Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Fo-iarmhairtí agus sábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Amhail gach cógas, is féidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a bheith ina gcúis le fo-iarmhairtí. Bíonn an chuid is mó acu sin éadrom nó measartha, agus ní mhaireann siad i bhfad. Ní thagann fo-iarmhairtí ar gach duine.

Má tá imní ort faoi fho-iarmhairtí, cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh le comhairle a fháil.

Ní fheictear fo-iarmhairtí tromchúiseacha, amhail frithghníomhú trom ailléirgeach, ach go han-annamh. Tá oiliúint curtha ar do vacsaíneoir le cóir leighis a chur ar othair atá buailte ag frithghníomhuithe ailléirgeacha den sórt sin.

Fiabhras tar éis vacsaíní in aghaidh COVID-19

Tagann fiabhras (teocht 38 céim Celsius nó os a chionn) ar dhaoine go measartha minic tar éis dóibh vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil. Is iondúil go dtarlaíonn sé laistigh de 48 uair an chloig tar éis an vacsaín a fháil.

Má airíonn tú míchompordach, tóg paraicéiteamól nó iobúpróifein de réir na dtreoracha ar an mbosca nó ar an mbileog eolais.

Teanndáileoga

Tá roinnt dáileog de vacsaíní in aghaidh COVID-19 tugtha in an-chuid tíortha. Níl aon fho-iarmhairtí gan choinne tagtha chun cinn i measc na ndaoine a fuair ní ba mhó ná teanndáileog amháin.

Vacsaíní oiriúnaithe mRNA

Táimid ag súil go mbeidh fo-iarmhairtí na vacsaíní oiriúnaithe (défhiúsach) nach mór mar an gcéanna le vacsaíní Pfizer/BioNTech agus Moderna in aghaidh COVID-19 roimhe seo.

Leanfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach uirthi ag déanamh monatóireacht ar shábháilteacht na vacsaíní.

Má bhí anaifiolacsas (frithghníomhú trom ailléirgeach) ort i leith Trometamol, níor cheart duit na vacsaíní oiriúnaithe mRNA a fháil.

Fo-iarmhairtí na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Leagtha amach thíos tá fo-iarmhairtí na vacsaíní in aghaidh COVID-19 a úsáidtear in Éirinn.

Fo-iarmhairtí vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19

Tugtar Comirnaty ar vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19.

Pfizer/BioNTech - fo-iarmhairtí an-choitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí an-choitianta a bheith ar ní ba mhó ná duine amháin as gach deichniúr.

Ina measc tá:

  • frithireacht nó at sa ghéag láimhe inar tugadh an vacsaín duit
  • tuirse
  • tinneas cinn
  • pian sna matáin
  • pian sna hailt
  • buinneach
  • fiabhras (teocht 38 céim Celsius nó os a chionn)
  • crithfhuacht

I gcás leanaí atá idir 6 mhí agus 23 mí d’aois:

  • cantal
  • codlatacht
  • deirge sa ghéag láimhe ar ar tugadh an vacsaín dóibh

I gcás leanaí atá idir 6 mhí agus faoi bhun 2 bhliain d’aois, áirítear leo sin:

  • goile laghdaithe
Pfizer/BioNTech - fo-iarmhairtí coitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí coitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach deichniúr.

Ina measc tá:

  • samhnas
  • urlacan
  • deirge ar do ghéag láimhe san áit ar tugadh an vacsaín duit

I gcás leanaí atá idir 6 mhí agus faoi bhun 2 bhliain d’aois, áirítear leo sin:

  • gríos craicinn
Pfizer/BioNTech - fo-iarmhairtí neamhchoitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí neamhchoitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach 100.

Ina measc tá:

  • tochas san áit ar tugadh an vacsaín
  • tochas ginearálta
  • gríos craicinn
  • at na bhfaireog limfe - rud is minice a fheictear tar éis teanndáileoige
  • deacracht dul a chodladh
  • allas iomarcach
  • allas oíche
  • goile laghdaithe
  • marbhántacht, aistéine (easpa fuinnimh) agus meath-thinneas (gan a bheith istigh leat féin)
  • pian sa ghéag láimhe san áit ar tugadh an vacsaín duit
  • meadhrán
Pfizer/BioNTech - fo-iarmhairtí annamha

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí annamha a theacht ar suas le duine amháin as gach 1,000.

