Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

An fáth a n-iarraimid faisnéis áirithe - Treoir úsáideora maidir le clárú ar líne le haghaidh vacsaín in aghaidh COVID-19

Iarraimid faisnéis ort nuair a chláraíonn tú le haghaidh do vacsaíne in aghaidh COVID-19 le:

  • do thaifead vacsaínithe a chruthú
  • tú a chur lenár gcóras sceidealaithe coinní
  • sonraí maidir le coinní a sheoladh chugat
  • a chinntiú go bhfuil a fhios againn cé thú féin trí thagairt do d'Aitheantóir Aonair Sláinte
  • tuairisciú sláinte poiblí a dhéanamh

Uimhir PSP

Teastaíonn d'uimhir PSP uainn le do chlárúchán vacsaínithe a shannadh do d'Aitheantóir Aonair Sláinte. Is é d'Aitheantóir Aonair Sláinte an uimhir atá ar na taifid sláinte go léir atá agat cheana.

Ciallaíonn sé seo gur féidir linn tú a aithint i gceart nuair a thiocfaidh tú isteach le do vacsaín a fháil.

Seoladh ríomhphoist

Iarraimid do sheoladh ríomhphoist ort ionas gur féidir linn nasc fíoraithe a sheoladh i ríomhphost chugat. Cabhraíonn sé sin linn do sheoladh ríomhphoist a fhíorú roimh duit clárú agus an córas a choinneáil slán, leis.

Uimhir fóin póca

Iarraimid d'uimhir fóin póca ort ionas gur féidir linn cód 5 dhigit a sheoladh chugat roimh duit clárú. Cabhraíonn sé sin linn d'uimhir fóin póca a fhíorú roimh duit clárú agus an córas a choinneáil slán, leis.

Úsáidimid d'uimhir fóin póca freisin le sonraí maidir le coinní a sheoladh chugat trí theachtaireacht téacs agus tú a ullmhú do do vacsaíniú.

Éirchód

Úsáidimid d'éirchód le coinne a dhéanamh duit ag an ionad vacsaínithe is gaire duit.

Náisiúntacht

Iarraimid do náisiúntacht ort le cabhrú linn do chlárúchán vacsaínithe a shannadh do d'Aitheantóir Aonair Sláinte. Is é d'Aitheantóir Aonair Sláinte an uimhir atá ar na taifid sláinte go léir atá agat cheana.

Ciallaíonn sé seo gur féidir linn tú a aithint i gceart nuair a thiocfaidh tú isteach le do vacsaín a fháil.

Cúlra eitneach

Iarraimid do chúlra eitneach le cabhrú linn le tuairisciú sláinte poiblí. 

Ná bíodh drogall ort "B'fhearr liom gan a rá" a roghnú dá mb'fhearr leat gan an cheist a fhreagairt.

DOCHTÚIR TEAGHLAIGH

Iarraimid sonraí do dhochtúra teaghlaigh ort ionas gur féidir linn é nó í a choinneáil ar an eolas faoi do vacsaíniú in aghaidh COVID-19.

Inscne

Iarraimid ort d'inscne mar atá sé ar do phas, do chárta leighis nó do chárta aoise náisiúnta ionas gur féidir linn do chlárúchán a shannadh do d'Aitheantóir Aonair Sláinte.

Is é d'Aitheantóir Aonair Sláinte an uimhir atá ar na taifid sláinte go léir atá agat cheana. 

Tuigimid go mb'fhéidir nach mbeadh sé ag teacht le d'inscne reatha nó leis an gcaoi a ndéanann tú cur síos ort féin ach tá sé tábhachtach go mbeimis in ann tú a aithint i gceart nuair a thiocfaidh tú isteach le do vacsaín a fháil.

Beartas cosanta sonraí

Leis an vacsaín in aghaidh COVID-19 a thabhairt duit, ní mór dúinn roinnt faisnéis phearsanta maidir leat a bhailiú agus a phróiseáil. 

Ní choinnítear taifead ach ar shonraí riachtanacha. Ní bhailímid ach an fhaisnéis a theastaíonn uainn chun tú a aithint, do choinne a dhéanamh, vacsaíniú a dhéanamh ort go slán sábháilte, a thaifeadadh go bhfuil tú vacsaínithe agus monatóireacht a dhéanamh ar an gclár vacsaínithe.

Léigh ár mbeartas cosanta sonraí maidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19

Nuashonrú deireanach: 28 Aibreán 2021 ag 3:30 i.n.