeann sé seo duit liosta de do thaifid vacsaínithe Covid agus fliú a rochtain. Ní mór logáil isteach ar an aip lena rochtain.

Cártaí agus teidlíochtaí

Ligeann sé seo duit féachaint ar chártaí digiteacha a bhfuil rochtain agat orthu. D’fhéadfadh go n-áireofaí orthu seo an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS), Cárta Leighis, Cártaí Scéime Íocaíochta Drugaí, Cárta Cuairte Dochtúra, Cárta um Thinneas Fadtéarmach. Ní mór logáil isteach ar an aip lena rochtain.

8. Na seirbhísí a úsáid

8.1. Níor cheart brath ar Aip Shláinte FSS mar an t-aon mhodh amháin le cúraim ó do sholáthraí cúram sláinte a fháil.

8.2. Má dhéanann tú aon chuid de do shonraí sláinte nó taifid leighis a íoslódáil, a phriontáil nó a easpórtáil, tá tú freagrach as a chinntiú go gcoimeádtar sonraí den sórt sin go slán, agus ní bheimid faoi dhliteanas i leith aon nochtadh sonraí íogaire ná pearsanta lena mbaineann.

8.3. Chun go bhfaighidh tú na tairbhí atá beartaithe as Aip Shláinte FSS agus as na seirbhísí a bhfaigheann tú rochtain orthu, ní mór duit a chinntiú go bhfuil na sonraí go léir a sholáthraíonn tú iomlán agus cruinn.

8.4. Má tá faisnéis á roinnt agat ar d’Aip Shláinte FSS le gairmí cúraim sláinte, ba cheart a chur in iúl dóibh nach cinnte go dtaispeánfaidh an fhaisnéis inrochtana (lena n-áirítear aon ábhar tagartha gairmiúla) do thaifid leighis ina n-iomláine agus go bhfuil sé beartaithe go dtacóidh an fhaisnéis inti le heolas, taithí agus breithiúnas an ghairmí cúraim sláinte, seachas teacht ina ionad.

8.5. Maidir le hAip Shláinte FSS agus na seirbhísí istigh inti:

  • ná tagadh siad in ionad comhairle leighis a lorg. Leantar aon chomhairle leighis a thugann do ghairmithe cúram sláinte i gcónaí;
  • cuirtear ar fáil chun críocha faisnéise iad, lena n-áirítear, chun cabhrú leat aon riochtaí agus cóireálacha a d’fhéadfadh a bheith uait a bhainistiú faoi mhaoirseacht agus faoi chúram gairmí cúraim sláinte;
  • ní sholáthraíonn siad seirbhísí diagnóiseacha leighis ná cliniciúla;
  • ní sholáthraíonn siad rabhaidh chuimsitheacha maidir le hidirghníomhú drugaí, fritásca, ná treoir shábháilteachta eile;
  • níl siad ceaptha a bheith saintreorach ná údarásach maidir le diagnóisiú, riocht ná cóireáil, agus níl siad beartaithe faisnéis ar cheart brath uirthi amháin a sholáthar;
  • léiríonn siad eolas agus cleachtas reatha FSS in Éirinn. Mar sin féin, tá eolas agus cleachtas leighis ag athrú i gcónaí agus, mar sin, féadfaidh nach mbeidh an t-eolas ná an cleachtas is déanaí le sonraí iontu.

8.6. Tabhair do d’aire gurb iad do sholáthraithe cúraim atá freagrach as do shláinte agus as d’fholláine (lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, aon diagnóis nó comhairle cúraim sláinte eile) i ndeireadh na dála. Má tá aon cheist agat faoi aon fhaisnéis a bhaineann le do shláinte féin a chuirtear ar fáil ar Aip Shláinte FSS, ba cheart dul i dteagmháil le do sholáthraí cúraim go díreach, nó glaoch ar HSE Live ar 1800 700 700 saor in aisce ó líne talún nó ó ghuthán póca.

8.7. Tabhair do d’aire nach bhfuilimid freagrach as aon mhoill ná as aon easpa freagartha ó do sholáthraí cúraim sláinte maidir le haon teagmháil a dhéanann tú trí ghné Coinní ar Aip Shláinte FSS.

8.8. Maidir leis an ngné Mo Liosta Cógas a úsáid ar Aip Shláinte FSS, tabhair do d’aire nach féidir le hAip Shláinte FSS cruinneas aon fhaisnéise a chuireann úsáideoir isteach a fhíorú ná a chinntiú, lena n-áirítear sonraí dáileoige, minicíochta nó cóireála. Is tusa amháin atá freagrach as a chinntiú go bhfuil aon fhaisnéis leighis a chuirtear isteach de láimh cruinn agus cothrom le dáta. Ní bheidh muid faoi dhliteanas i leith aon éifeachtaí díobhálacha, aimhréidh leighis, ná earráidí a eascraíonn as faisnéis mhíchruinn nó neamhiomlán maidir le cógas.