Ina measc tá:

  • frithghníomhú ailléirgeach a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le haodh thochais nó le hat san aghaidh
  • laige sna matáin ar thaobh amháin den aghaidh (a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le cromadh sealadach na haghaidhe)
Pfizer/BioNTech - fo-iarmhairtí an-annamh

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí an-annamh a theacht ar suas le duine amháin as gach 10,000.

Ina measc tá:

  • an miócairdíteas
  • an peireacairdíteas

Is riochtaí athlastacha croí iad an miócairdíteas agus an peireacairdíteas. Is mó seans go bhfeicfear na riochtaí seo tar éis an dara dáileog. Chonacthas iad laistigh de 14 lá tar éis an vacsaín a fháil i bhformhór na gcásanna.

Tá baol na riochtaí an-annamh seo níos airde i measc fir óga.

Rinneadh baol an mhiócairdítis a mheas i gcás na bhfear tar éis an dara dáileog den vacsaín in dhá staidéar Eorpacha:

  • Aon chás breise amháin do gach 38,000 fear idir 12 agus 29 bliain d'aois (laistigh de 7 lá)
  • Aon chás breise amháin do gach 17,500 fear idir 16 agus 24 bliain d'aois (laistigh de 28 lá)

Ní fios go fóill cén riosca a bhaineann le teanndáileog ó thaobh an mhiócairdítis agus fo-iarmhairtí annamha eile de.

Siomptóim an mhiócairdítis agus an pheireacairdítis

Faigh cabhair leighis ar bhonn práinne má thagann aon cheann de na siomptóim seo ort sna seachtainí tar éis vacsaín Pfizer/BioNTech a fháil:

  • giorra anála
  • éirí croí (buille láidir croí a d'fhéadfadh a bheith neamhrialta)
  • pian sa chliabhrach

D’fhéadfadh sé go mbeadh comharthaí an mhiócairdítis ní ba ghinearálta i gcás leanaí atá níos óige, lena n-áirítear:

  • cantal
  • urlacan
  • deacrachtaí beathaithe
  • análú éadrom tapa
  • tuirse
Pfizer/BioNTech - fo-iarmhairtí fíorannamha.

Ní fios go fóill cé mhéad duine a bhféadfadh fo-iarmhairtí fíorannamha a theacht orthu. Ní leor na sonraí atá ar fáil faoi láthair.

Ina measc tá:

  • at fairsing sa ghéag láimhe ina bhfuarthas an vacsaín
  • griofadach nó drithlíní, nó cailliúint mothaithe i gcuid den chorp
  • at aghaidhe i ndaoine a bhfuil líontóirí aghaidhe acu
  • frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas)
  • eiritéime ilfhoirmeach - frithghníomhú craicinn a bhíonn ina chúis le spotaí nó baill dhearga ar an gcraiceann. D'fhéadfadh cuma shúil na sprice a bheith ar na baill seo in amanna, iad dúdhearg sa lár agus fáinní dearga níos éadroime timpeall orthu
  • fuiliú trom míosta (an fhuil mhíosta/na cúrsaí)
Daoine nár cheart dóibh vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19 a fháil

Is féidir le formhór na ndaoine vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19 a fháil go slán sábháilte.

Bíodh sin mar atá, ní mholtar an vacsaín áirithe seo:

  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach agat roimhe seo i leith aon cheann de chomhábhair na vacsaíne - gliocól poileitiléine nó PEG ina measc
  • má d'inis dochtúir duit gan an vacsaín seo ná vacsaín Moderna a fháil - vacsaíní mRNA iad an dá cheann acu
  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach agat tar éis dáileog eile den vacsaín seo nó de vacsaín Moderna
  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach agat i leith Trometamol (ceann de na hábhair atá i ruaim chodarsnach a úsáidtear i staidéir raideolaíocha ÍAM)

Labhair le do dhochtúir sula bhfaighidh tú an vacsaín seo:

  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas) agat tráth, lena n-áirítear frithghníomhú trom ailléirgeach i leith vacsaín nó cógas eile
  • má tháinig an miócairdíteas nó an peireacairdíteas (athlasadh mhatán an chroí) air nó uirthi tar éis dáileog eile de cheann ar bith de na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Comhábhair Vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19

Níl uibheacha, leasaithigh ná laitéis i vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chomhábhair na vacsaíne ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.

