Má tá aon siomptóim COVID-19 ort agus má tá tú ag aireachtáil tinn, ba cheart duit:
- fanacht sa bhaile go dtí go mbeidh na siomptóim nach mór imithe nó imithe go hiomlán le 48 uair an chloig
- fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir, go háirithe na daoine siúd is mó atá i mbaol ó COVID-19
Ní gá duit tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh ach amháin má thugann dochtúir teaghlaigh nó gairmí sláinte comhairle duit ceann a dhéanamh. Má roghnaíonn tú ceann a dhéanamh, tá comhairle ar leith ann le leanúint má fhaigheann tú toradh deimhneach ar an tástáil le haghaidh COVID-19.
Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
go bhfuil siomptóim COVID-19 ort agus:
- má tá tú ag aireachtáil go dona tinn agus imní ort faoi na siomptóim atá ort
- má tá riosca ard ag baint le COVID-19 dó nó di
Ná téigh chuig do dhochtúir teaghlaigh ná chuig an gcógaslann.
Scaipeadh COVID-19 a chosc
Is féidir leat rudaí eile a dhéanamh chun scaipeadh COVID-19 a chosc.
Déan
-
clúdaigh casachtaí nó sraothanna le fíochán nó le do mhuinchille – cuir fíocháin úsáidte i mbosca bruscair agus nigh do lámha
-
cinntigh nach bhfuil siomptóim COVID-19, slaghdáin ná fliú ar chuairteoirí ar do theach nó ar d’áit oibre
-
lig aer úr isteach i do theach trí fhuinneoga, doirse agus gaothairí aeir a oscailt a oiread agus is féidir
-
glan rudaí agus dromchlaí a leagann daoine eile lámh orthu
Ná déan
-
ná leag lámh ar do shúile, do shrón ná do bhéal mura bhfuil sí glan
-
ná roinn rudaí a thagann i dteagmháil le do bhéal, mar shampla, buidéil nó cupáin
-
ná croith lámha agus ná tar i ndlúth-theagmháil le daoine eile, más féidir
-
ná caith lámhainní indiúscartha in ionad do lámha a ní – gach seans go n-éireoidh do lámha éillithe nuair a bhainfidh tú díot iad
Cathain nár cheart duit bualadh le daoine eile
Níor cheart duit bualadh le duine eile:
- má tá aon siomptóim COVID-19 ort
- má fuair tú toradh deimhneach ar thástáil
Sula mbuailfidh tú le daoine, cinntigh go bhfuil siad saor ó shiomptóim agus ag aireachtáil go maith.
