Beaumont Hospital Emergency Department
Seoladh
Beaumont Hospital, Beaumont Road, Beaumount, Dublin 9, Dublin, D09 C562
Suíomh agus treoracha - Léarscáileanna GoogleFón
Láithreán gréasáin
beaumont.ieOscailte 24 uair an chloig sa lá gach lá
Aois
Tá rannóg éigeandála do dhuine ar bith atá 16 bliain d’aois nó níos sine
Na cásanna inar cheart duit dul chuig an rannóg éigeandála
Bíonn rannóga éigeandála ag plé le gortuithe tromchúiseacha agus éigeandálaí a mbaineann baol báis leo.
Mar shampla:
- má tá giorra anála ar dhuine
- má tá duine ag mothú tinn agus ag éirí níos measa go han-tapa
- mura bhfuil a mhún déanta ag duine le 12 uair an chloig anuas agus mura bhfuil fonn air a mhún a dhéanamh
- mura bhfuil duine ag mothú go maith agus go bhfuil mearbhall ag teacht air agus é ag éirí corraithe
- má tá duine bán san aghaidh agus go bhfuil a lámha agus a chosa fuar
- má tá meadhrán i nduine nuair a shuíonn sé suas nó mura bhfuil sé in ann seasamh
- má tá gríos tagtha ar dhuine nach n-imíonn nuair a bhrúitear síos é
Immediate advice:Cuir glao ar 112 (nó 999) anois díreach:
- má tá cóir leighis ag teastáil uait nó ó dhuine eile ar bhonn práinne
- má tá beatha i mbaol
Cé mhéad a chosnaíonn an rannóg éigeandála?
Cosnaíonn sé €100 leis an rannóg éigeandála a úsáid.
Ní ghearrtar aon táille ar othair ag a bhfuil:
- cárta leighis
- litir leighis nó litir atreoraithe ó dhochtúir teaghlaigh
- atreorú ó aonad gortuithe
Cásanna inar cheart dul chuig aonad gortuithe
Déanann aonaid gortuithe plé le gortuithe:
- nach mbaineann baol báis leo
- nach dócha a chuirfidh an té san ospidéal
Ba chóir dul chuig aonad gortuithe seachas rannóg éigeandála más cnámha briste, asaltú nó miondó atá i gceist.
Ní gá duit coinne a bheith agat le dul chuig aonad gortuithe.
Is féidir cóireálacha ar nós x-ghathanna, teilgin phlástair agus cúram créachta a fháil in aonad gortuithe.
Mura féidir leo cabhrú leat le fadhb, díreoidh siad thú chuig an áit ar féidir leat an chabhair cheart a fháil.
Déanann aonaid gortuithe plé le:
- cnámha briste agus leontaí, ón nglúin síos chuig méara coise
- cnámha briste agus leontaí, ón dealrachán síos chuig barr na méar
- mionghortuithe aghaidhe (lena n-áirítear gortuithe béil, fiacla agus sróine)
- mionghortuithe scallta agus miondónna
- créachtaí, greamanna, gearrthacha, scríobthaí agus stolltaí (greamanna) plaite
- easpaí agus neascóidí beaga
- scealpóga agus duáin
- rudaí i bhfostú sna súile, sna cluasa nó sa tsrón
- mionghortuithe cinn (othair a bhfuil lánmhothú iontu, nár chaill an mothú ná nár chuir aníos tar éis an ghortaithe cinn)
Non-urgent advice:Déan teagmháil le dochtúir teaghlaigh:
- má tá tú breoite agus siomptóim eile ort
Déan teagmháil le seirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de ghnáthuaireanta má tá clinic do dhochtúra teaghlaigh dúnta.
Cuidíonn do chuid aiseolais linn an leathanach seo a fheabhsú. Ní thugaimid freagra ar thráchtanna.
Ná scríobh faisnéis phearsanta.
Déan teagmháil le HSE Live má bhíonn ceist agat nó má theastaíonn faisnéis maidir le seirbhísí FSS uait. Déan teagmháil le Do Sheirbhís, Do Thuairim má tá aiseolas agat maidir lenár seirbhísí.