Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Cuairt a thabhairt ar thithe altranais agus ar shaoráidí cúraim chónaithe fhadtéarmaigh

Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh na daoine a bhfuil cónaí orthu i dtithe altranais nó i saoráidí cúraim chónaithe cuairteanna rialta ó na daoine is tábhachtaí leo.

Níl aon teorainn le líon na ndaoine éagsúla ar ceadmhach dóibh cuairt a thabhairt ar chónaitheoir. Ach is gnách nár cheart do chónaitheoirí níos mó ná 2 chuairteoir a bheith acu ag an am céanna. D'fhéadfadh daoine difriúla a bheith ann gach uair nó na daoine céanna an t-am ar fad.

Is féidir le cónaitheoir duine amháin a roghnú le tuilleadh ama a chaitheamh leis nó léi. Tugtar ‘duine tacaíochta ainmnithe’ ar an té sin. Is gnách go gceadaítear don duine tacaíochta ainmnithe sin a bheith ar cuairt an chuid is mó den lá.

Is é an cónaitheoir a shocróidh na daoine a theastaíonn uaidh nó uaithi a fheiceáil. Beidh an teach altranais nó an tsaoráid cúraim chónaithe in ann eolas chun dáta a thabhairt duit maidir le teacht ar cuairt.

Information:

Nigh do lámha roimh duit dul isteach i limistéar na gcónaitheoirí agus tar éis duit teacht amach as.

Beidh do chuairt níos sábháilte má tá do vacsaíní go léir in aghaidh COVID-19 faighte agat.

Cathain nár cheart duit teacht ar cuairt?

Ná tabhair cuairt ar theach altranais ná ar shaoráid cúraim chónaithe:

Má tá siomptóim an tinnis boilg nó COVID-19 ort, ná tar ar cuairt go dtí go mbeidh na siomptóim go léir curtha díot le 48 uair an chloig ar a laghad.

Má bhíonn ráig COVID-19 ann

Fiú má bhíonn ráig ann, ba cheart go mbeadh cónaitheoirí fós in ann a nduine tacaíochta ainmnithe nó cuairteoirí eile a fheiceáil chomh fada agus a thuigeann siad go bhfuil an baol ann go dtiocfadh ionfhabhtú orthu.

Roimh do chuairt

Labhair leis an bhfoireann roimh do chuairt ionas gur féidir leo:

  • do shonraí teagmhála a bhreacadh síos
  • labhairt leat faoi na bearta cosanta ar gá duit cloí leo agus tú ar cuairt

Ná bíodh drogall ort bronntanas a thabhairt leat don té a bhfuil tú le cuairt a thabhairt air, nó aon rud eile a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uaidh.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 29 Márta 2023