Vacsaín Comirnaty (Pfizer/BioNTech) in aghaidh COVID-19 - ema.europa.eu

Fo-iarmhairtí vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19

Tugtar Spikevax ar vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19.

Moderna - fo-iarmhairtí an-choitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí an-choitianta a bheith ar ní ba mhó ná duine amháin as gach deichniúr.

Ina measc tá:

  • tuirse
  • frithireacht nó at san áit a bhfuarthas an vacsaín
  • tinneas cinn
  • faireoga limfe ata faoi bhun na géige láimhe ina bhfuarthas an vacsaín
  • pian sna matáin
  • pian sna hailt
  • samhnas nó urlacan
  • fiabhras (teocht 38 céim Celsius nó os a chionn)
  • crithfhuacht
Moderna - fo-iarmhairtí coitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí coitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach deichniúr.

Ina measc tá:

  • buinneach
  • gríos
  • gríos, deirge nó aodh thochais san áit ar tugadh an t-instealladh
  • frithghníomhú san áit ar tugadh an t-instealladh cúpla lá ina dhiaidh
Moderna - fo-iarmhairtí neamhchoitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí neamhchoitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach 100.

Ina measc tá:

  • tochas san áit ar tugadh an t-instealladh vacsaíne
  • meadhrán
Moderna - fo-iarmhairtí annamha

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí annamha a theacht ar suas le duine amháin as gach 1,000.

Ina measc tá:

  • Pairilis Bell - laige sna matáin ar thaobh amháin den aghaidh (a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le cromadh sealadach na haghaidhe)
  • at aghaidhe - d'fhéadfadh sé go dtarlódh sé seo i ndaoine a bhfuil líontóirí aghaidhe acu
  • tadhall laghdaithe nó mothú laghdaithe i gcuid den chorp
Moderna - fo-iarmhairtí an-annamh

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí an-annamh a theacht ar suas le duine amháin as gach 10,000.

Ina measc tá:

  • an miócairdíteas
  • an peireacairdíteas

Is riochtaí athlastacha croí iad an miócairdíteas agus an peireacairdíteas.

Tá baol na riochtaí an-annamh seo níos airde i measc fir óga.

Is mó seans go dtarlóidh na riochtaí seo tar éis an dara dáileog agus tarlaíonn siad laistigh de 14 lá tar éis an vacsaín a fháil den chuid is mó.

Rinneadh baol an mhiócairdítis tar éis an dara dáileog den vacsaín a mheas in dhá staidéar Eorpacha:

  • Aon chás breise amháin do gach 7,600 fear idir 12 agus 29 bliain d'aois (laistigh de 7 lá)
  • Aon chás breise amháin do gach 5,320 fear idir 16 bliana agus 24 bliain d'aois (laistigh de 28 lá)

Níl aon ní gearrthéarmach gan choinne is údar imní ó thaobh sábháilteachta de tagtha chun cinn maidir leis an gcéad dáileog ná an dara dáileog de na vacsaíní mRNA. Is cosúil go bhfuil an riosca i bhfad níos ísle tar éis teanndáileog amháin a fháil. Níl fáil go fóill ar an oiread céanna sonraí maidir leis an dara teanndáileog, ach níl aon ní is údar imní ó thaobh sábháilteachta de tagtha chun cinn sa réamhaisnéis atá ag teacht isteach ó Iosrael.

Siomptóim an mhiócairdítis agus an pheireacairdítis

Faigh cabhair leighis ar bhonn práinne má thagann aon cheann de na siomptóim seo ort sna seachtainí tar éis vacsaín Moderna a fháil:

  • giorra anála
  • éirí croí (buille láidir croí a d'fhéadfadh a bheith neamhrialta)
  • pian sa chliabhrach

Fo-iarmhairtí fíorannamha.

Ní fios go fóill cé mhéad duine a bhféadfadh fo-iarmhairtí fíorannamha a theacht orthu. Ní leor na sonraí atá ar fáil faoi láthair.

