Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Giorra anála tar éis COVID-19 a bheith ort

Siomptóm coitianta de COVID-19 is ea giorra anála. An cur síos a dhéanann cuid daoine air ná go mothaíonn siad ‘píopáilte’, go bhfuil ‘gearranáil orthu’ nó ‘nach bhfuil anáil leo’.

D'fhéadfadh an mothú seo den ghiorra anála leanúint ar aghaidh tamall i ndiaidh duit a bheith breoite. Gnáthchuid den phróiseas téarnaimh atá ann.

D’fhéadfadh giorra anála a bheith ort tar éis duit gnáthghníomhaíochtaí laethúla a dhéanamh, mar shampla:

  • do chuid éadaí a chur ort
  • siúl go dtí an seomra folctha
  • dul suas an staighre
  • jabanna beaga a dhéanamh thart faoin teach

Má fhoghlaimíonn tú an chaoi le smacht a choinneáil ar an análú, tiocfaidh feabhas ar an teacht aniar ionat. Beidh tú ábalta níos mó a dhéanamh ansin sula dtagann an ghiorra anála ort.

Rudaí ar chóir triail a bhaint astu má bhíonn giorra anála ort

Má bhíonn giorra anála ort, d’fhéadfá a bheith lán le teannas nó d’fhéadfadh imní nó buairt a bheith ort. D’fhéadfadh an ghiorra anála éirí ní ba mheasa dá bharr sin. 

Nuair a bhíonn giorra anála ort, déan iarracht:

  • gan labhairt ná bogadh
  • am a thabhairt duit féin chun d'anáil a shuaimhniú
  • é a ghlacadh go réidh nó d'aird a dhíriú ar phictiúr nó ar radharc ón bhfuinneog
  • dóigh a aimsiú le bheith i do shuí nó i do sheasamh ar bhealach a chabhróidh le d'análú
  • cleachtaí a dhéanamh chun smacht a choinneáil ar d'análú

Chun giorra anála a choinneáil faoi smacht, is gá d'análú a choinneáil faoi smacht. Is féidir leat é sin a dhéanamh is cuma cé chomh gasta nó chomh héadomhain agus atá an anáil.

Dóigheanna le bheith i do shuí nó i do sheasamh ar bhealach a chabhróidh le d'análú

Nuair a thagann giorra anála orainn, is minic a theannaimid na matáin inár muineál agus inár nguaillí. D’fhéadfadh an ghiorra anála éirí ní ba mheasa dá bharr sin.

D’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú agat scaoileadh leis na matáin sa mhuineál agus sna guaillí. Tá suíomhanna éagsúla ann ar féidir leat triail a bhaint astu le scaoileadh leis na matáin sin d’fhonn do chuid anála a dhéanamh níos éasca.

I do shuí agus cromtha chun tosaigh

Bí i do shuí, tú cromtha chun tosaigh agus d'uillinneacha leagtha agat ar do ghlúine nó ar uillinneacha na cathaoireach.

Fisiteiripeoir ina shuí ar chathaoir, é cromtha chun tosaigh agus a uillinneacha leagtha aige ar a ghlúine
Léiriú ar a bheith 'i do shuí agus cromtha chun tosaigh'

I do shuí agus cromtha chun tosaigh in aice le bord

Bí i do shuí, tú cromtha chun tosaigh agus d'uillinneacha leagtha agat ar bhord. D'fhéadfá piliúir nó cúisíní a chur ar an mbord ar mhaithe le do chompord féin.

Fisiteiripeoir ina shuí ar chathaoir, é cromtha chun tosaigh agus a uillinneacha leagtha aige ar bhord. Tá sé ag baint úsáid as piliúr ar mhaithe le compord.
Léiriú ar a bheith 'i do shuí agus cromtha chun tosaigh in aice le bord'

I do sheasamh agus cromtha chun tosaigh

Crom chun tosaigh agus d'uillinneacha leagtha agat ar chathaoir, ar bhalla nó ar ráille. D'fhéadfá maide siúil nó fráma a úsáid má úsáideann tú ceann acu siúd agus tú ag siúl.

