Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Fógra Príobháideachais Aip Shláinte FSS

Tá do phríobháideachas agus slándáil do shonraí an-tábhachtach dúinn.

Is leis an FSS Aip Shláinte FSS agus is iad a bhainistíonn í. Tá sé mar aidhm againn a bheith soiléir agus trédhearcach faoin bhfaisnéis a bhailímid fút agus faoin gcaoi a n-úsáidfimid an fhaisnéis sin.

Ar an leathanach seo gheobhaidh tú eolas faoi na nithe a leanas:

  • na sonraí pearsanta a bhailímid agus an úsáid a mbainimid astu
  • an fad a choinneoimid do shonraí pearsanta
  • na daoine a mbeidh rochtain acu ar do shonraí pearsanta
  • do chearta maidir le do shonraí a bheith agat
  • an chaoi le gearán a dhéanamh
  • ról an rialaitheora sonraí agus an oifigigh cosanta sonraí (DPO)

De do rogha féin a úsáideann tú an aip

De do rogha féin atá sé an aip a íoslódáil, a úsáid, a choinneáil nó a scriosadh. Ní gá duit é a úsáid.

Téarmaí úsáide Aip Shláinte FSS

Do chuntas a dhíghníomhachtú

Is féidir leat do chuntas aipe a dhíghníomhachtú trí na treoracha sa mhír 'cuntas' den aip a leanúint.

Déanfaidh sé seo do chuntas a chur ar sos, mar aon le brúfhógraí i gcás gur cheadaigh tú a leithéid. Is féidir leat logáil isteach san aip arís le do chuntas a athghníomhachtú. Ní scriostar d’fhaisnéis nuair a dhíghníomhachtaíonn tú do chuntas.

Conas an aip a úsáid go sábháilte

Is féidir leat Aip Shláinte FSS a úsáid sna cásanna seo a leanas:

  • úsáideann tú seirbhísí cúraim sláinte agus sóisialta in Éirinn
  • tá gléas iOS nó Android agat

Chun rochtain a fháil ar d’fhaisnéis phearsanta ar an aip, beidh na nithe seo a leanas uait:

  • gléas ar a bhfuil an t-íosleibhéal slándála a theastaíonn don aip
  • cuntas fíoraithe MyGovID
  • aitheantóir sláinte aonair (ASA) atá ar Chlár Náisiúnta ASAnna

Agus tú fíordheimhnithe, ní mór a bheith logáilte isteach san aip chun féachaint ar do chuid faisnéise sláinte pearsanta.

Cineálacha sonraí pearsanta a úsáidimid

Déantar do shonraí pearsanta a ‘phróiseáil’ nuair a dhéantar aon rud leis. Mar shampla, nuair a bhailítear iad nó nuair a fhéachtar orthu.

Próiseálaimid sonraí faoi na nithe seo a leanas:

  • an déimeagrafach ina bhfuil tú - déanaimid sin ionas gur féidir thú a aithint agus a mheaitseáil le do thaifid liachta go cuí
  • do choinní - déanaimid sin ionas gur féidir linn cumarsáid a dhéanamh leat ina leith
  • do chógais - déanaimid sin ionas gur féidir linn aon chógais atá clúdaithe faoin scéim íocaíochta drugaí nó cártaí leighis a chur in iúl duit agus ionas gur féidir leat cógais eile atá á nglacadh agat a chur leis
  • Próiseálaimid sonraí faoi do chuid faisnéise féindearbhaithe amhail ailléirgí – chun gur féidir leat do thaifead féin de d’fhaisnéis sláinte a chruthú
  • sonraí sláinte – ionas go mbeidh rochtain agat ar do shonraí sláinte
  • do chuid sonraí sláinte i dtaca le cláir tacaíochta cúraim – déanaimid é sin ionas gur féidir leat cumarsáid tacaíochta cúraim a fháil
  • taifid vacsaínithe
  • cárta leighis, an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte agus cártaí sláinte eile - déanaimid sin ionas go mbeidh cóip dhigiteach de do chárta agat. Gheobhaidh tú cárta fisiceach fós chomh maith leis sin
  • suíomh - déanaimid sin ionas gur féidir linn léarscáileanna a úsáid chun treoracha chuig seirbhísí sláinte a thabhairt duit
  • an aip a úsáid - déanaimid sin chun feabhas a chur ar an aip bailítear na sonraí go léir gan ainm

Ní mór cead a thabhairt dúinn do shonraí suímh a úsáid. Ní úsáidimid sonraí suímh le haghaidh rianú, próifíliú ná ar aon chúis eile.

