Cosain do leanbh ar COVID-19 trína spreagadh chun na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
- coinneáil suas chun dáta leis na vacsaíní in aghaidh COVID-19
- a lámha a ní i gceart go rialta – féach ar fhíseán maidir le múineadh do do leanbh conas a lámha a ní
Ba cheart cloí le comhairle maidir leis na rudaí seo a leanas freisin:
Má tá siomptóim ar do leanbh
Ba cheart do do leanbh fanacht sa bhaile agus fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir:
má tá siomptóim COVID-19 air nó uirthi agus:
- má tá sé nó sí tinn
- má tá teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi
Ní gá do do leanbh tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh ach amháin má thugann dochtúir teaghlaigh nó gairmí sláinte comhairle dó nó di ceann a dhéanamh.
Urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
- go bhfuil do leanbh 3 mhí d’aois nó faoina bhun agus siomptóim air nó uirthi
Do leanbh a chur chuig an scoil
Ba cheart do gach leanbh dul ar scoil ach amháin:
- má tá siomptóim COVID-19 air nó uirthi – tá sé ceart go leor do leanbh a chur chuig an scoil más rud é gurb iad srón ag sileadh nó sraothartach an t-aon siomptóm atá air nó uirthi
- má tá teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi
- má fuair sé nó sí toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19
Ar cheart dom mo leanbh a chur chuig an scoil nó chuig suíomh cúraim leanaí?
Leanaí a bhfuil riochtaí sláinte orthu
Is cosúil go bhfuil an riosca go n-éireodh do leanbh go dona tinn le COVID-19 íseal go leor, fiú:
- má tá riocht sláinte ar do leanbh cheana féin
- má tá riachtanais speisialta cúraim sláinte nó oideachais aige nó aici
D'fhéadfadh leanaí a bhfuil riochtaí sláinte orthu cheana féin a bheith i mbaol aon ionfhabhtú, mar sin féin. Má tá imní ort faoi riocht sláinte do linbh, iarr comhairle ar an bhfoireann speisialtóirí a bhíonn ag plé leis nó léi.
Leanaí a bhfuil riocht sláinte orthu a chosaint
Déan
-
coinnigh suas chun dáta leis na vacsaíní in aghaidh COVID-19
-
bí ag faire amach le haghaidh shiomptóim COVID-19 – déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh má fheiceann tú aon siomptóm nua nó má thagann athrú ar aon siomptóm
-
cloígh leis an gcomhairle maidir le dea-shláinteachas agus níochán lámh
Scoil agus leanaí a bhfuil riochtaí sláinte orthu
Níl cúis ar bith ann nach féidir le leanbh a bhfuil ceann de na riochtaí sláinte seo a leanas air nó uirthi dul ar scoil:
- asma
- fiobróis chisteach
- diaibéiteas
- galar athlastach putóige
- míchumas néareolaíoch
B'fhéidir go mbeadh ar leanaí fanacht sa bhaile ar feadh tamaill má dúradh leo é sin a dhéanamh:
- má bhí trasphlandú acu le déanaí
- i gcás dian-easpa imdhíonachta ó chóir leighis le haghaidh ailse le fíordhéanaí
- i gcás fiobróis chisteach éagobhsaí nó throm
Beidh a speisialtóir in ann comhairle a chur ort más gá do do leanbh aon bhearta breise cosanta a dhéanamh. Téigh i dteagmháil láithreach bonn leis an speisialtóir agus leis an dochtúir teaghlaigh má tholgann do leanbh COVID-19.
Má thagann COVID-19 ar do leanbh
Is iondúil go dtagann ionfhabhtú níos éadroime ar leanaí a tholgann COVID-19 ná mar a thagann ar dhaoine fásta. Is minic nach mbíonn aon siomptóim COVID-19 orthu.
I gcás líon beag leanaí a fuair COVID-19, tháinig siondróm athlastach, darb ainm siondróm athlastach ilchóras péidiatrach, orthu chomh maith. Is riocht é nach bhfeictear ach go han-annamh.
Cathain ba cheart cóir leighis a fháil do do leanbh ar bhonn práinne?