Féadfaidh altra nó fisiteiripeoir modhanna anála a theagasc duit.

Fisiteiripeoir ina sheasamh agus cromtha chun tosaigh, a uillinneacha leagtha aige ar chúl cathaoireach
Léiriú ar a bheith 'i do sheasamh agus cromtha chun tosaigh'

An chaoi le smacht a choinneáil ar d'análú

An t-análú bunaithe ar an mbolg agus tú ar do shuaimhneas

Féadfaidh an modh anála seo cabhrú leat má bhíonn giorra anála ort i ndiaidh duit aon ghníomhaíocht a dhéanamh. D'fhéadfadh sé cabhrú leat le bheith ar do shuaimhneas má bhíonn imní nó buairt ort.

Ní hé an t-análú bunaithe ar an mbolg an bealach is nádúrtha againn a bheith ag análú. Ba chóir duit cleachtadh a dhéanamh air nuair nach mbíonn giorra anála ort. Beidh sé sin ina chuidiú agat máistreacht a fháil ar an modh.

An t-análú bunaithe ar an mbolg a chleachtadh

  1. Bí i do shuí go compordach, do cheann agus do dhroim in éadan taca éigin, do ghuaillí agus uachtar do chliabhraigh ar a suaimhneas.
  2. Leag lámh amháin ar do bholg.
  3. Mothaigh do bholg agus é ag ardú agus ag éirí níos mó agus tú ag tarraingt anála agus ansin é á ligean anuas arís agus tú ag scaoileadh anála amach.
  4. Bí ag análú go séimh agus tú ag cleachtadh. Bogadh éadrom ba cheart don bholg a dhéanamh agus tú ar do shuaimhneas.

Léiriú den mhodh anála bunaithe ar an mbolg.

Bí ag análú go híseal agus go mall

Má dhéantar an t-análú atá bunaithe ar an mbolg ar bhealach atá níos moille agus níos doimhne , bíonn sé sin ina chabhair ag daoine giorra anála a shuaimhniú.

Dronuilleog a análú

Nuair a dhéanann tú análú bunaithe ar an mbolg agus tú ar do shuaimhneas, b'fhéidir go mbeadh sé mar chabhair agat dronuilleog a shamhlú. D'fhéadfá, mar shampla, breathnú ar leabhar, teilifís, fuinneog, barr boird nó pictiúr ar an mballa, nó ceann acu sin a shamhlú.

Léaráid de dhronuilleog. Tá 'scaoil anáil amach' scríofa ar an taobh fada den dronuilleog. Tá 'tarraing anáil isteach' scríofa ar an taobh gearr den dronuilleog. Is éard scríofa i lár na dronuilleoige ná 'Bíodh an scaoileadh amach anála a dhá oiread níos faide ná an tarraingt isteach anála'.

Análú agus na liopaí craptha

D’fhéadfadh an t-análú agus na liopaí craptha a bheith ina chuidiú agat:

  • má tá an-ghiorra anála ort
  • má tá imní ort
  • más deacair duit an t-análú bunaithe ar an mbolg a dhéanamh

Nuair a dhéanfaidh tú análú agus na liopaí craptha agat, tógfaidh sé níos mó ama ar an aer teacht as na scamhóga. An toradh a bhíonn air sin ná go mbíonn sé níos fusa anáil a tharraingt isteach an chéad uair eile.

  1. Tarraing anáil isteach trí do shrón.
  2. Déan do liopaí a chrapadh agus scaoil amach anáil.
  3. Lean ar aghaidh mar sin go dtí go mbeidh do chuid anála faoi smacht agat – is amhlaidh go bhfuil tú ag séideadh na giorra anála chun siúil.

