Fianáin ar láithreán gréasáin FSS
Is comhaid bheaga iad fianáin a chruthaítear agus a shábháiltear ar d’fhón, ar do tháibléad nó ar do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar láithreán gréasáin. Ní víris ná ríomhchláir atá sna fianáin. Bíonn siad an-bheag agus, mar sin, ní ghlacann siad mórán spáis.
Úsáidtear fianáin le go mbeidh an láithreán gréasáin ag feidhmiú, chun é a choinneáil slán, leis na roghanna a dhéanann tú a chur sa chuimhne agus chun faisnéis a stóráil faoin dóigh a n-úsáideann tú an láithreán gréasáin. D’fhéadfadh na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu agus an chaoi a mbíonn tú ag idirghníomhú leis an inneachar orthu a bheith i gceist san fhaisnéis sin.
Má úsáideann tú na cnaipí meán sóisialta ar ár láithreán gréasáin agus má cheadaíonn tú fianáin ó na comhlachtaí ar leosan na hardáin sin, baileoidh siadsan faisnéis fút. D’fhéadfadh cnaipí meán sóisialta a bheith ina nasc chuig físeán ar YouTube, Facebook, Twitter nó cainéil meán sóisialta eile.
An fhaisnéis a bhailíonn ár bhfianáin
Sonraí brabhsálaí i bhfianáin
Tugtar faisnéis dúinn leis seo maidir le:
- an t-am agus an dáta a raibh tú ar ár láithreán
- na leathanaigh ar amharc tú orthu, an méid ama a chaith tú leo agus an dóigh ar úsáid tú na leathanaigh
- na fianáin áirithe ar thug tú cead dúinn iad a úsáid
Sonraí gléis
Tugtar faisnéis dúinn leis seo maidir le:
- an cineál gléis atá á úsáid agat le rochtain a fháil ar an Idirlíon, fón póca, táibléad, ríomhaire glúine nó ríomhaire deisce, cuir i gcás
- an córas oibriúcháin atá á úsáid agat, Microsoft Windows, cuir i gcás
- cineál agus méid an scáileáin atá agat
- an leagan den bhrabhsálaí atá á úsáid agat, mar shampla, Chrome, Safari, Firefox
Sonraí logála
Is éard atá i gceist leis seo ná faisnéis faoi cén uair a d’úsáid tú an láithreán gréasáin, faoi cá fhad a bhí tú air agus faoinar chuardaigh tú lena aghaidh.
Sonraí suímh
Is éard atá i gceist leis seo ná an tír agus an contae ina raibh tú nuair a d’úsáid tú an láithreán gréasáin.
Sonraí Anailíseacha
Sonraí faoin gcaoi a n-úsáideann tú an láithreán gréasáin. A mhinice a thugann tú cuairt, mar shampla.
Seoltaí IP
Déantar seoltaí IP a phróiseáil i gcomhaid loga fhreastalaí FSS ar mhaithe le slándáil an láithreáin gréasáin. Tá ár n-uirlisí anailíseacha cumraithe againn chun seoltaí IP anaithnidithe a bhailiú nuair is féidir.
I gcásanna ina dtógann an uirlis anailíseach seoltaí IP, déantar iad sin a anaithnidiú nuair a bhailítear iad. Déantar iad a choinneáil agus a phróiseáil agus iad scartha ó na seoltaí IP a bhailítear ar mhaithe le slándáil an leathanaigh gréasáin.
Nuair a bhailímid an fhaisnéis, déanaimid í a chomhiomlánú agus sonraí pearsanta a bhaint chun ainm bréige a chur uirthi. Ciallaíonn sé sin nach féidir tú a aithint trí thagairt do na sonraí agus nach bhfuil a fhios againn cé thú féin. Ní dhéanaimid tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir leat ach amháin tar éis cead a fháil uait chuige sin ar dtús. Tá líon beag cásanna ann ina mbailímid an fhaisnéis chun ár leasanna dlisteanacha chun críocha shlándáil an láithreáin gréasáin.
Toiliú agus fianáin
Socraímid fianáin atá fíor-riachtanach go huathoibríoch. Níl do thoiliú ag teastáil uainn le hiad a úsáid. Ní féidir leat iad seo a athrú ná rogha a dhéanamh gan iad a úsáid toisc go bhfuil siad riachtanas má tá an láithreán gréasáin le feidhmiú i gceart.
Tá do thoiliú ag teastáil uainn le gach cineál eile fianáin a úsáid. Úsáidimid fianáin le do shainroghanna i dtaca le fianáin a shábháil.
Mairfidh an toiliú atá tugtha agat go ceann 6 mhí ón dáta deireanach ar thug tú é. Tar éis 6 mhí, iarrfaimid ort toiliú a thabhairt dúinn arís. Iarrfaimid é sin ort an chéad uair eile a úsáidfidh tú ár láithreán gréasáin ar an ngléas céanna.
