Baineann an chomhairle seo le leanaí suas le 18 mbliana d’aois.
Tá comhairle ar leith ann maidir le daoine fásta a bhfuil siomptóim orthu
Má tá do leanbh 3 mhí d’aois nó faoina bhun agus siomptóim COVID-19 air nó uirthi, cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh.
Tábhachtach
Ba cheart do do leanbh fanacht sa bhaile agus fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir má tá siomptóim COVID-19 air nó uirthi, agus:
- má tá sé nó sí tinn
- má tá teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi
Cathain is ceadmhach do do leanbh filleadh ar an scoil nó ar an gcúram leanaí?
Srón ag sileadh nó sraothartach
Mura bhfuil sna siomptóim atá ar do leanbh ach srón ag sileadh agus sraothartach, is ceadmhach dó nó di filleadh ar an scoil nó ar an gcúram leanaí ar chuntar:
- nach bhfuil aon siomptóim eile air
- nach bhfuil teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi
- go bhfuil sé nó sí go maith seachas sin
Emergency action required: Cuir glao ar 112 nó 999:
- má tá do leanbh faoi bhun 3 mhí d'aois agus teocht ard air nó uirthi (38 céim Celsius nó os a chionn)
Urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh láithreach bonn:
- má tá do leanbh idir 3 agus 6 mhí d'aois agus teocht ard air nó uirthi
Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
go bhfuil siomptóim COVID-19 ar do leanbh agus:
- tá sé nó sí ag aireachtáil go dona tinn agus imní ort faoi na siomptóim atá air nó uirthi
- tá sé nó sí i measc na ndaoine is mó atá i mbaol agus d’fhéadfadh sé nó sí a bheith incháilithe le haghaidh cógas in aghaidh COVID-19 dá bhrí sin
Ná téigh chuig do dhochtúir teaghlaigh ná chuig an gcógaslann.
Siomptóim COVID-19
I measc na siomptóm is coitianta a bhaineann le COVID-19, tá:
- fiabhras (teocht ard 38 céim Celsius nó os a chionn) - lena n-áirítear crithfhuacht
- casacht thirim
- tuirse
Siomptóim nach bhfuil chomh coitianta sin
I measc na siomptóm nach bhfuil chomh coitianta sin, tá:
- caillteanas nó athrú bolaidh nó blaiste
- srón phlúchta
- toinníteas (súil dhearg nó bhándearg)
- scornach thinn
- tinneas cinn
- pian sna matáin nó sna hailt (tinneas agus pianta)
- gríos craicinn
- samhnas, urlacan nó buinneach
- crithfhuacht nó meadhrán
Siomptóim i gcásanna troma de COVID-19
I measc na siomptóm a fheictear i gcásanna troma de COVID-19, tá:
- giorra anála
- easpa goile
- mearbhall
- pian nó brú sa chliabhrach
- teocht ard 38 céim Celsius nó os a chionn
B'fhéidir nach mbeadh na siomptóim seo go léir ar do leanbh. Seans nárbh ionann na siomptóim ag brath ar aoisghrúpa an duine agus ar an athraitheach den víreas atá i gceist. Uaireanta tógann sé suas le 14 lá sula bhfeictear siomptóim.
Is féidir le siomptóim COVID-19 a bheith cosúil le siomptóim shlaghdáin, fliú nó fiabhrais léana. Má tá amhras ort faoi aon siomptóim atá ar do leanbh, cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh.
Má éiríonn do leanbh tinn go tapa, ní dócha gur COVID-19 is cúis leis. D'fhéadfadh tinneas eile a bheith taobh thiar de na siomptóim atá air nó uirthi.
Siomptóim ar leanaí a gcaithfear cóir leighis a fháil ar bhonn práinne lena n-aghaidh
An gá do do leanbh tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh?
Is iondúil nach gá do leanaí tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh.
Má tá siomptóim air nó uirthi agus é nó í ag aireachtáil go dona tinn, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh. B’fhéidir go socródh do dhochtúir teaghlaigh do leanbh a chur ar aghaidh le haghaidh tástála. Ina leithéid de chásanna, lean an chomhairle a bhaineann leis an toradh a gheobhaidh sé nó sí.
An chaoi le siomptóim do linbh a chóireáil
Is siomptóim éadroma a bhíonn ar an gcuid is mó de leanaí. Is féidir leo teacht chucu féin ó COVID-19 sa bhaile. Is féidir leat a siomptóim a chóireáil le cógais choitianta is féidir a cheannach gan oideas. Labhair le do chógaiseoir faoi chógais is féidir a úsáid le siomptóim do linbh a chóireáil.