Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Déan iarratas ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte

Ligeann an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte duit cúram sláinte a fháil thar lear saor in aisce nó ar chostas laghdaithe, i gcás go bhfuil tú:

  • ar saoire
  • ag fanacht sa tír ar bhonn gearrthéarmach nach faide ná 3 mhí
  • ag staidéar thar lear - beidh tú clúdaithe i rith na bliana acadúla
Tíortha a ghlacann leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte

Is féidir leat an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid san Aontas Eorpach, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus san Eilvéis.

Seo a leanas tíortha an Aontais Eorpaigh: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, Poblacht na Cipire, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an tSlóivéin, an Spáinn agus an tSualainn.

Seo a leanas tíortha an LEE: an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua.

Cén chaoi iarratas a dhéanamh má tá cónaí ort in Éirinn

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Cárta Eorpach um Árachas Sláinte má tá cónaí ort in Éirinn agus má tá sé i gceist agat cónaí anseo go ceann bliana ar a laghad.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh:

  • ar an láthair – tabhair cuairt ar d’oifig áitiúil phoiblí um an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte
  • ar líne - má tá cárta leighis nó Cárta Scéime Íocaíochta Drugaí agat
  • tríd an bpost – má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath Thiar Thuaidh, i gCorcaigh - An Laoi Thuaidh agus Theas, nó i gCill Choca
Déan iarratas ar an láthair

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte in oifig áitiúil sláinte ar bith seachas:

  • Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
  • Corcaigh - An Laoi Thuaidh agus Theas
  • Cill Choca

Le hiarratas a dhéanamh ar an láthair, beidh ort ceann de na foirmeacha seo a leanas a íoslódáil:

Comhlánaigh an fhoirm agus tabhair leat í chuig d’oifig áitiúil phoiblí um an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte. Tabhair leat na nithe seo a leanas chomh maith:

  • aitheantas fótagrafach - mar shampla, do phas nó do cheadúnas tiomána
  • cruthúnas go bhfuil cónaí ort in Éirinn - mar shampla, comhaontú cíosa nó conradh fostaíochta

Beidh ort ceann díobh seo a leanas a thaispeáint freisin:

  • cruthúnas ar d’uimhir PSP - mar shampla, duillín pá a eisíodh le déanaí, Cárta Seirbhísí Poiblí nó Achoimre Sonraí Fostaíochta (P60)
  • litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí má fhaigheann tú aon íocaíochtaí árachais shóisialaigh, amhail sochar breoiteachta, liúntas míchumais nó an pinsean stáit
Déan iarratas ar líne

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne má tá cárta leighis nó Cárta Scéime Íocaíochta Drugaí agat.

Déan teagmháil le d'oifig áitiúil sláinte má tá sé ag dul deacair ort iarratas a dhéanamh ar líne.

Iarratas a dhéanamh tríd an bpost

Is féidir iarratas a dhéanamh tríd an bpost i gcás na n-oifigí seo a leanas:

  • Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
  • Corcaigh - An Laoi Thuaidh agus Theas
  • Cill Choca

Má tá cónaí ort i gceann de na ceantair sin, íoslódáil ceann de na foirmeacha:

Comhlánaigh an fhoirm agus cuir sa phost í i dteannta cóipeanna den dá rud seo a leanas:

  • aitheantas fótagrafach - mar shampla, do phas nó do cheadúnas tiomána
  • cruthúnas go bhfuil cónaí ort in Éirinn - mar shampla, comhaontú cíosa nó conradh fostaíochta

Beidh ort cóip de cheann díobh seo a leanas a chur san áireamh freisin:

  • cruthúnas ar d’uimhir PSP - mar shampla, duillín pá a eisíodh le déanaí, Cárta Seirbhísí Poiblí nó Achoimre Sonraí Fostaíochta (P60)
  • litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí má fhaigheann tú aon íocaíochtaí árachais shóisialaigh, amhail sochar breoiteachta, liúntas míchumais nó an pinsean stáit
Information:

Ná seol doiciméid bhunaidh i dteannta d’fhoirme iarratais.

Tábhachtach

Cuirfear do chárta chugat sa phost tráth nach déanaí ná 10 lá oibre tar éis duit an t-iarratas a dhéanamh. Má tá Cárta Eorpach um Árachas Sláinte ag teastáil uait go práinneach, is féidir leat deimhniú sealadach athsholáthair a fháil ar an láthair i d’oifig áitiúil um an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte.