An chaoi a n-úsáidimid do shonraí pearsanta

Bailímid do shonraí pearsanta ó fhoinsí éagsúla. Áirítear leis seo seirbhísí FSS agus seirbhísí cúraim sláinte eile araon. Ansin, stórálaimid do shonraí pearsanta ar líne. Déanaimid é sin i gcomhréir le RGCS agus le dlíthe ábhartha eile.

Nuair a íoslódálann tú an aip agus nuair a logálann tú isteach le cuntas MyGovID fíoraithe, cuirimid do chuid faisnéise sláinte agus pearsanta san aip, faisnéis nach bhfeicfidh ach tusa amháin. Ní phróiseálfaimid do shonraí pearsanta go dtí go mbeidh tú logáilte isteach.

Is féidir an aip a úsáid gan logáil isteach. Ach ní bheidh tú in ann ach faisnéis ghinearálta sláinte a fheiceáil, beagán mar atá ar shuíomh gréasáin FSS. Ní phróiseálfaimid do shonraí sláinte pearsanta san aip mura n-éiríonn leat logáil isteach.

Seans nach bhfeicfidh tú do shonraí sláinte go léir láithreach. Níl fáil ar gach cineál coinne san aip. Táimid ag obair le tuilleadh coinní ospidéil agus pobail a chur leis. Mura bhfuil do choinne le feiceáil faoi láthair, seans go mbeidh i leagan eile den aip amach anseo.

Beidh ort logáil isteach san aip le clárú le haghaidh cumarsáid tacaíochta cúraim. Mura mian leat an aip a úsáid, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi bhealaí eile le clárú le haghaidh na gclár sin ar láithreán gréasáin FSS.

Coinní san fhéilire agus comhroinnt

Tá gnéithe in Aip Sláinte FSS a ligeann duit faisnéis faoi choinní a chur le féilire do ghléis. Is féidir faisnéis faoi choinní a chomhroinnt ar theachtaireachtaí agus ar bhealaí cumarsáide freisin.

Ní chomhroinneann na gnéithe sin aon sonraí pearsanta leis na soláthraithe seirbhíse tríú páirtí a úsáideann tú chun teachtaireachtaí a roinnt. Molaimid duit beartais agus cleachtais phríobháideachais do sholáthraí teachtaireachtaí a léamh agus thú féin a chur ar an eolas fúthu.

An fáth a n-úsáidimid do shonraí pearsanta

Bainimid úsáid as do shonraí:

  • ionas go n-oibríonn Aip Shláinte FSS i gceart
  • chun rochtain ar do shonraí sláinte a thabhairt duit ar an aip
  • chun cumarsáid a dhéanamh leat ar an aip

Cumarsáid a dhéanamh leat

Bainimid úsáid as an aip chun cumarsáid a dhéanamh leat faoi na nithe a leanas:

  • faisnéis a bhaineann le sláinte – áirítear léi sin coinní, cógais, vacsaíní agus cláir tacaíochta cúraim
  • faisnéis fheidhmiúil san aip - cuimsíonn sé sin deimhniú gur éirigh leat logáil isteach nó gur cuireadh do thaifid leis
  • feachtais sláinte ghinearálta
  • éigeandálaí sláinte poiblí

Mura logálann tú isteach san aip, is féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis ghinearálta ónár suíomh gréasáin fós.

Comhrá HSE Live

Is féidir leat an aip a úsáid chun comhrá a dhéanamh le gníomhaire HSE Live chun faisnéis agus tacaíocht a fháil leis an aip nó le seirbhísí sláinte.

Nuair a thosaíonn tú comhrá beo, seoltar d'aitheantóir aonair sláinte (IHI) chuig ardán seirbhíse custaiméirí Salesforce. Ligeann sé seo don ghníomhaire tú a aithint agus cás a chruthú.

