Is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an láithreán gréasáin seo agus is ise a dhéanann é a reáchtáil.
Is féidir leat rochtain a fháil ar an gcuid is mó de HSE.ie gan do chuid sonraí pearsanta a thabhairt. Beidh ort cuid de do shonraí pearsanta a chur ar fáil nuair a iarrann tú seirbhísí ar an láithreán gréasáin.
Caithimid dúthracht le do phríobháid a chosaint agus táimid dáiríre faoi shlándáil do chuid faisnéise. Tá sé mar aidhm againn a bheith soiléir agus trédhearcach faoin bhfaisnéis a bhailímid fút agus faoin gcaoi a n-úsáidfimid an fhaisnéis sin.
Déantar plé sa ráiteas seo le:
- ról an rialaitheora sonraí agus an oifigigh cosanta sonraí (DPO)
- na sonraí pearsanta a bhailímid
- cad chuige a n-úsáidimid do shonraí pearsanta
- cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta
- na daoine a mbeidh rochtain acu ar do shonraí pearsanta
- fianáin ar láithreán gréasáin FSS
- aistriú sonraí pearsanta
- do chearta
- cén chaoi gearán a dhéanamh
An rialaitheoir sonraí
Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an rialaitheoir sonraí i leith na sonraí pearsanta go léir a bhailíonn agus a úsáideann an láithreán gréasáin seo. Is éard is rialaitheoir sonraí ann ná an t-eintiteas dlíthiúil a chinneann cén chaoi agus cén fáth a mbailítear agus a n-úsáidtear sonraí pearsanta.
Tá ár gceannáras suite ag:
Ospidéal an Dr. Steevens
Lána Steevens
Baile Átha Cliath 8
D08 W2A8
Oifigeach cosanta sonraí (DPO)
Déanann an DPO maoirseacht ar an gcaoi a bhfuil ag éirí le FSS an dlí cosanta sonraí a chomhlíonadh.
Sonraí teagmhála an oifigigh cosanta sonraí
Céard iad na sonraí pearsanta a bhailímid?
Is éard is sonraí pearsanta ann ná aon fhaisnéis a bhaineann leat a d'fhéadfaimis a úsáid le tú a aithint. Mar shampla, d’ainm, do sheoladh, d’uimhir theileafóin agus do sheoladh ríomhphoist.
Más mian leat rochtain a fháil ar sheirbhísí FSS, beidh orainn do chuid sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil.
Seo a leanas roinnt samplaí de sheirbhísí FSS:
- cur isteach ar chárta leighis
- coinne a dhéanamh le vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil
- an tseirbhís comhrá a úsáid
- gearán a dhéanamh le ‘Do Sheirbhís, Do Thuairim’
- clárú le haghaidh nuachtlitreach
Tabharfar duit faisnéis níos mionsonraithe maidir le próiseáil sonraí nuair a úsáideann tú ár seirbhísí.
Fógra príobháide FSS d’othair agus d’úsáideoirí seirbhíse (PDF, 650KB, 10 leathanach)
Féadfaimid na nithe seo a leanas a bhailiú agus a úsáid:
- d’ainm agus do sheoladh
- do shonraí teagmhála
- d’aitheantóir aonair sláinte (IHI)
- d’uimhir phearsanta seirbhíse poiblí (uimhir PSP, nó PPS number i mBéarla)
- do dháta breithe, d’inscne, ainm breithe iomlán do mháthar
- do sheoladh IP
- sonraí a thugann tú agus tú ag clárú le haghaidh cláir nó nuachtlitreach
- faisnéis faoi ghearán a rinne tú
- faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú an láithreán gréasáin
- faisnéis faoin áit a bhfuil tú – más rogha leat é, féadfar an fhaisnéis sin a roinnt le Google agus tá tuilleadh eolais maidir leis sin ar fáil i dTéarmaí Úsáide agus i mBeartas Príobháide Google.
Déanfaimid plé le haon sonraí a roinnfidh tú linn de réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS). Is iondúil go ndéanaimid do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil mar sholáthraí seirbhísí sláinte ar leas an phobail. Baineann sé sin le sonraí pearsanta ginearálta, chomh maith le haon chatagóirí speisialta sonraí pearsanta. I gcás go bhfuiltear chun bonn dlí eile a úsáid, cuirfear é sin ar do shúile duit nuair a iarraimid do chuid sonraí pearsanta ort.
Cad chuige a n-úsáidimid do shonraí pearsanta?
Aon sonraí pearsanta a bhailímid uait ar an láithreán gréasáin seo, ní úsáidfear iad ach amháin chun na gcríoch seo a leanas:
- eispéireas úsáideora níos fearr a thabhairt duit
- ár láithreán gréasáin a choinneáil slán
- anailís a dhéanamh ar thrácht cuairteoirí agus ar an gcaoi a n-úsáideann daoine ár láithreán gréasáin
- nuachtlitreacha agus fógraí faisnéise maidir le feachtais agus promóisin sláinte a chur chugat
- d’aiseolas a fháil maidir leis an láithreán gréasáin
- gearán a phróiseáil
Ní bhainfimid úsáid as na sonraí a bhailímid fút chun críoch ar bith eile gan do thoiliú a iarraidh ort ar dtús.
Féadfaimid sonraí gan ainm a úsáid chun ár seirbhísí a anailísiú, a phleanáil agus a fheabhsú. Féadfaimid gníomhaíocht ar an láithreán gréasáin a rianú freisin, mar shampla, nuair a éiríonn cuairteoirí as an láithreán gréasáin a úsáid.