Ina measc tá:

  • eiritéime ilfhoirmeach - frithghníomhú craicinn a bhíonn ina chúis le spotaí nó baill dhearga ar an gcraiceann. D'fhéadfadh cuma shúil na sprice a bheith ar na baill seo in amanna, iad dúdhearg sa lár agus fáinní dearga níos éadroime timpeall orthu
  • frithghníomhuithe hipiríogaireachta (freagairt mhéadaithe ón gcóras imdhíonachta nach bhfuil ag teastáil)
  • frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas)
  • ráigeanna den siondróm sceite ribeadán
  • at fairsing sa ghéag láimhe ina bhfuarthas an vacsaín

Siomptóim an tsiondróim sceite ribeadán

Bíonn an siondróm sceite ribeadán ina chúis le sceitheadh sreabháin ó fhuileadáin bheaga. D'fhéadfadh riosca a bheith ann go dtiocfadh ráigeanna orthu siúd a raibh an siondróm sceite ribeadán orthu roimhe seo. Cé go bhfuil riosca an reachta seo an-íseal go deo, ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi na comharthaí le bheith ag faire amach dóibh.

Faigh cabhair leighis ar bhonn práinne má thagann aon cheann de na siomptóim seo ort tar éis vacsaín Moderna a fháil:

  • at tapa na ngéag (lámha agus cosa)
  • meáchan a chur suas go tobann

D'fhéadfá mothú lag chomh maith de dheasca brú íseal fola.

Is gnách gur thuairiscigh daoine siondróm sceite ribeadán sa chéad chúpla lá tar éis an vacsaín seo a fháil. Bí ag faire amach do na siomptóim seo sna laethanta tar éis do vacsaínithe.

Daoine nár cheart dóibh vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19 a fháil

In Éirinn, ní mholtar vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19 ach do dhaoine fásta atá 30 bliain d’aois agus os a chionn.

Má tá tú faoi bhun 30 bliain d'aois agus má fuair tú vacsaín Moderna roimhe seo, ba cheart duit vacsaín Pfizer/BioNTech a fháil as seo amach.

Ní mholtar vacsaín Moderna i gcás go raibh frithghníomhú trom ailléirgeach agat i leith:

  • aon cheann de chomhábhair na vacsaíne seo - gliocól poileitiléine nó PEG ina measc
  • Trometamol - comhábhar i ruaim chodarsnach a úsáidtear sa scanadh raideolaíocha ÍAM

Níor cheart duit an vacsaín áirithe seo a fháil:

  • má d'inis dochtúir duit gan an vacsaín seo ná vacsaín Pfizer/BioNTech in aghaidh COVID-19 a fháil - vacsaíní mRNA iad an dá cheann acu

Labhair le do dhochtúir sula bhfaighidh tú an vacsaín seo:

  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas) agat tráth, lena n-áirítear frithghníomhú trom ailléirgeach i leith vacsaín nó cógas eile
  • má bhí an siondróm sceite ribeadán ort roimhe seo
  • má tháinig an miócairdíteas nó an peireacairdíteas (athlasadh mhatán an chroí) air nó uirthi tar éis dáileog eile de cheann ar bith de na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Comhábhair Vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19

Níl uibheacha, leasaithigh ná laitéis i vacsaín Moderna in aghaidh COVID-19.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chomhábhair na vacsaíne ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.

Vacsaín Moderna (Spikevax) in aghaidh COVID-19 - ema.europa.eu

Fo-iarmhairtí vacsaín Novavax in aghaidh COVID-19

Tugtar Nuvaxovid ar vacsaín Novavax in aghaidh COVID-19.

Novavax - fo-iarmhairtí an-choitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí an-choitianta a bheith ar ní ba mhó ná duine amháin as gach deichniúr.

Ina measc tá:

  • tuirse
  • mothú tinn go ginearálta
  • tinneas cinn
  • samhnas nó urlacan
  • pian sna matáin
  • pian sna hailt
  • frithireacht nó pian sa ghéag láimhe ar ar tugadh an t-instealladh vacsaíne
Novavax - fo-iarmhairtí coitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí coitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach deichniúr.

