Má tá toradh deimhneach faighte agat ar thástáil le haghaidh COVID-19, tá an baol ann go gcuirfidh tú an víreas ar aghaidh chuig daoine eile.
Ní mór duit:
- fanacht sa bhaile go ceann 5 lá
- fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir, go háirithe na daoine siúd is mó atá i mbaol ó COVID-19
Tá comhairle ar leith ar fáil maidir le leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois a bhfuil COVID-19 orthu.
Cá fhad ba cheart duit fanacht sa bhaile?
Fan sa bhaile ón dáta ar tháinig na siomptóim ort den chéad uair.
Is ceadmhach duit dul amach arís tar éis 5 lá más rud é:
- go bhfuil do shiomptóim imithe den chuid is mó nó go hiomlán le 48 uair an chloig
Ba cheart duit an baile a fhágáil tar éis 5 lá fiú má tá casacht éadrom fós ort nó mura bhfuil do bholadh tagtha chuige féin arís. Uaireanta maireann na siomptóim sin roinnt seachtainí tar éis an ionfhabhtaithe féin.
Fan glan ar na daoine siúd is mó atá i mbaol a oiread agus is féidir
Fan glan ar na daoine siúd is mó atá i mbaol a oiread agus is féidir go ceann 10 lá. Ar an dáta ar tháinig na siomptóim ort den chéad uair a thosaíonn an tréimhse sin.
Is amhlaidh an scéal toisc go bhféadfá a bheith ag cur an víris ar aghaidh chuig daoine eile go ceann suas le 10 lá.
Riochtaí a fhágann go bhfuil i mbaol níos mó ó COVID-19
Mura bhfuil siomptóim ort
Mura raibh siomptóim ort ach fuair tú toradh deimhneach ar thástáil mar sin féin, fan sa bhaile go ceann 5 lá ón lá a bhfuair tú do chéad toradh deimhneach.
Fan glan ar na daoine siúd is mó atá i mbaol a oiread agus is féidir go ceann 10 lá tar éis an lae a bhfuair tú do chéad toradh deimhneach.
Urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
- go bhfuil tú ag aireachtáil go dona tinn
- go dtagann athrú ar d’anáil nó go dtagann saothar anála ort
- go dtéann do chasacht in olcas
Ná téigh chuig do dhochtúir teaghlaigh ná chuig an gcógaslann.
Emergency action required: Cuir glao ar 112 nó 999:
- má tá an-ghiorra anála ort agus mura bhfuil fáil ar do dhochtúir teaghlaigh
Faigh tacaíocht
Más gá duit fanacht sa bhaile, coinnigh i dteagmháil le daoine ar an bhfón. Iarr ar dhuine muinteartha, cara nó comharsa glao a chur ort anois is arís lena sheiceáil go bhfuil tú fós istigh leat féin. Inis dó nó di cén chaoi a bhfuil tú ag aireachtáil.
Is féidir le daoine scothaosta glaoch ar an gcarthanas ALONE ar 0818 222 024 (Alone) idir 8 r.n. agus 8 i.n. ó Luan go hAoine.
D’fhéadfadh fanacht sa bhaile a bheith leadránach, d’fhéadfadh sé tú a chur soir nó d’fhéadfadh sé cur isteach ar do ghiúmar agus ar do mhothúcháin. B'fhéidir go mbeifeá in ísle brí, go mbeadh imní ort, nó go mbeadh deacrachtaí agat dul a chodladh.
Comhairle maidir le haire a thabhairt do do mheabhairshláinte