8.9. Sa chás go measaimid go mbeidh sé úsáideach d’úsáideoirí Aip Shláinte FSS, féadfaimid naisc chuig láithreáin ghréasáin sláinte agus cúraim eile nach bhfuil comhtháite le hAip Shláinte FSS a chur ann. Ní dhéanaimid monatóireacht ar ábhar na suíomhanna gréasáin sin. Is ar mhaithe le d’éascaíocht amháin iad aon naisc a chuirtear ar fáil in Aip Shláinte FSS. Ní ghlacaimid le haon fhreagracht as aon láithreán gréasáin tríú páirtí ná as aon aip tríú páirtí.

9. Deireadh a chur hAip Shláinte FSS a úsáid

9.1. Is féidir leat éirí as Aip Shláinte FSS a úsáid in am ar bith agus Aip Shláinte FSS a scriosadh ó do ghuthán.

9.2. Má sháraíonn tú aon cheann de na téarmaí seo, féadfaimid cosc a chur ort rochtain a fháil ar Aip Shláinte FSS agus do chuntas a chur ar fionraí. Cuirfimid é sin in iúl duit. Más féidir an méid atá déanta agat a chur ina cheart, tabharfaimid deis réasúnta duit déanamh amhlaidh.

10. Do cheart chun Aip Shláinte FSS a úsáid

10.1. Is linne nó tá sé de cheart againn gach ceart maoine intleachtúla a úsáidtear chun Aip Shláinte FSS a sholáthar a úsáid, lena n-áirítear cearta cóipchirt, paitinní, cearta bunachar sonraí, trádmharcanna agus cearta maoine intleachtúla eile ("CMI FSS").

10.2. Tá cead agat Aip Shláinte FSS a úsáid chun na críocha a gcuirtear síos orthu sna téarmaí seo amháin. Ní mór cead scríofa a fháil uainn nó ó aon úinéir CMI FSS eile chun na míreanna seo a úsáid ar aon bhealach eile.

10.3. Mura gceadaítear sin faoin dlí ná faoi na téarmaí seo, cloífidh tú leis an méid seo a leanas:

  • ní dhéanfaidh tú Aip Shláinte FSS ná aon CMI de chuid FSS a chóipeáil ach sa chás go mbeidh an chóipeáil sin ag teacht le gnáthúsáid;
  • ní ligfidh tú Aip Shláinte FSS ná aon CMI de chuid FSS amach ar cíos, ar léas ná ar focheadúnas, ná ní thabharfaidh tú amach ar iasacht í, ní dhéanfaidh tú í a aistriú, a chumasc, a oiriúnú ná a mhodhnú;
  • ní dhéanfaidh tú do chuntas (ná aon chuntas eile) a chónascadh ná a chur le haon chlár ná le haon seirbhís eile;
  • ní dhéanfaidh tú díchóimeáil, díthiomsú, ais-innealtóireacht ná oibreacha díorthacha atá bunaithe ina n-iomláine ná i bpáirt ar Aip Shláinte FSS ná ar aon CMI eile de chuid FSS;
  • cloífidh tú le gach dlí rialaithe teicneolaíochta nó easpórtála a bhaineann leis an teicneolaíocht a úsáideann Aip Shláinte FSS nó aon CMI eile de chuid FSS.

11. Úsáid thoirmiscthe

11.1. Ní cheadaítear Aip Shláinte FSS a úsáid sna cásanna seo a leanas:

  • chun aon sonraí a bhailiú nó chun iarracht a dhéanamh aon tarchur chuig ár bhfreastalaithe nó uathu a scaoileadh;
  • ar bhealach a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh dár gcórais, iad a dhíchumasú, ró-ualach a chur orthu, baint dóibh, iad a lagú nó a slándáil a chur i mbaol;
  • chun aon ábhar atá maslach nó gránna a tharchur;
  • ar bhealach a bhaineann d’úsáideoirí eile;
  • ar aon bhealach neamhdhleathach nó ar aon chúis neamhdhleathach;
  • ar bhealach atá míchuí nó nach bhfuil ag teacht leis na téarmaí seo;
  • chun gníomhú go calaoiseach ná go mailíseach trí haiceáil isteach in Aip Shláinte FSS;
  • chun aon sonraí ina bhfuil víris, Traígh, ríomhphéisteanna, earraí spiaireachta ná aon chláir dhochracha eile atá ceaptha chun drochthionchar a imirt ar oibriú bogearraí nó ar chrua-earraí ríomhaireachta a tharchur, a sheoladh ná a uaslódáil;
  • i dtaca le haon chineál d’ionsaí diúltaithe seirbhíse;
  • murar íoslódáladh ó Aipmhargadh oifigiúil (Google Play Store nó Apple App Store) é;
  • ar aon ghléas ná ar aon chóras oibriúcháin a athraíodh lasmuigh de chumraíochtaí atá rathaithe ag díoltóir an ghléis soghluaiste nó an chórais oibriúcháin ná a athraíodh lasmuigh de chumraíochtaí a dtacaíonn díoltóir an ghléis soghluaiste nó an chórais oibriúcháin leo. Áirítear leis sin gléasanna ar a ndéantar "sárú srianta".