Ina measc tá:

  • fiabhras (teocht 38 céim Celsius nó os a chionn)
  • crithfhuacht
  • pian i mbarr na mball coirp (géag láimhe, lámh, géag choise nó cos)
  • baill dhearga nó at san áit ar tugadh an vacsaín
Novavax - fo-iarmhairtí neamhchoitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí neamhchoitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach 100.

Ina measc tá:

  • at na bhfaireog limfe
  • brú ard fola a mhaireann cúpla lá tar éis na vacsaíne
  • gríos craicinn
  • deirge craicinn
  • tochas ginearálta
  • tochas san áit ar tugadh an vacsaín
  • aodh thochais

Is minice a fheictear cuid de na fo-iarmhairtí tar éis an dara dáileog.

Novavax - fo-iarmhairtí fíorannamha.

Ní fios go fóill cé mhéad duine a bhféadfadh fo-iarmhairtí fíorannamha a theacht orthu. Ní leor na sonraí atá ar fáil faoi láthair.

I measc na bhfo-iarmhairtí fíorannamha tá:

  • griofadach nó drithlíní
  • cailliúint mothaithe i gcodanna áirithe den chorp
  • an miócairdíteas agus an peireacairdíteas

Siomptóim an mhiócairdítis agus an pheireacairdítis 

Is riochtaí athlastacha croí iad an miócairdíteas agus an peireacairdíteas. Cé go bhfuil riosca na riochtaí seo an-íseal, ba chóir duit a bheith ar an eolas faoi na comharthaí le bheith ag faire amach dóibh. 

Tagann na riochtaí seo chun chinn cúpla lá tar éis dul faoi vacsaíniú. Chonacthas laistigh de 14 lá iad i bhformhór na gcásanna.

Faigh cabhair leighis má thagann aon cheann de na siomptóim seo ort tar éis an vacsaín seo a fháil:

  • giorra anála
  • éirí croí (buille láidir croí a d'fhéadfadh a bheith neamhrialta)
  • pian sa chliabhrach
Daoine nár cheart dóibh vacsaín Novavax in aghaidh COVID-19 a fháil

Is féidir le formhór na ndaoine atá 12 bhliain d'aois agus os a chionn vacsaín Novavax in aghaidh COVID-19 (Nuvaxovid) a fháil go slán sábháilte.

Ní mholtar an vacsaín seo i gcás go raibh frithghníomhú trom ailléirgeach agat i leith:

  • dáileog eile den vacsaín
  • aon cheann de chomhábhair na vacsaíne (polasorbáit 80 ina measc)

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi chomhábhair na vacsaíne ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.

Labhair le do dhochtúir sula bhfaighidh tú vacsaín in aghaidh COVID-19:

  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas) agat tráth, lena n-áirítear frithghníomhú trom ailléirgeach i leith vacsaín nó cógas eile
  • má tháinig an miócairdíteas nó an peireacairdíteas (athlasadh mhatán an chroí) air nó uirthi tar éis dáileog eile de cheann ar bith de na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Vacsaín Nuvaxovid in aghaidh COVID-19 - ema.europa.eu

Fo-iarmhairtí vacsaín Vidprevtyn Beta in aghaidh COVID-19

Tá vacsaín Vidprevtyn Beta in aghaidh COVID-19 ar fáil mar theanndáileog do dhaoine atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn.

Vidprevtyn Beta - fo-iarmhairtí an-choitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí an-choitianta a bheith ar ní ba mhó ná duine amháin as gach deichniúr.

Ina measc tá:

  • pian san áit ar tugadh an t-instealladh duit
  • tinneas cinn
  • pian sna matáin
  • pian sna hailt
  • mothú tinn go ginearálta
  • crithfhuacht
Vidprevtyn Beta - fo-iarmhairtí coitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí coitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach deichniúr.

Ina measc tá:

  • deirge nó at san áit ar tugadh an t-instealladh
  • fiabhras (teocht 38 céim Celsius nó os a chionn)
  • tuirse
  • samhnas
  • buinneach
Vidprevtyn Beta - fo-iarmhairtí neamhchoitianta

D'fhéadfadh fo-iarmhairtí neamhchoitianta a theacht ar suas le duine amháin as gach 100.