Na cineálacha fianán a úsáidimid
Seo na cineálacha fianán a úsáidimid:
- fianáin atá fíor-riachtanach
- fianáin anailíseacha
- fianáin fheidhmiúla
- Fianáin a bhaineann le YouTube
- fianáin seisiúin
Fianáin seisiúin
Úsáidtear fianáin seisiúin ar an láithreán gréasáin seo. Úsáidtear fianáin seisiúin le bunfheidhmeanna láithreáin gréasáin a chur ar fáil. Mar shampla, ligean do leathanaigh cuimhneamh ar athruithe teicniúla nó ar roghnúcháin agus tú ag bogadh idir leathanaigh. An socrú teanga is fearr leat, Béarla nó Gaeilge, mar shampla. Is éard is fianáin seisiúin ann ná fianáin shealadacha is iondúil a scriostar nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí.
Cén chaoi ar féidir leat do shocruithe fianáin a rialú?
Níl roinnt fianán riachtanach, amhail iad siúd a úsáidtear le faisnéis a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann tú ár láithreán gréasáin. Ní úsáidfimid iad ach amháin má thugann tú toiliú dúinn iad a úsáid. Tá na socruithe maidir le fianáin le fáil ag bun leathanach baile FSS faoin teideal ‘Socruithe Fianán’.
Is cuma cé na roghanna fianán atá socraithe agat, ba cheart go mbeifeá in ann dul chuig gach leathanach ar ár láithreán gréasáin. Bíodh sin mar atá, b’fhéidir nach mbeadh fáil agat ar roinnt gnéithe breise. Ní sheinnfear físeáin murar ghlac tú leis na Fianáin a bhaineann le YouTube, cuir i gcás. Sa chás sin, d’fhéadfá na fianáin a chur i ngníomh go ceann tamaill ghairid ionas go mbeifeá in ann an físeán a sheinm agus na fianáin a dhíchumasú ansin a luaithe a bheidh tú críochnaithe.
Socruithe brabhsálaí
Laistigh de do bhrabhsálaí is féidir leat a roghnú cé acu is mian leat glacadh le fianáin nó nach mian. Ní bhíonn na rialuithe mar an gcéanna i ngach brabhsálaí. Tabharfaidh na naisc thíos chuig treoracha na soláthraithe is coitianta thú, áit a bhfaighidh tú treoracha leis sin a dhéanamh.
Go ginearálta, tabharfaidh do bhrabhsálaí an rogha duit glacadh le fianáin, iad a dhiúltú nó iad a scriosadh (1) i gcónaí, (2) i gcás soláthraithe a n-úsáideann úinéirí láithreáin gréasáin iad (“fianáin tríú páirtí”), nó (3) i gcás láithreáin ghréasáin ar leith.
Rochtain ar do shonraí fianán
Ní bheidh rochtain ach ag foireann FSS agus ag soláthraithe a bhfuil baint dhíreach acu le seirbhísí a chur ar fáil dár láithreán gréasáin ar na sonraí fianán a bhailíonn an láithreán gréasáin seo.
Maidir leis na baill foirne agus soláthraithe ar fad atá ag FSS a mbeadh rochtain acu ar shonraí pearsanta daoine, tá siad siúd faoi cheangal FSS trí bhíthin comhaontuithe um rúndacht agus um chosaint sonraí. Tá de dhualgas orthu do shonraí pearsanta a choinneáil slán. Ní ceadmhach dóibh iad a úsáid ach amháin chun na gcríoch a shonraíonn FSS.
I measc ár soláthraithe tá:
- gníomhaireachtaí fógraíochta, caidrimh phoiblí, digiteacha agus cruthaitheacha
- soláthraithe taighde margaidh agus custaiméara
- ardáin meán sóisialta
- forbróirí láithreán gréasáin agus aipeanna
- soláthraithe seirbhísí óstála láithreán gréasáin
Tá conradh againn leis na soláthraithe seo le do chuid faisnéise a choinneáil slán sábháilte. Ní ceadmhach dóibh an fhaisnéis seo a úsáid ach ar bhealach atá ag teacht leis na treoracha ar leith a thugaimid dóibh. Ní nochtaimid faisnéis dóibh ná ní thugaimid rochtain dóibh ar fhaisnéis ach amháin i gcás gur gá dóibh an fhaisnéis áirithe sin a bheith acu lena gcuid seirbhísí a chur ar fáil.
Anailísíocht
Úsáidtear uirlisí anailísíochta ar an láithreán gréasáin seo. Úsáidimid fianáin anailísíochta le cuairteoirí nua a shainiú faoi ainm bréige agus leis an tseirbhís a anailísiú, a phleanáil agus a fheabhsú. Úsáidimid iad freisin le gníomhaíocht ar an láithreán gréasáin a rianú, mar shampla, nuair a éiríonn cuairteoirí as an láithreán gréasáin a úsáid.
