Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Má deirtear le do leanbh leithlisiú ó dhaoine eile

Tá an chomhairle a thugtar ar an leathanach seo ag baint le leanaí suas go dtí 12 bhliain d'aois a ndeirtear leo leithlisiú.

Ba chóir do dhaoine fásta nó do leanaí atá os cionn 13 bliana cloí le comhairle eile i dtaca le féinleithlisiú

Má deirtear le do leanbh leithlisiú, is gá dó nó di:

Ní féidir iarraidh ar leanaí óga leithlisiú ina n-aonar. Beidh duine fásta ag teastáil uathu le haire a thabhairt dóibh.

Na cásanna inar gá do do leanbh leithlisiú

Beidh ar do leanbh leithlisiú ó dhaoine eile:

  • má thagann siomptóim COVID-19 air nó uirthi
  • má fhaigheann sé nó sí toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19 - mar chuid de thástáil PCR nó tástáil antaigine

Cá fhad is gá do do leanbh leithlisiú?

Má tá siomptóim COVID-19 ar do leanbh, is gá don leanbh leithlisiú ar shiúl ó dhaoine eile (fanacht sa bhaile) go dtí 48 uair an chloig tar éis dó na di na siomptóim a chur de nó di ina n-iomláine nó den chuid is mó.

Toradh deimhneach ar thástáil

Má fhaigheann do leanbh toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19 agus tá siomptóim air nó uirthi, ní mór dó nó di leithlisiú go dtí go mbeidh an dá cheann acu seo a leanas fíor:

  • ní raibh teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi ná siomptóim eile le 48 uair an chloig
  • tá 7 lá caite ó tháinig siomptóim air nó uirthi den chéad uair

Tá sé ceart go leor don leanbh stad a chur leis an leithlisiú tar éis 7 lá más rud é nach bhfuil air nó uirthi ach casacht mheasartha nó athrú bolaidh. Féadfaidh na siomptóim sin a bheith ann ar feadh cúpla seachtain i ndiaidh don ionfhabhtú a bheith curtha de dhuine.

Más rud é go bhfuair an leanbh toradh deimhneach ar thástáil ach gan siomptóim a bheith air nó uirthi, ní mór dó nó di leithlisiú go ceann 7 lá. Sin an tréimhse ó lá na tástála ar aghaidh.

Toradh diúltach

Má fhaigheann do leanbh toradh diúltach, is féidir leis nó léi stad a chur leis an leithlisiú nuair a bhíonn tréimhse 48 uair an chloig ann gan siomptóim air nó uirthi.

Roghnaigh cúramóir amháin le haire a thabhairt do do leanbh

Nuair is féidir, níor chóir ach do dhuine amháin aire a thabhairt do do leanbh agus é nó í ag leithlisiú. Ba cheart duine a roghnú atá i ndea-shláinte agus atá vacsaínithe go hiomlán in aghaidh COVID-19, más féidir.

Information:

Ná hiarr ar dhuine cúram a dhéanamh de do leanbh sna cásanna seo:

  • má tá tinneas fadtéarmach air nó uirthi
  • má tá córas lag imdhíonachta aige nó aici
  • má tá riosca ard ag baint le COVID-19 dó nó di

Is mó an baol go mbeadh breoiteacht thromchúiseach ar dhaoine sna grúpaí seo dá dtolgfaidís COVID-19

Comhairle faoi chúram a dhéanamh de dhuine nach féidir leis nó léi féinleithlisiú

Daoine atá ina gcónaí le do leanbh

Ba chóir do dhaoine sa teaghlach na nithe seo a dhéanamh:

Ní bhíonn tástáil le haghaidh COVID-19 de dhíth ar an gcuid is mó de dhaoine.

Eolas maidir le grúpaí daoine ar cheart dóibh tástáil le haghaidh COVID-19 a fháil

Má thagann siomptóim ar dhuine ar bith eile

Má thagann siomptóim ar dhuine ar bith eile sa teach ba chóir don duine sin:

Ba cheart do ghrúpaí áirithe daoine a bhfuil siomptóim orthu tástáil le haghaidh COVID-19 a fháil.

Nuashonrú deireanach: 3 Márta 2022 ag 2:15 i.n.