Nuair a thosaíonn tú an comhrá, seoltar na sonraí faoin seisiún gníomhach chuig an ngníomhaire ionas gur féidir leis cabhrú leat go héifeachtúil. Áirítear leis seo an gléas atá á úsáid agat, leagan na haipe, agus ainm an scáileáin ar a bhfuil tú san aip. Mar shampla, an scáileán baile.

Stóráiltear aon sonraí a chuirtear isteach sa seisiún comhrá ar ardán Salesforce. Beidh tú in ann trascríbhinn an chomhrá a íoslódáil freisin nuair a bheidh sé críochnaithe i leaganacha amach anseo.

Daoine a bhfuil rochtain acu ar do shonraí pearsanta

Ní bheidh rochtain ar shonraí pearsanta san aip ach ag daoine údaraithe a oibríonn go díreach ar an aip.

Áireofar leis sin:

  • Foireann FSS a bhainistíonn oibríochtaí agus slándáil na haipe
  • gníomhairí - amhail gníomhairí cúraim custaiméirí a sholáthraíonn tacaíocht custaiméara d'úsáideoirí
  • soláthraithe - amhail Microsoft agus Salesforce arb í a dteicneolaíocht atá in úsáid againn

Braitheann rochtain ar do shonraí pearsanta ar an ról atá ag duine. Déantar monatóireacht air sin chun a chinntiú nach mbíonn aon rochtain neamhúdaraithe ag aon duine.

Tá aon duine ag a bhfuil rochtain ar shonraí pearsanta faoi cheangal ag comhaontuithe rúndachta agus cosanta sonraí. Ní mór dóibh do chuid sonraí pearsanta a choinneáil slán agus gan iad a úsáid ach amháin chun na gcríoch a shonraíonn FSS.

An fad a choinnímid do shonraí

Is féidir leat éirí as an aip a úsáid in am ar bith. Má scriosann tú an aip, scriosfar na sonraí pearsanta go léir atá san aip ó do ghuthán.

Coinneoidh muid d'fhaisnéis phearsanta agus sláinte do sheirbhísí FSS eile fós i gcomhréir le beartas coinneála FSS.

Léigh an achoimre ar ár Measúnú Tionchair ar Chosaint Sonraí (DPIA). Tá faisnéis ann maidir leis an gcaoi a bhfuil an aip forbartha againn i gcomhréir lenár bhfreagrachtaí cosanta sonraí.

Gearán a dhéanamh

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi a bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil againn, téigh i dteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí (OCS). Cinntíonn an OCS go mbímid comhlíontach ó thaobh cosaint sonraí de.

Is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí go díreach freisin.

Má tá fadhb le do shonraí pearsanta

Úsáid an rogha ‘tuairiscigh fadhb’ chun teagmháil a dhéanamh linn ar an aip má tá do chuid faisnéise san aip mícheart nó míchruinn.

Is féidir glaoch ar FSS Beo ar 1800 700 700 freisin.

Rialaitheoirí sonraí

Is eagraíocht nó duine a chinneann na sonraí a phróiseáiltear é rialaitheoir sonraí. Is é an rialaitheoir sonraí a chinneann an dóigh agus an fáth nach mór é sin a dhéanamh freisin. Tá sé freagrach as na sonraí sin de réir dlí.

Is iad na rialtóirí sonraí a bhfuil baint acu leis an aip ná:

  • FSS
  • An Roinn Coimirce Sóisialaí
  • ospidéil nach ospidéil FSS iad

FSS

Is muid an rialtóir sonraí le haghaidh na sonraí pearsanta go léir a bhailíonn agus a úsáideann an aip.

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Is í an Roinn Coimirce Sóisialaí rialaitheoirí sonraí MyGovID. Úsáidimid MyGovID chun do chéannacht a chruthú, rud a dhéanann tú ar shuíomh gréasáin MyGovID. Ní chomhroinneann an aip do shonraí pearsanta leis an Roinn.

Ospidéil nach ospidéil FSS iad

Is rialaitheoirí sonraí iad ospidéil nach bhfuil á reáchtáil ag FSS maidir le sonraí ina gcórais bainistíochta ospidéil (IPMS) féin. Tá comhaontuithe um chomhroinnt sonraí i bhfeidhm leis na hospidéil sin.

