Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Aip sláinte FSS ráiteas inrochtaineachta

Baineann an ráiteas inrochtaineachta seo leis an inneachar ar fad in aip FSS.

Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a dhéanann an aip a bhainistiú.

Is é leagan na hapie 1.3.2 (+98) fhoilsiú an 7ú Feabhra 2025.

Soléiteacht

Tá téacs na haipe chomh héasca le tuiscint agus ab fhéidir. Úsáidimid tástálacha ‘soléiteachta’ mar thomhas amháin lena fháil amach cé chomh sothuigthe is atá an t-inneachar atá againn. Déanaimid iarracht díriú ar aois léitheoireachta timpeall 9 mbliana d’aois (grád 4).

Socruithe an ghléis

Is mian linn go mbeidh an oiread daoine agus is féidir in ann an aip seo a úsáid.

Mar sin, is féidir leat socruithe difriúla a úsáid ar an ngléas chun an t-inneachar a fháil de réir mar a theastaíonn uaitse.

Mar shampla, ba cheart go mbeifeá in ann na nithe seo a dhéanamh:

  • Mar shampla, ba cheart go mbeifeá in ann na nithe seo a dhéanamh:
  • méarchlár nó bogearraí aitheanta cainte a úsáid chun nascleanúint a dhéanamh ar an gcuid is mó den aip
  • léitheoir scáileáin do ghléis a úsáid chun éisteacht leis an gcuid is mó den aip
  • breathnú ar an inneachar ar bhealaí éagsúla gan faisnéis ná struchtúr a chailleadh

Más mian leat comhairle a fháil le do ghléas a shocrú go mbeidh sé níos fusa agat lena úsáid má tá tú faoi mhíchumas, is féidir dul chuig My Computer My Way - mcmw.abilitynet.org.uk/abilitynet.co.uk.

Codanna den aip nach bhfuil chomh maith céanna ó thaobh inrochtaineachta de

Níl an inrochtaineacht curtha i bhfeidhm go hiomlán ar chodanna áirithe den aip seo. Mar shampla, ní féidir na nithe seo a dhéanamh:

  • leibhéil ceannteideal a úsáid chun nascleanúint a dhéanamh, mar níl tacaíocht ann don fhaisnéis seo san aip
  • zúmáil isteach ar inneachar nó zúmáil amach uaidh
  • léim thar bhloic nascleanúna ceannteideal atá ann níos mó ná uair amháin chun dul díreach chuig inneachar na haipe

Aiseolas agus faisnéis teagmhála

Más rud é go bhfuil eolas ar an aip seo atá ag teastáil uait i bhformáid eile, cuir ríomhphost chuig digital@hse.ie. Tiocfaimid ar ais chugat faoi cheann 7 lá.

Fadhbanna inrochtaineachta leis an aip seo a thuairisciú

Má thagann tú ar fhadhb ar bith nach bhfuil liostaithe ar an leathanach seo nó má cheapann tú nach bhfuil na ceanglais inrochtaineachta á gcomhlíonadh againn, déan teagmháil le digital@hse.ie.

Nós imeachta forfheidhmithe

Is féidir gearán a dhéanamh i dtaobh inrochtaineacht na haipe seo faoin Acht um Míchumas, 2005 (Uimh. 14 de 2005).

Mura mbíonn tú sásta lenár bhfreagra, nó más mian leat ceist inrochtaineachta a phlé nach mbaineann leis an aip seo, is féidir gearán a dhéanamh ar líne faoin rannóg a bhaineann le gearáin agus aiseolas i dtaobh FSS.

Stádas comhlíonta

Tá an aip seo i gcomhréir go páirteach le leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán, Caighdeán AA.

Inneachar neamh-inrochtana

Tá sé mar aidhm againn na fadhbanna seo a réiteach faoi Aibreán 2025.

Inneachar neamh-inrochtana:

  • Tá inneachar struchtúrtha in easnamh ar chuid de na leathanaigh san aip. Dá bharr, ní bheidh cuid daoine a úsáideann teicneolaíocht chúnta in ann ceannteidil a úsáid chun nascleanúint a dhéanamh.
  • Tá dúbláil ainmneacha i gceist le cuid de na rialtáin, agus níl téacs tuairisciúil ann dóibh. Dá bhrí sin, ní bheidh cuid daoine a úsáideann teicneolaíocht chúnta in ann ainm an rialtáin a úsáid leis féin chun nascleanúint a dhéanamh.
  • Tá téacs malartach in easnamh ar chuid de na rialtáin, mar shampla na cnaipí raidió le haghaidh tá agus níl ar an bhfoirm ‘cuir cógas leis’. Dá bharr, ní bheidh cuid daoine a úsáideann teicneolaíocht chúnta in ann rialtáin foirmeacha a úsáid leo féin chun nascleanúint a dhéanamh.
  • Ní féidir le gach úsáideoir roinnt comhpháirteanna den chomhéadan úsáideora a dhéanamh amach trí mheán clár ríomhaireachta.

Ullmhú an ráitis inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo an 16 Meán Fómhair 2024. Rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí air an 14ú Feabhra 2025. Rinneadh an tástáil is déanaí ar an aip seo le haghaidh fadhbanna inrochtaineachta an 7ú Feabhra 2025. Is iad Vially agus Rannóg Dhigiteach FSS a rinne an tástáil sin.

An chaoi a ndearnamar an tástáil

Bhaineamar úsáid as leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), Leibhéal A agus Leibhéal AA, leis an leibhéal comhlíonta a thástáil agus a iniúchadh.

Tá ár n-iniúchóir seachtrach, Vially, tar éis an aip a thástáil, agus táimid tar éis tástáil inmheánach a dhéanamh uirthi san fhoireann. Tá tástáil déanta ar an aip ar ghléasanna agus ar chineálacha éagsúla den teicneolaíocht chúnta.

A bhfuil ar bun againn d’fhonn cúrsaí inrochtaineachta a fheabhsú

Tá foireann ildisciplíneach curtha le chéile againn atá ag obair ar cheist na hinrochtaineachta ar bhonn leanúnach. Tá inneachar á chur ina cheart ar bhonn práinne ag rannóga agus ag gníomhaireachtaí i gcás nach bhfuil sé ag teacht le leagan 2.1 de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG), Caighdeán AA. Déanfaimid an leathanach seo a nuashonrú de réir mar a chuirfear na fadhbanna ina gceart.