Déan iarratas mar theaghlach

Caithfidh gach ball teaghlaigh a Chárta Eorpach um Árachas Sláinte féin a bheith aige.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh:

  • duit féin
  • do do chéile/pháirtí
  • d’aon leanaí cleithiúnacha atá faoi bhun 16 bliana d’aois

Caithfidh an tuismitheoir nó an caomhnóir iarratas a dhéanamh thar ceann leanbh atá faoi bhun 16 bliana d’aois.

Cén chaoi iarratas a dhéanamh má tá cónaí ort taobh amuigh d’Éirinn

Má tá cónaí ort i dTuaisceart Éireann ach tá tú fostaithe in Éirinn

Má tá cónaí ort i dTuaisceart Éireann ach tá tú fostaithe in Éirinn, is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte arna eisiúint ag Éirinn a fháil.

Oibrithe trasteorann

Is féidir le hoibrithe trasteorann Cárta Eorpach um Árachas Sláinte arna eisiúint ag Éirinn a fháil toisc go ndéanann siad ranníocaíochtaí slándála sóisialta in Éirinn. Caithfidh siad filleadh abhaile uair sa tseachtain ar a laghad le bheith incháilithe.

Le hiarratas a dhéanamh, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:

  • an duillín pá is déanaí eisiúint duit
  • bille fóntais a eisíodh le déanaí mar chruthúnas ar do sheoladh

Déan iarratas mar oibrí trasteorann

Cleithiúnaithe is mic léinn le hoibrithe trasteorann

Is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte arna eisiúint ag Éirinn a fháil más fíor gach ceann díobh seo a leanas i do chás-sa:

Iarr ar do scoil nó ar do choláiste an fhoirm a chomhlánú sula dtosóidh tú ar d’iarratas.

Déan iarratas mar mhac léinn

Má tá cónaí ort i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis

Má tá cónaí ort i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis, is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte arna eisiúint ag Éirinn a fháil:

  • Má tá pinsean stáit á fháil agat ó Éirinn agus má tá foirm E/S1 (deimhniú teidlíochta) arna eisiúint in Éirinn cláraithe agat i do thír chónaithe
  • Más oibrí thú a sheol d’fhostóir Éireannach thú le dul ag obair i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis
  • Más oibrí trasteorann thú a bhfuil cónaí ort i mballstát eile den AE nó sa LEE agus atá ag obair in Éirinn
  • Más ball teaghlaigh le hoibrí ar postú nó le duine atá ag obair in Éirinn thú ach níl tú clúdaithe asat féin ag an tír den AE/LEE a bhfuil cónaí ort inti

Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne nó tríd an bpost. 

Déan iarratas ar líne má tá cónaí ort i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis

Is féidir iarratas a dhéanamh:

  • más cónaitheoir AE, LEE nó Eilvéiseach thú agus cónaí ort san Eoraip (gan Éire a áireamh)
  • más saoránach Éireannach nó pinsinéir Éireannach thú agus cónaí ort i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis

Le hiarratas a dhéanamh ar líne, beidh na sonraí seo a leanas ag teastáil uait: 

  • ainm
  • seoladh
  • uimhir PSP

Beidh na sonraí céanna uait maidir leis na cleithiúnaithe go léir ar mian leat iarratas a dhéanamh ina leith.

Iarratas a dhéanamh ar líne

Information:

Níor chóir duit an fhoirm ar líne seo a úsáid ach amháin má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis.

Iarratas a dhéanamh tríd an bpost má tá cónaí ort i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis

Le hiarratas a dhéanamh tríd an bpost, beidh ort:

An Oifig um Rialacháin an AE,
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte,
An Sciathán Thiar Thuaidh,
Campas Ospidéal Iósaif,
Sráid Mulgrave,
Luimneach,
Éire

Information:

Níor cheart duit an seoladh sin a úsáid ach amháin má tá cónaí ort lasmuigh d’Éirinn i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis.

Mura bhfuil tú incháilithe le haghaidh Cárta Eorpach um Árachas Sláinte arna eisiúint ag Éirinn, seiceáil an bhfuil tú incháilithe lena aghaidh sa tír a bhfuil cónaí inti.

Má tá tú ag staidéar i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis

Is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a fháil agus tú ag staidéar thar lear más fíor gach ceann díobh seo a leanas i do chás-sa:

  • tá tú idir 18 mbliana agus 23 bliain d’aois
  • tá cónaí ort in Éirinn
  • beidh tú ag staidéar i mballstát eile den AE, sa LEE nó san Eilvéis

Déan iarratas ach ríomhphost a chur chuig ehicapplication@hse.ie.

Ceangail an dá dhoiciméad seo a leanas leis an ríomhphost mar PDFanna:

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 28 Meitheamh 2023
Le hathbhreithniú arís: 28 Meitheamh 2026