Is iad seo a leanas na hOspidéil nach ospidéil FSS iad:

  • An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais
  • Sráid Holles
  • Ospidéal Ollscoile an Choim do Mhná agus do Naíonáin
  • Ospidéal an Rotunda

Próiseálaithe sonraí

Is iad rialaitheoirí sonraí a cheapann próiseálaithe sonraí. Is éard is próiseálaí sonraí ann ná eagraíocht nó duine a phróiseálann sonraí.

Tá conarthaí agus comhaontuithe ag próiseálaithe sonraí linn chun sonraí pearsanta a phróiseáil san aip. Ní féidir leo sonraí pearsanta san aip a phróiseáil ná a aistriú chuig áit lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE).

I measc na bpróiseálaithe sonraí tá:

  • Amazon - tairgeann ríomh, stóráil agus líonrú agus ina óstach ar chomhpháirteanna aipe
  • Microsoft - soláthraí néil a óstálann stór na haipe agus na huirlisí gaolmhara go léir
  • Waystone - foireann tástála slándála a chinntíonn go bhfuil an aip slán
  • Mandiant - foireann tástála slándála
  • DEPT - déanann forbairt agus cuireann tacaíocht ar fáil
  • Nearform - cuireann tacaíocht do sheachadadh agus uirlisí cúil ar fáil
  • Deloitte - tacaíonn le bainistíocht custaiméirí
  • Salesforce - soláthraíonn córas bainistíochta custaiméirí agus lárionad teachtaireachtaí

Úsáideann cuid de na próiseálaithe sonraí seo fophróiseálaithe. Ní féidir le fophróiseálaithe sonraí pearsanta a phróiseáil ná a aistriú chuig áit lasmuigh den LEE.

I measc na bhfophróiseálaithe sonraí tá:

  • PiwikPro - in úsáid ag DEPT chun anailísíocht gan ainm a dhéanamh
  • DataDog - in úsáid ag Nearform chun anailísíocht gan ainm atá fíor-riachtanach a dhéanamh
  • Edgescan - in úsáid ag Waystone mar chuid de thástáil slándála

Do chearta faoi RGCS

Faoin RGCS, tá an ceart agat:

  • cóip de na sonraí pearsanta atá á gcoinneáil againn maidir leat a iarraidh agus a chinntiú go bhfuil siad á bpróiseáil de réir an dlí againn
  • iarraidh go ndéanfaí aon fhaisnéis neamhiomlán nó mhíchruinn atá againn maidir leat a cheartú
  • cur i gcoinne phróiseáil do chuid sonraí pearsanta
  • iarraidh orainn sonraí pearsanta a scriosadh nó a bhaint i gcás nach mbeidh aon chúis mhaith againn lena bpróiseáil nó i gcás inar chuir tú ina choinne sin
  • cur i gcoinne muid aon uathchinntí a dhéanamh fút bunaithe ar do shonraí pearsanta ná ar phróifíl a rinne muid i do leith
  • iarraidh go ndéanfar próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh nó a chur ar fionraí
  • iarraidh go n-aistreofar do shonraí pearsanta ar bhealach leictreonach struchtúrtha chugat féin nó chuig duine eile

Conas do chearta a fheidhmiú

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ar roinnt bealaí. Áirítear leo siúd:

Tuilleadh faisnéise a iarraidh ó FSS

Sonraí anailísíochta a phróiseálaimid

Bailímid sonraí faoin gcaoi a n-úsáideann tú an aip. Is sonraí fíor-riachtanacha iad sin. Déanaimid é ionas gur féidir linn slándáil agus oibríochtaí riachtanacha na haipe a sheiceáil. Socraítear na huirlisí go huathoibríoch.

Úsáidimid anailísíocht roghnach freisin. Déanaimid sin chun cabhrú linn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi a n-úsáideann tú an aip agus chun pleanáil a dhéanamh do nuashonruithe amach anseo. Is féidir leat roghnú an anailísíocht a chur ar siúl nó as i socruithe an aip.

Úsáidimid Trealamh Forbartha Bogearraí (SDKanna) agus fianáin chun na sonraí sin a bhailiú. Is comhaid bheaga téacs iad fianáin a stóráiltear ar do ghléas nuair a úsáideann tú aip sláinte FSS. Tá na SDKanna agus na fianáin ar aip sláinte FSS ar fáil anseo.

