Tá fáil ar chógais le cóireáil a chur ar dhaoine a bhfuil COVID-19 (coróinvíreas) orthu agus is mó a meastar iad a bheith i mbaol breoiteacht thromchúiseach.
Is iad sin:
- Paxlovid - cógas leighis de bhéal a ghlactar mar tháibléid
- Sotrovimab - cógas leighis a thugtar trí dhiltálaire i do ghéag láimhe (insileadh)
Cuirfidh do dhochtúir nó do lia comhairleach in iúl duit más rud é go mbeadh na cógais seo oiriúnach duit.
Ní bheidh na cógais seo de dhíth ar an gcuid is mó de dhaoine agus ní bhainfidís tairbhe astu. Is féidir leis an gcuid is mó de dhaoine siomptóim COVID-19 a chóireáil sa bhaile.
An bealach is fearr atá ag an gcuid is mó de dhaoine chun iad féin a chosaint ar COVID-19 ná an vacsaín agus teanndáileog den vacsaín a fháil nuair is mithid dóibh.
Cé dóibh a bhfuil na cógais COVID-19 seo?
D'fhéadfaí cóireáil in aghaidh COVID-19 a mholadh do dhaoine a shásaíonn na critéir seo go léir:
- Tá tú ar dhuine de na daoine is mó a bhfuil riosca ann dóibh go dtiocfaidh breoiteacht thromchúiseach orthu mar gheall ar COVID-19.
- Tá siomptóim COVID-19 ort a tháinig ort am éigin le 5 lá anuas.
- Bhí toradh deimhneach ar thástáil PCR nó antaigine agat am éigin le 5 lá anuas.
- Tá tú 12 bhliain d'aois nó os a chionn agus tá 40kg (6.3 cloch) ar a laghad de mheáchan ionat.
- D’ordaigh dochtúir an chóireáil duit.
I gcás cógais áirithe, caithfear iad a thabhairt in ospidéal agus teastaíonn oideas ó speisialtóir ospidéil ina leith. Is féidir le dochtúirí teaghlaigh agus le dochtúirí eile roinnt cógas a ordú.
Ní bheidh na cógais seo de dhíth ar an gcuid is mó de dhaoine.
Na daoine is mó atá i mbaol ó COVID-19
Tá tú i mbaol ard breoiteacht thromchúiseach nó báis de dheasca COVID-19 más rud é:
- go bhfuil tú imdhíon-lagaithe agus córas lag imdhíonachta agat
- nach bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán agus tú 65 bliain d'aois nó os a chionn
- nach bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán agus fachtóirí riosca breise ag baint leat
D'fhéadfadh sé go gcuirfí Paxlovid ar fáil duitse más rud é:
- go bhfuil tú vacsaínithe agus tú 75 bliain d'aois nó os a chionn
- go bhfuil tú vacsaínithe, 65 bliain d'aois nó os a chionn agus fachtóirí riosca breise ag baint leat
Fachtóirí riosca breise
Áirítear le fachtóirí riosca breise:
- otracht (innéacs corpmhaise os cionn 35)
- diabetes mellitus
- ardbhrú fola (hipirtheannas)
- galar cardashoithíoch
- galar scamhóige ainsealach
- riochtaí lena ndéantar do chóras imdhíonachta níos laige
Tá tú i mbaol ard breoiteacht thromchúiseach nó báis de dheasca COVID-19 sna cásanna seo chomh maith:
- má úsáideadh rituximab chun tú a chóireáil le 12 mhí anuas
- má tugadh teiripí duit chun B-chealla nó T-chealla a ídiú
- má tá tú ag glacadh níos mó ná 40mg preidneasólóin (stéaróidigh) gach lá le níos faide ná seachtain
- má tá tú ag glacadh níos mó ná 20mg preidneasólóin gach lá (nó níos mó ná 2mg/kg gach lá i gcás linbh atá níos lú ná 10kg meáchain ann) le coicís nó níos faide
- má tá tú ag iompar clainne agus fachtóirí riosca eile ag baint leat - cuirfidh do lia comhairleach comhairle ort
- má tá ceann de na riochtaí ar an liosta seo a leanas ort nó má tá ceann de na cóireálacha ar an liosta seo a leanas á soláthar duit a fhágfaidh nach mbeidh vacsaíní in aghaidh COVID-19 chomh héifeachtach céanna duit:
Cén chaoi ar cinneadh an liosta seo?