Léiriú den anáil agus na liopaí craptha.

Giorra anála a bhainistiú

D’fhéadfadh giorra anála teacht ort fiú mura raibh ach breoiteacht éadrom ort ar dtús. Airíonn cuid mhaith daoine níos fearr roinnt laethanta nó seachtainí tar éis dóibh ionfhabhtú COVID-19 a chur díobh. Tagann mórchuid na ndaoine chucu féin go hiomlán laistigh de 12 sheachtain.

I gcás roinnt daoine, áfach, maireann na siomptóim níos faide fós. Cuireann COVID-19 isteach ar an gcóras riospráide go hiondúil. D’fhéadfadh gortú scamhóg a bheith ann dá bharr agus b’fhéidir go dtógfadh sé tamall ort teacht chugat féin.

Nuair a dhéanann tú gnáthghníomhaíochtaí laethúla agus gníomhaíocht choirp, glac sos go rialta agus stop sula n-éiríonn an ghiorra anála ródhona. Ba chóir go mbeifeá in ann comhrá a bheith agat agus tú ag déanamh gnáthghníomhaíochtaí laethúla.

D’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú agat na gníomhaíochtaí a leathadh amach thar an lá nó thar an tseachtain.

Cén chaoi do ghníomhaíochtaí a phleanáil, a chur in ord tosaíochta agus a dhéanamh ar do luas féin agus tú ag teacht chugat féin

B’fhéidir go mbraithfeá nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agat ach bí foighneach leat féin.

Tosaigh ag déanamh tuilleadh gníomhaíochtaí ar do luas féin:

  • nuair is féidir leat leibhéal gníomhaíochta a choinneáil gan siomptóim a theacht ort
  • nuair atá tú muiníneach gur féidir leat beagán níos mó a dhéanamh

Do leibhéil ghníomhaíochta a mhéadú

Cathain ba cheart cúnamh leighis a fháil

Is féidir le formhór na ndaoine giorra anála a bhainistiú sa bhaile agus iad ag teacht chucu féin. Ach d’fhéadfadh an ghiorra anála a bheith tromchúiseach in amanna agus b’fhéidir go mbeadh ort cóir leighis a fháil.

Cathain ba cheart cúnamh leighis nó cóireáil ospidéil a fháil

Emergency action required: Cuir glao ar 112 nó 999:

  • má bhíonn teannas nó troime i do chliabhrach
  • má bhíonn pian ort a leathann chuig do lámha, droim, muineál agus giall
  • má thagann fonn múisce ort go tobann nó má tá tú ag caitheamh aníos agus é ag dul deacair ort análú

D'fhéadfadh taom croí a bheith ag teacht ort nó b'fhéidir go mbeadh fadhb ag baint le do scamhóga nó feadán anála.

Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh:

má tá giorra anála ort agus:

  • ní thagann feabhas air nó éiríonn sé níos measa
  • tagann athrú ar d'análú i gcomparáid leis an gcaoi a mbíonn sé de ghnáth nó tá imní ort
  • éiríonn sé níos measa i ndiaidh duit a bheith gníomhach nó i ndiaidh duit luí síos
  • tá tú i ndiaidh a bheith ag casacht le 3 seachtaine nó níos mó
  • tá do rúitíní ata

Éirigh as caitheamh tobac

Má chaitheann tú tobac agus giorra anála ort, ba cheart duit éirí as caitheamh tobac.

Cuirimid tacaíocht saor in aisce ar fáil do dhaoine a chaitheann tobac atá ag smaoineamh ar éirí as. Tá an tacaíocht sin ar fáil ar an bhfón, ar líne nó duine le duine.

Faigh tacaíocht le héirí as caitheamh tobac

1800 201 203 (Saorghlao)

Ábhar curtha ar fáil ag Cumann Fisiteiripeoirí Cairte na hÉireann

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 28 Meán Fómhair 2022