Ní chuimseofar sna sonraí faoi ainm bréige aon chuid de do chuid sonraí pearsanta, lena n-áirítear do sheoladh IP. Ní dhéanann an láithreán gréasán seo againne sonraí anailísíochta a bhailiú gan toiliú a fháil uaitse agus tá an fheidhm sin réamhshocraithe go ‘Múchta’. Is féidir leat an toiliú atá tugtha agat i dtaobh próiseála chun críocha anailísíochta a athrú am ar bith.
Cainéil Meán Sóisialta
Má bhíonn tú logáilte isteach i do chuntas ar na meáin shóisialta agus tú ag dul isteach ar na láithreáin ghréasáin againne, seans go mbeadh soláthraí an chuntais meán sóisialta in ann do chuntas a nascadh leis na leathanaigh ar na láithreáin ghréasáin againne agus tú orthu. Déanann siad é sin ar mhaithe leo féin, ní ar mhaithe linne.
Iarrtar ort eolas a chur ar na beartais phríobháide atá ag na soláthraithe meán sóisialta atá ar ár láithreán gréasáin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos faoi bheartais na gcainéal meán sóisialta seo.
Aistriú sonraí amach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE)
Úsáidimid uirlisí anailísíochta le faisnéis a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo. Déanann cuid dár soláthraithe anailísíochta na sonraí faoi ainm bréige a phróiseáil i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM). Ba cheart go gciallódh na bearta teicniúla a thógtar nuair a bhíonn na sonraí á mbailiú nach ndéanfar aon sonraí pearsanta a aistriú áit ar bith taobh amuigh den LEE.
Tá seoltaí IP déanta anaithnid againn ar an láithreán gréasáin seo chun críocha anailísíochta a fhágann nach féidir seoladh IP a úsáid chun aon duine ar leith a aithint. Admhaímid go bhfuil baol ann i gcónaí go bhféadfaí na sonraí a athcheangal le sonraí eile atá inár bpróiseálaí ach nár bailíodh ó na láithreáin ghréasáin atá againn.
Ar na leathanaigh a úsáidimid fianáin reCAPTCHA Google, aistrítear roinnt faisnéise chuig Google i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM).
Seachas sin, ní dhéanfaimid aon sonraí pearsanta eile a bhaineann leat a aistriú amach as an LEE. Más gá dúinn do chuid sonraí pearsanta a aistriú amach as an LEE, déanfaimid a dheimhniú go gcloífear leis na forálacha i gCaibidil V den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Pléifear go rúnda leis an bhfaisnéis ar fad a gheobhaimid mar gheall ar fhianáin agus anailísíocht. Ní dhéanfaimid do chuid sonraí a dhíol ná a thrádáil le tríú páirtithe ná a thabhairt dóibh ach amháin má cheanglaítear orainn a dhéanamh de réir dlí.
Do chearta cosanta sonraí
Cearta r-Phríobháideachais
De réir do Cheart r-Phríobháideachais, tá sé de cheart agat do thoiliú le fianáin a tharraingt siar.
Cearta Cosanta Sonraí
Áirítear le do chearta cosanta sonraí an ceart chun rochtain a fháil ar do chuid sonraí, an ceart chun cur i gcoinne, an ceart chun cur i gcoinne próiseáil uathoibrithe agus an ceart chun athbhreithniú a dhéanamh orthu.
Cuir iarratas isteach - Gnóthaí Tomhaltóirí FSS
Le haon cheann de na cearta cosanta sonraí seo a fheidhmiú, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig Gnóthaí Tomhaltóirí FSS saor in aisce.
D’fhéadfadh sé go ngearrfaí táille ort dá mba léir gur iarratas gan bhunús, iomarcach nó atriallach é.
Gearán a dhéanamh
Má bhíonn tú míshásta leis an gcaoi ar phróiseálamar do chuid sonraí pearsanta, déan teagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí FSS.
Is féidir dul i dteagmháil go díreach le hoifigeach cosanta sonraí FSS ach ríomhphost a chur chuig dpo@hse.ie. Chomh maith leis sin, is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifigí an oifigigh cosanta sonraí i do cheantar féin.
Mura mbeimid in ann do ghearán a réiteach, beidh sé de cheart agat gearán a dhéanamh go díreach lenár n-údarás maoirseachta, is é sin an Coimisiún um Chosaint Sonraí, agus le hOifigeach Cosanta Sonraí FSS.
Is féidir leat gearán a dhéanamh i gcás:
- nach n-éiríonn linn do ghearán a réiteach faoin gcaoi a bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil
- nach bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar pléadh le do ghearán