Úsáid an leathanach seo leis na nithe seo a fháil amach:
- cathain ba cheart mo leanbh a choinneáil sa bhaile ón scoil nó ón suíomh cúraim leanaí?
- ar cheart dom mo leanbh a chur chuig an scoil nó chuig suíomh cúraim leanaí?
- cathain is féidir le mo leanbh filleadh ar an scoil tar éis dó tástáil a fháil le haghaidh COVID-19?
Má tá siomptóim ar do leanbh
Ba cheart do do leanbh fanacht sa bhaile agus fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir:
má tá siomptóim COVID-19 air nó uirthi agus:
- má tá sé nó sí tinn
- má tá teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi
Ní gá dó nó di tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh ach amháin má thugann dochtúir teaghlaigh nó gairmí sláinte comhairle dó nó di déanamh amhlaidh.
Urgent advice: Déan teagmháil le dochtúir teaghlaigh:
go bhfuil siomptóim COVID-19 ar do leanbh agus:
- má tá sé nó sí 3 mhí d’aois nó faoina bhun
- má tá sé nó sí ag aireachtáil go dona tinn agus imní ort faoi na siomptóim atá air nó uirthi
- má tá riocht sláinte air nó uirthi a fhágann go bhfuil sé nó sí i mbaol níos mó ó COVID-19
Cathain ba cheart do leanbh a choinneáil sa bhaile ón scoil nó ón suíomh cúraim leanaí
Coinnigh do leanbh sa bhaile:
- má tá siomptóim COVID-19 air nó uirthi agus é nó í ag aireachtáil tinn – tá sé ceart go leor do leanbh a chur chuig an scoil más rud é gurb iad srón ag sileadh nó sraothartach an t-aon siomptóm atá air nó uirthi
- má tá teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi
- má tá toradh deimhneach faighte aige nó aici ar thástáil le haghaidh COVID-19
- má tá buinneach air nó uirthi agus má tá sé nó sí 12 bhliain d'aois nó níos óige
Ar cheart dom mo leanbh a chur chuig an scoil nó chuig suíomh cúraim leanaí?
De ghnáth, beidh sé ceart go leor do leanbh a chur chuig an scoil nó chuig suíomh cúraim leanaí nuair:
- nach bhfuil ach siomptóim shrónacha air nó uirthi, mar shampla srón ag sileadh nó sraothartach, ach tá sé nó sí ag aireachtáil go maith seachas sin
- nach bhfuil aon siomptóim nua tagtha air nó uirthi le 48 uair an chloig
- nach raibh buinneach air nó uirthi le 48 uair an chloig
Leanaí atá ag dul faoi oideachas speisialta nó atá i gcúram faoisimh
Má tá do leanbh ag freastal ar scoil riachtanas speisialta nó i gcúram faoisimh, cuirfidh dochtúir sláinte poiblí glao ort má bhíonn cás nó ráig de COVID-19 ann. Inseoidh sé nó sí duit céard is gá duit féin agus do do leanbh a dhéanamh.