Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Faigh cóir leighis le Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid thar lear

Más gá duit dul chuig dochtúir teaghlaigh nó cóir leighis a fháil thar lear, bíodh do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte agat. Is éasca an próiseas má thaispeánann tú é.

Ní úsáidtear an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte ar an gcaoi chéanna i ngach tír. I roinnt tíortha b’fhéidir go mbeadh ort íoc as cóir leighis, cé go mb’fhéidir nach mbeadh ort íoc amhlaidh in Éirinn.

Tá treoir ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cén chaoi Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid i ngach tír. Téigh chuig ‘roghnaigh tír’ le heolas a fháil faoi cén chaoi Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid sa tír sin.

Ní féidir leat do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid sa Ríocht Aontaithe. Ach is féidir leat an cúram sláinte atá ag teastáil uait a fháil mar sin féin. Beidh ort do phas Éireannach a thaispeáint don dochtúir teaghlaigh nó don ospidéal.

Ní fhágann Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a bheith agat nach gá duit árachas taistil a fháil.

Comhíocaíocht othair

I dtíortha áirithe, beidh ort íocaíocht a dhéanamh faoi chomhair chostas an chóra leighis. Tugtar ‘comhíocaíocht othair’ nó ‘cuid an othair’ ar an íocaíocht sin.

Ní bheidh tú in ann aisíocaíocht a fháil ar aon chomhíocaíocht othair a dhéanfaidh tú.

Aisíocaíochtaí

Féadfaidh tú aisíocaíocht a fháil más rud é gur gearradh táille ort:

  • toisc nár thaispeáin tú Chárta Eorpach um Árachas Sláinte bailí
  • trí dhearmad

Is féidir leat cur isteach ar aisíocaíocht tríd an ríomhphost.

Seol d’admhálacha chuig E126.Refunds@hse.ie. Nó seol tríd an ríomhphost iad chuig overseas.medservices@hse.ie má tá cónaí ort i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin nó i gCill Dara.

Seolfaimid foirm E126 chuig na húdaráis sláinte sa tír inar cuireadh cóir leighis ort. Inseoidh siad dúinn:

  • má d’úsáid tú seirbhís sláinte poiblí
  • méid na haisíocaíochta atá ag dul duit

Cuirfimid in iúl duit ansin cibé acu atá aisíocaíocht ag dul duit nó nach bhfuil.

Má fuair tú cúram sláinte príobháideach thar lear, ní bheidh aisíocaíocht ag dul duit.

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a Úsáid in Éirinn

Má tá Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agat is féidir leat cóir leighis riachtanach a fháil saor in aisce in Éirinn. Ní chlúdaíonn Cárta Eorpach um Árachas Sláinte ach cúram sláinte poiblí; ní chlúdaíonn sé cúram sláinte príobháideach.

Ar cheart a dhéanamh i gcás práinne

I gcás práinne, glaoigh ar 112 (nó 999) le fios a chur ar otharcharr le tú a thabhairt chuig an ospidéal.

Má tá Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agat, ní bheidh ort táille a íoc as cóir leighis a fháil in ospidéal.

Cóir leighis a fháil ó dhochtúir teaghlaigh

Déan teagmháil le dochtúir atá páirteach sa Scéim Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil (PCRS). Tá formhór na ndochtúirí in Éirinn páirteach sa scéim sin. Má tá tú ag tabhairt cuairt ar Éirinn, is féidir leat do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a úsáid le cóir leighis a fháil saor in aisce ó dhochtúir atá páirteach sa Scéim Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil.

Faigh sonraí teagmhála le haghaidh na ndochtúirí atá páirteach sa Scéim i do cheantar ón oifig áitiúil sláinte.

Ní bhíonn uaireanta oscailte gach dochtúra mar an gcéanna - seiceáil leis an dochtúir i do cheantar. Tabharfaidh teachtaireacht thaifeadta fóin uimhir duit a mbeidh tú in ann glaoch uirthi le coinne a fháil lasmuigh de na gnáthuaireanta.

Má bhíonn cógas leighis uait, tabharfaidh an dochtúir oideas duit. Gearrtar táille €1.50 in aghaidh an earra ach ní íoctar níos mó ná €15 sa mhí in aghaidh an duine.

Má cheapann dochtúir gur gá duit dul chuig speisialtóir, cuirfidh sé nó sí ar aghaidh thú.

Information:

Inis don dochtúir gur mhaith leat go gcaithfí leat mar othar poiblí (ní othar príobháideach). Le Cárta Eorpach um Árachas Sláinte, is féidir leat cóir leighis a fháil saor in aisce ó speisialtóir ar chuntar gur othar poiblí thú.

Cóir fiaclóireachta a fháil ó fhiaclóir

Má tá Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agat, is féidir leat cóir fiaclóireachta riachtanach a fháil saor in aisce ó fhiaclóir atá páirteach sa Scéim Aisíocaíochta Cúraim Phríomhúil.

Faigh sonraí teagmhála le haghaidh na bhfiaclóirí atá páirteach sa Scéim i do cheantar ón oifig áitiúil sláinte.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 27 Iúil 2022