Tá an liosta seo de riochtaí sláinte agus fachtóirí riosca chliniciúil comhaontaithe ag an nGrúpa Comhairleach Náisiúnta Teiripice.
FSS a bhunaigh an grúpa comhairleach neamhspleách seo a bhfuil saineolaithe sláinte mar chuid de.
Tabharfar tús áite ó thaobh na cóireála de do na daoine is mó a bhfuil riosca ag baint le COVID-19 dóibh. De réir mar a bheidh fáil ar níos mó cógas, d'fhéadfadh sé go mbeifí in ann cóireáil a chur ar fáil do dhaoine eile a bhfuil ardriosca ag baint le COVID-19 dóibh.
Má tá tú féin in aon cheann de na grúpaí thuasluaite, má tá siomptóim COVID-19 ort, agus más rud é go bhfuil tú tar éis toradh diúltach a fháil ar thástáil antaigine, cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh nó ar do lia comhairleach ospidéil chun tástáil tosaíochta PCR le haghaidh COVID-19 a fháil.
An chaoi le cógas in aghaidh COVID-19 a fháil más duine thú a bhfuil an riosca is airde ann duit
Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh nó le do dhochtúir ar bhonn práinne má tá ardriosca ag baint le COVID-19 duit agus:
- má tá siomptóim COVID-19 ort, nó
- má tá tú tar éis toradh deimhneach a fháil ar thástáil PCR nó antaigine
Má tá tú ar dhuine de na daoine is mó atá i mbaol breoiteacht thromchúiseach nó báis agus má tá COVID-19 ort, d'fhéadfadh do dhochtúir teaghlaigh nó do lia comhairleach ospidéil agus a fhoireann an chóireáil seo a mholadh duit.
Má chinneann siad gur cheart duit an chóireáil seo a fháil, cuirfear tús leis an gcóireáil a luaithe agus is féidir. Tabharfaidh do dhochtúir agus a fhoireann tuilleadh eolais duit agus freagróidh aon cheist atá agat. D'fhéadfaidís a fhiafraí díot cé na cógais eile a ghlacann tú, lena n-áirítear aon leigheasanna luibhe, vitimíní nó forlíontaí.
Cuid de na cógais, tugtar mar tháibléid iad. Cuid eile, tugtar trí dhiltálaire i do ghéag láimhe (insileadh) iad san ospidéal.
Más rud é nach moltar an chóireáil seo in aghaidh COVID-19 duitse, cuirfidh do dhochtúir an cúram cuí ar fáil duit bunaithe ar an riocht agus na siomptóim atá ort.
Leanaí
Tá riosca íseal ann go n-éireoidh leanaí breoite go tromchúiseach de dheasca COVID-19.
Is beag an baol go mbeidh cóireáil ospidéil de dhíth orthu in aghaidh COVID-19, fiú má tá riochtaí orthu amhail asma, diaibéiteas, otracht nó fiobróis chisteach.
An chaoi is fearr le do leanbh a chosaint ar bhreoiteacht thromchúiseach de dheasca COVID-19 ná vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil dó nó di má tá sé nó sí 5 bliana d'aois nó os a chionn.
Ní bheidh an chóireáil le cógas ag teastáil ach ó líon beag leanaí 12 bhliain d'aois nó os a chionn a bhfuil an riosca is airde ag baint le COVID-19 dóibh. Níl na cógais le haghaidh COVID-19 oiriúnach do leanaí faoi bhun 12 bhliain d'aois.
Cuirtear cóireáil le haghaidh COVID-19 ar fáil saor in aisce
Cuirtear cóireáil le haghaidh COVID-19 ar fáil saor in aisce trí FSS má mholtar a leithéid duit.
Ní iarrfaidh FSS sonraí faoi do chuntas bainc ná faoi do chárta ort agus ní iarrfaidh ort íoc as cóireáil.
Nuashonrú deireanach: 13 Iúil 2022 ag 5 i.n.