FFBanna fíor-riachtanach a úsáidimid

Is iad seo a leanas na FFBanna fíor-riachtanacha nach mór dúinn a chur ar do ghléas chun go n-oibreoidh Aip Shláinte FSS:

@credo-ts/askar

Is chun dintiúir infhíoraithe inar gnách sonraí pearsanta a stóráil iad sin. Stóráiltear ar do ghléas iad agus déantar iad a chriptiú. Stóráiltear na sonraí sin ar do ghléas

@datadog/mobile-react-native

Baineann sé seo le hearráidí a láimhseáil agus a thuairisciú. Ní phróiseáiltear aon sonraí pearsanta. Tá rochtain chianda ag DataDog ar na sonraí seo

@datadog/mobile-react-navigation

Baineann sé seo le hearráidí a láimhseáil agus a thuairisciú. Ní phróiseáiltear aon sonraí pearsanta. Tá rochtain chianda ag DataDog ar na sonraí seo

react-native-keychain

Cruthaímid eochair chriptithe agus sábhálaimid í le react-native-keychain. Ansin, úsáidtear an eochair sin chun sonraí úsáideora atá stóráilte le react-native-mmkv a chriptiú. Stóráiltear na sonraí sin ar do ghléas

react-native-mmkv

Cuidíonn sé sin le socruithe agus sainroghanna aipe a shábháil. Bainimid úsáid as chun sonraí nascleanúna nó ceadchomharthaí a stóráil a theastaíonn chun tú a choinneáil logáilte isteach, ionas go mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil fiú i ndiaidh duit an aip a dhúnadh agus a athoscailt. Stóráiltear na sonraí sin ar do ghléas

FFB le gur féidir leis an anailísíocht feidhmiú

Úsáidtear é seo chun do rogha maidir le hanailísíochta roghnach a bhailiú

@piwikpro/react-native-piwik-pro-sdk

Déantar sin chun anailísíocht faoin gcaoi a n-úsáideann tú an aip a bhailiú. Tá na sonraí anaithnidithe. Stóráiltear ar do ghuthán iad

SDKanna eile

react-native-marketingcloudsdk

Úsáidtear é seo chun cur ar chumas Salesforce córas bainistíochta custaiméirí a sholáthar don FSS. Stóráiltear Aitheantas Uathúil Feiste Salesforce in Salesforce Marketing Cloud, rud a ligeann do FSS a rianú cibé ar ghlac úsáideoirí le brúfhógraí nó nár ghlac.

Fianáin Anailísíochta nach mór dúinn a shocrú

Is chun críocha sonraí a bhailiú faoin gcaoi a n-úsáideann tú an aip iad na fianáin anailísíochta roghnacha nach mór dúinn a chur ar do ghléas. Stóráiltear na sonraí ar do ghléas.

_pk_id.{id}

Is fianán Piwik Pro é seo. Úsáidtear é chun tú a aithint agus chun do chuid faisnéise a choinneáil san aip. Téann sé in éag tar éis 6 mhí

_pk_ses.{id}

Is fianán Piwik Pro é seo. Taispeánann sé do sheisiún gníomhach ar an aip. Mura bhfuil an fianán ann, is léiriú é sin gur tháinig deireadh leis an seisiún níos mó ná 30 nóiméad ó shin agus go ndearnadh é a chomhaireamh san fhianán _pk_id. Téann sé seo in éag tar éis cúpla soicind

Toiliú anailísíochta

Úsáidtear an fianán seo chun toiliú le haghaidh anailísíocht Piwik Pro a chlárú ar an aip. Téann sé seo in éag tar éis seisiúin

Stg_last_interaction

Is fianán Piwik Pro é seo. Úsáidtear é chun a léiriú má tá do sheisiún fós ar siúl, nó má tá seisiún nua tosaithe. Téann sé seo in éag tar éis 12 mhí

Stg_returning_visitor

Is fianán Piwik Pro é seo. Úsáidtear é chun a léiriú má bhí tú ar an aip roimhe. Téann sé seo in éag tar éis 12 mhí

Stg_traffic_source_priority

Is fianán Piwik Pro é seo. Stórálann sé an cineál foinse tráchta as ar tháinig tú. Téann sé in éag tar éis 30 nóiméad

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 19 Samhain 2025