Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Na cásanna inar cheart duit seirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta a úsáid

Déan teagmháil le seirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta má tá oifig do dhochtúra teaghlaigh dúnta agus má tá dochtúir ag teastáil uait go práinneach.

Mura dteastaíonn cúram leighis uait go práinneach, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh le linn gnáthuaireanta oscailte.

Níor cheart dochtúir teaghlaigh a úsáid taobh amuigh de ghnáthuaireanta oscailte le haghaidh gnáthchúram leighis, amhail:

  • oideas leantach
  • torthaí tástála
  • deimhniú leighis
  • scrúdú dochtúra don obair

Gabh chuig an Rannóg Éigeandála más gortú trom nó éigeandáil atá bagrach don bheatha atá i gceist.

Emergency action required: Cuir glao ar 112 (nó 999) láithreach sna cásanna a leanas:

  • teastaíonn cóir leighis uait nó ó dhuine eile ar bhonn práinne
  • tá beatha i mbaol

Conas a oibríonn an tseirbhís

Tá an tseirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta do dhaoine ar gach aois.

Ní mór duit coinne a bheith agat lena húsáid. Ní seirbhís siúil isteach í.

Mura bhfuil tú cinnte cé acu seirbhís ba cheart a úsáid, cuir glao ar oifig do dhochtúra teaghlaigh taobh amuigh de na gnáthuaireanta. Is ceart go bhfuil teachtaireacht taifeadta acu le sonraí teagmhála na seirbhíse áitiúla.

Nuair a chuirfidh tú glao, baileoidh siad do shonraí, amhail:

  • ainm agus dáta breithe
  • seoladh agus uimhir fóin
  • tuairisc ar an bhfadhb leighis
  • uimhir do chárta leighis nó do chárta cuairte dochtúra, má tá ceann agat

Cuirfear do ghlao ar aghaidh chuig altra triáiseála. Cuirfidh sé nó sí glao ar ais ort. Déan cinnte go bhfuil do líne fóin saor ionas nach gcaillfidh tú an glao.

Cad é an chéad rud eile?

Nuair a ghlaonn an t-altra ort, inseoidh sé nó sí duit an méid atá le déanamh agat.

Is féidir go n-áireoidh sin na nithe a leanas:

  • comhairle ón altra nó ón dochtúir teaghlaigh
  • coinne leis an tseirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta

Is féidir go n-inseoidh sé nó sí na nithe a leanas duit:

  • teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh le linn gnáthuaireanta oscailte
  • dul chuig an rannóg éigeandála
  • dul chuig aonad gortuithe
  • fios a chur ar otharcharr

Is féidir go ndéanfaidh sé nó sí na socrúcháin a leanas:

  • cuairt dochtúra chun tí lasmuigh de na gnáthuaireanta
  • otharcharr a fháil duit

Cé mhéad a chosnaíonn sé?

Tá an tseirbhís saor in aisce ach cárta leighis nó cárta cuairte dochtúra bailí a thaispeáint.

Mura bhfuil cárta agat, gearrfar táille ort.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 27 Meán Fómhair 2024
Le hathbhreithniú arís: 26 Meán Fómhair 2027