Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Má tá COVID-19 ar do leanbh

Baineann an chomhairle seo le leanaí suas le 18 mbliana d’aois.

Tá comhairle ar leith ann maidir le leanaí a bhfuil siomptóim COVID-19 orthu.

Má fhaigheann do leanbh toradh deimhneach ar thástáil

Má fhaigheann do leanbh toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19, ba cheart dó nó di:

  • fanacht sa bhaile go ceann 3 lá iomlána ón lá ar tháinig na siomptóim air nó uirthi den chéad uair
  • fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir

Mura raibh siomptóim ar do leanbh, ba cheart dó nó di fanacht sa bhaile go ceann 3 lá ón lá a bhfuair sé nó sí an toradh deimhneach ar an tástáil.

Cá fhad ba cheart do do leanbh fanacht sa bhaile?

Beidh do leanbh in ann an baile a fhágáil agus filleadh ar a ghnáthshaol tar éis 3 lá ar chuntar go mbeidh sé nó sí ag aireachtáil go maith agus nach mbeidh teocht ard (38 céim Celsius nó níos airde) air nó uirthi.

Ba cheart dó nó di filleadh ar an scoil nó ar an gcúram leanaí tar éis 3 lá fiú má tá siomptóim éadroma fós air nó uirthi, amhail srón ag sileadh, scornach thinn nó casacht éadrom. Bíodh sin mar atá, ba cheart dó nó di a bheith go maith seachas sin.

Daoine atá ina gcónaí le do leanbh

Ba cheart do dhaoine atá ina gcónaí le do leanbh agus a bhfuil riosca ard ag baint le COVID-19 dóibh ó thaobh breoiteacht thromchúiseach de a bheith an-chúramach. Tá riosca níos airde ann go bhfeadfadh an víreas teacht orthu. Má thagann siomptóim orthu, ba cheart dóibh dul i dteagmháil lena ndochtúir teaghlaigh.

Filleadh ar an scoil nó ar an gcúram leanaí tar éis COVID-19

Is féidir le do leanbh filleadh ar an scoil nó ar an suíomh cúraim leanaí nuair is fíor an dá rud seo:

  • ní raibh teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi ná siomptóim eile le 48 uair an chloig

  • tá 3 lá caite ó tháinig siomptóim air nó uirthi den chéad uair

Má tá do leanbh chun filleadh ar an scoil nó ar an suíomh cúraim leanaí:

  • ní gá tástáil eile a dhéanamh air nó uirthi

  • ní gá dó nó di toradh diúltach ar thástáil a thaispeáint

  • níl deimhniú ná nóta ó dhochtúir teaghlaigh ag teastáil

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 18 Aibreán 2023