11.2. Má dhéanann tú aon cheann de na gníomhartha thuas is féidir go bhfuil cion coiriúil á dhéanamh agat freisin, agus cuirfimid aon ghníomhaíocht den sórt sin in iúl do na húdaráis forfheidhmithe dlí ábhartha. Comhoibreoimid leis na húdaráis sin agus nochtfaidh muid do chéannacht leo.

12. Ár ndliteanas i do leith

12.1. Cé go ndéanaimid iarrachtaí réasúnacha chun Aip Shláinte FSS a sholáthar, a chothabháil agus a nuashonrú, cuirtear ar fáil é “mar atá” agus, sa mhéid go gceadaítear faoin dlí é, ní dhéanaimid aon uiríll, ní thugaimid aon bharántaí ná ráthaíochtaí, sainráite ná intuigthe (lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, na barántaí intuigthe maidir le cáilíocht shásúil agus oiriúnacht chun críche ar leith), go bhfuil Aip FSS ná aon seirbhísí ar leith a bhfaigheann tú rochtain orthu ar Aip Shláinte FSS (a) cruinn, iomlán nó cothrom le dáta; (b) go gcomhlíonfaidh siad do riachtanais áirithe; nó (c) go mbeidh siad ar fáil i gcónaí, saor ó earráidí, gan bhriseadh nó saor ó víris.

12.2. Nílimid freagrach as naisc sheachtracha chuig ná ó Aip Shláinte FSS agus ní féidir linn a dhearbhú go n-oibreoidh siad i gcónaí.

12.3. Ní eisiann aon ní sna téarmaí seo ár ndliteanas ná ní chuireann teorainn leis i gcás na nithe seo a leanas:

  1. bás ná díobháil phearsanta mar gheall ar fhaillí a rinne muid;
  2. calaois ná mífhaisnéis chalaoiseach;
  3. aon chaillteanas nó damáiste maidir le gléas nó ábhar digiteach ar leatsa é, más féidir leat a léiriú a) gur muid ba chúis leis agus b) gur mhainnigh muid scil agus cúram réasúnach a úsáid chun amhlaidh a chosc; nó
  4. aon dliteanas eile nach féidir a eisiamh nó a theorannú faoi dhlí na hÉireann.

12.4. Faoi réir chlásal 12.3 de na téarmaí seo, ní bheimid faoi dhliteanas i do leith, ná i leith aon duine, ná freagrach duit ná d’aon duine a mbaineann tú úsáid as Aip Shláinte FSS thar a cheann maidir leis na nithe seo a leanas:

  • aon dochar, caillteanas nó damáiste a tharlaíonn sa chás nach toradh é ar i) faillí a rinne muid (mar shampla, ní bheimis faoi dhliteanas má dhéanann gairmí cúraim sláinte diagnóis mícheart ar do riocht, nó má fhorordaíonn sé an cógas mícheart, nó má dhéanann tú aon chinntí neamhspleácha bunaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil in Aip Shláinte FSS); nó ii) sárú a rinne muid ar na téarmaí seo;
  • aon chaillteanas nó damáiste a eascraíonn as neamhábaltacht rochtain a fháil ar Aip Shláinte FSS agus/nó í a úsáid ina iomláine nó i bpáirt;
  • aon chaillteanas gnó (lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, aon chaillteanas brabúis, ioncaim, conarthaí, coigilteas réamh-mheasta, sonraí, dea-thola nó aon chaiteachas amú);
  • aon chaillteanas indíreach nó iarmhartach nach raibh tú féin ná muid beirt ag súil leis nuair a thosaigh tú ag úsáid Aip Shláinte FSS (meastar caillteanas nó damáiste a bheith "intuartha" más léir gur tharla sé mar thoradh ar shárú a rinne muid nó má thug tú féin agus muid faoi deara é ag an am a rinne muid an conradh a cruthaíodh ar thú úsáid a bhaint as Aip Shláinte FSS).

12.5. Ní dhéanann an clásal 12 seo difear d’aon chearta dlíthiúla atá agat mar thomhaltóir maidir le seirbhísí nó bogearraí lochtacha. Tá comhairle faoi do chearta dlíthiúla ar fáil ó d’Ionad Eolais do Shaoránaigh áitiúil.

13. Ginearálta

13.1. Leagann na téarmaí seo, agus aon téarmaí nó beartais eile dá dtagraítear, amach an comhaontú iomlán idir tú féin agus muid maidir leis an úsáid a bhaineann tú as Aip Shláinte FSS.

13.2. Feidhmíonn gach clásal agus gach fochlásal de na téarmaí seo ar leithligh. Má chinntear go bhfuil aon chuid neamhbhailí nó neamh-infheidhmithe cuirfear foráil bhailí in-fhorghníomhaithe ina ionad a bheidh ar aon dul le hintinn an bhunleagain agus beidh feidhm fós le gach téarma eile.

13.3. Fiú má dhéanaimid moill ar fhorfheidhmiú na dtéarmaí seo, féadfaimid iad a chur i bhfeidhm níos déanaí fós.

13.4. Bainfidh dlíthe na hÉireann go heisiach leis na téarmaí seo agus beidh gach ábhar agus díospóid a bhaineann le húsáid Aip Shláinte FSS faoi réir dhlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.