Ina measc tá:

  • tochas san áit ar tugadh an t-instealladh duit
  • baill ghorma san áit ar tugadh an t-instealladh duit
  • teas san áit ar tugadh an t-instealladh duit
  • at na bhfaireog limfe
Daoine nár cheart dóibh vacsaín Vidprevtyn Beta in aghaidh COVID-19 a fháil

Níor cheart duit vacsaín Vidprevtyn Beta in aghaidh COVID-19 a fháil má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas) ort i leith:

  • dáileog eile den vacsaín seo
  • aon cheann de chomhábhair na vacsaíne (polasorbáit 20 nó eatocsaláit ochtailfeanóil, cuir i gcás)

Tá tuilleadh eolais faoi chomhábhair na vacsaíne ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí.

Vacsaín Vidprevtyn Beta in aghaidh COVID-19 - ema.europa.eu

Labhair le do dhochtúir sula bhfaighidh tú an vacsaín seo in aghaidh COVID-19:

  • má bhí frithghníomhú trom ailléirgeach (anaifiolacsas) agat roimhe seo, lena n-áirítear frithghníomhú trom ailléirgeach i leith vacsaín nó cógas eile

Fo-iarmhairtí vacsaín Janssen in aghaidh COVID-19

Tugtar Jcovden ar vacsaín Janssen in aghaidh COVID-19. Níl fáil ar an vacsaín seo in Éirinn faoi láthair.

liosta d’fho-iarmhairtí vacsaín Janssen (Jcovden) le fáil ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí - ema.europa.eu

Fo-iarmhairtí vacsaín AstraZeneca in aghaidh COVID-19

Tugtar Vaxzevria ar vacsaín AstraZeneca in aghaidh COVID-19. Níl fáil ar an vacsaín seo in Éirinn faoi láthair.

liosta d’fho-iarmhairtí vacsaín AstraZeneca (Vaxzevria) le fáil ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí - ema.europa.eu

Fo-iarmhairtí vacsaíní in aghaidh COVID-19 a thuairisciú

Mar is amhlaidh i gcás gach vacsaíne, is féidir leat fo-iarmhairtí amhrasta a thuairisciú don Údarás Rialála Táirgí Sláinte.

Tuairiscigh frithghníomhartha díobhálacha tar éis vacsaín in aghaidh COVID-19 - hpra.ie

Má tá tú le fo-iarmhairt a thuairisciú don Údarás

Tabhair an oiread faisnéise agus is féidir. Luaigh baiscuimhir na vacsaíne má tá sí agat. Is ar do chárta taifid vacsaíne a thiocfaidh tú ar an uimhir sin. Is féidir leat iarraidh ar do dhochtúir nó ar bhall teaghlaigh fo-iarmhairt a thuairisciú thar do cheann freisin.

Ní féidir leis an Údarás comhairle chliniciúil a chur ar fáil maidir le cásanna ar leith. Labhair le do dhochtúir nó le do chógaiseoir má bhíonn aon cheist leighis agat.

Sábháilteacht na vacsaíní in aghaidh COVID-19

Déantar tástáil ar gach vacsaín lena chinntiú go bhfuil sí slán sábháilte agus go n-oibríonn sí i gceart sular féidir í a úsáid. Ní úsáideann FSS vacsaín ach amháin má chomhlíonann sí na caighdeáin riachtanacha ó thaobh sábháilteachta agus éifeachtachta de.

Is féidir le formhór na ndaoine ceann ar bith de na vacsaíní in aghaidh COVID-19 a fháil, ach tá daoine ann nach dtairgfear ach vacsaíní áirithe dóibh. Ní mholtar Vacsaín Moderna ach do dhaoine fásta atá 30 bliain d'aois agus os a chionn, cuir i gcás.

Tairgfear duit an vacsaín is fearr a oireann duit.

Vacsaín Mpox

Mar bheart réamhchúraim, má fuair tú vacsaín Mpox le déanaí, fan go ceann 4 seachtaine roimh vacsaín Pfizer, Moderna nó Novavax in aghaidh COVID-19 a fháil. Beart réamhchúraim is ea é seo toisc nach eol an bhfuil baol miócairdítis ann.

Tuilleadh eolais:


This content was fact checked by vaccine experts working in Ireland.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 30 Bealtaine 2023