Úsáidimid do sheoladh IP chun críocha slándála ar an láithreáin ghréasáin agus coinnímid scartha ó na sonraí eile é. Ní bhailímid seoltaí IP chun críocha anailíse. Bailímid sonraí anailíse láithreáin gréasáin, iad gan ainm agus comhiomlánaithe.
Is féidir leat do thoiliú le fianáin anailíse a tharraingt siar ag am ar bith ar leathanach na roghanna fianán.
Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta?
Ní choinneoimid do shonraí pearsanta ach chomh fada agus is gá chun an cuspóir dá bhfuil siad á bpróiseáil a chomhlíonadh. Coinnítear na sonraí pearsanta go léir a bhailítear de réir Bheartas Coinneála Taifead FSS.
Nuair nach mbeidh do shonraí pearsanta de dhíth ar FSS a thuilleadh, déanfaimid iad a scriosadh nó a mhilleadh ar bhealach slán.
Cé hiad na daoine a mbeidh rochtain acu ar do shonraí pearsanta?
Ní bheidh rochtain ach ag baill foirne, gníomhairí agus soláthraithe FSS a bhfuil baint dhíreach acu leis na seirbhísí a iarrann tú ar láithreán gréasáin FSS ar do chuid sonraí pearsanta.
Maidir leis na baill foirne, gníomhairí agus soláthraithe ar fad de chuid FSS a bhfuil rochtain acu ar shonraí pearsanta, tá siad siúd faoi cheangal FSS trí bhíthin comhaontuithe um rúndacht agus um chosaint sonraí. Ní mór dóibh do chuid sonraí pearsanta a choinneáil slán agus gan iad a úsáid ach amháin chun na gcríoch a shonraíonn FSS.
Fianáin ar láithreán gréasáin FSS
Is comhaid bheaga iad fianáin a chruthaítear agus a shábháiltear ar d’fhón, ar do tháibléad nó ar do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Stóráiltear iontu faisnéis faoin gcaoi a n-úsáideann tú an láithreán gréasáin, amhail na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn tú leis an inneachar. Má úsáideann tú na cnaipí meán sóisialta ar ár láithreán gréasáin agus má cheadaíonn tú fianáin ó na comhlachtaí ar leosan na hardáin sin, baileoidh siadsan faisnéis fút.
Ní víris ná ríomhchláir atá sna fianáin. Bíonn siad an-bheag agus, mar sin, ní ghlacann siad mórán spáis.
Úsáideann seirbhísí comhrá ar HSE.ie fianáin chun go n-oibreoidh an tseirbhís i gceart. Fianáin anaithnide iad sin agus ní féidir leo tú a rianú agus tú ag úsáid láithreáin ghréasáin eile.
Aistriú sonraí
Úsáidimid uirlisí anailísíochta le faisnéis a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo. Áirítear do sheoladh IP le cuid den fhaisnéis sin, rud a mheastar a bheith ina shonra pearsanta. Úsáidimid seoltaí IP anaithnidithe don láithreán gréasáin seo. Ní féidir seoladh IP a úsáid le haon duine aonair a aithint.
Ní dhéanfaimid aon sonraí pearsanta eile a bhaineann leat a aistriú amach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE). Más gá dúinn do chuid sonraí pearsanta a aistriú amach as an LEE amach anseo, déanfaimid amhlaidh i gcomhréir le Caibidil 5 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Do chearta
Faoi chúinsí áirithe, tá na cearta seo a leanas agat de réir an dlí:
- an ceart rochtana – tá sé de cheart agat cóip den fhaisnéis atá againn fút a iarraidh
- an ceart go ndéanfaí ceartúcháin – tá sé de cheart agat sonraí míchruinne nó neamhiomlána atá againn fút a cheartú
- an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad – is féidir leat a iarraidh go scriosfaí na sonraí atá á gcoinneáil againn fút ónár dtaifid
- an ceart go gcuirfí srian le próiseáil – coinníollacha áirithe i gceist
- an ceart chun iniomparthacht sonraí – i gcás go bhfuil coinníollacha áirithe i bhfeidhm, tá sé de cheart agat na sonraí atá againn fút a aistriú chuig eagraíocht eile
- an ceart chun agóid a dhéanamh – tá sé de cheart agat agóid a dhéanamh i gcoinne cineálacha áirithe próiseála, amhail margaíocht dhíreach
- an ceart chun agóid a dhéanamh i gcoinne uathphróiseála, lena n-áirítear próifíliú – tá sé de cheart agat freisin a bheith faoi réir éifeachtaí dlíthiúla na huathphróiseála sonraí nó an phróifílithe
- an ceart go ndéanfaí athbhreithniú - i gcás go ndiúlfaimid do d’iarratas faoin gceart rochtana, inseoimid duit cén fáth a ndearnamar amhlaidh
- An ceart chun do thoiliú a tharraingt siar – i gcás gur thoiligh tú ríomhphost nó nuachtlitreacha a fháil, féadann tú do thoiliú a tharraingt siar am ar bith
Más mian leat aon cheann de na cearta sin a fheidhmiú:
Nuair a chuireann tú iarratas isteach, beidh orainn a dheimhniú cé thú féin. A luaithe a bheidh d’aitheantas deimhnithe againn, tabharfaimid do chuid faisnéise duit saor in aisce. Féadfaimid táille a ghearradh ort más léir gur iarratas gan bhunús, iomarcach nó atriallach é d’iarratas.
Gearán a dhéanamh
Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a bhfuil FSS ag próiseáil do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí FSS ag dpo@hse.ie.
Mura féidir linn do ghearán a réiteach, tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh go díreach lenár n-údarás maoirseachta, is é sin an Coimisiún um Chosaint Sonraí.