Tá aonaid ar leith ag roinnt aonaid mháithreachais, amhail:
- Aonaid Éigeandála agus Mheasúnaithe
- Aonaid Mheasúnaithe Luath-Thoirchis (EPAU)
I roinnt ospidéal, b’fhéidir go mbeadh ort dul chuig an ngnáthrannóg éigeandála.
Téigh chuig an aonad máithreachais a bhfuil do thoircheas cláraithe leis.
I gcás éigeandála, téigh chuig an tseirbhís éigeandála máithreachais is gaire duit.
Aonaid Éigeandála agus Mheasúnaithe
Urgent advice: Téigh chuig an Aonad Éigeandála agus Measúnaithe is gaire duit más rud é:
- go bhfuil imní ort go bhfuil athrú tagtha ar ghnáthghluaiseachtaí do linbh
- go bhfuil tú ag cur fola ón bhfaighin
- go bhfuil do chuid uisce briste nó go bhfuil comharthaí an tinnis clainne tagtha ort ach tú ag iompar níos lú ná 37 seachtain
Ní gá duit coinne a bheith agat.
Cuir in iúl don chnáimhseach é má tá tú ag iompar níos mó ná 37 seachtain agus más rud é:
- go bhfuil do chuid uisce briste
- go bhfuil ceann ar bith de chomharthaí an tinnis clainne ag teacht ort
Téigh chuig Aonad Éigeandála agus Measúnaithe i gcás:
- comharthaí an tinnis clainne
- aimhréidheanna toirchis
- aimhréidheanna sa tréimhse iarbhreithe
- géarchásanna éigeandála gínéiceolaíocha
Cuid de na hAonaid Éigeandála agus Mheasúnaithe, tá siad lonnaithe in aonaid mháithreachais. Cuid eile, tá siad lonnaithe sa rannóg éigeandála in ospidéal ginearálta.
Ní dhéanann roinnt Aonaid Éigeandála agus Mheasúnaithe plé ach le mná agus le leanaí suas le 6 seachtaine d’aois. Déanann roinnt eile plé le mná agus le leanaí de gach aois.
Emergency action required: Cuir glao ar 112 (nó 999) le fios a chur ar otharcharr:
- má tá duine atá ag iompar clainne go dona tinn nó gortaithe, agus a beatha i mbaol
A bhfuil i ndán duit san Aonad Éigeandála agus Measúnaithe
Nuair a thagann tú chuig an Aonad Éigeandála agus Measúnaithe, cláraigh ag an bhfáiltiú.
Beidh sé mar aidhm ag an gcnáimhseach nó ag an altra tú a fheiceáil chomh luath agus is féidir.
An chnáimhseach/an t-altra:
- labhróidh sé nó sí leat faoi na siomptóim atá ort nó faoi na nithe is cúis imní duit
- déanfaidh sé nó sí athbhreithniú ar do thaifead sláinte
- déanfaidh sé nó sí scrúdú agus measúnú d’fhonn a fháil amach cé chomh práinneach is atá do chás
Socróidh sé nó sí cibé acu is gá duit labhairt le dochtúir nó nach gá. Tabharfar tosaíocht do na daoine siúd is mó a bhfuil gá acu le cabhair.
Inis don chnáimhseach nó don altra é má bhraitheann tú go bhfuil na siomptóim atá ort ag athrú agus tú ag fanacht.
Aonad Measúnaithe Luath-Thoirchis (EPAU)
Is éard is Aonad Measúnaithe Luath-Thoirchis ann ná rannóg in ospidéal a dhéanann plé le fadhbanna a tharlaíonn go luath sa toircheas. Is iad na nithe is coitianta is cúis imní ná cur fola ón bhfaighin agus pian.
Dul chuig an Aonad Measúnaithe Luath-Thoirchis
Ní gá duit coinne a bheith agat le dul chuig Aonad Measúnaithe Luath-Thoirchis.
Is féidir leis na páirtithe seo a leanas tú a atreorú:
- Aonad Éigeandála agus Measúnaithe
- Dochtúir teaghlaigh
Cuirfidh siad do chuid sonraí ar aghaidh chuig an Aonad. Déanfar teagmháil leat ansin le coinne a thabhairt duit.
Más gá tú a ghlacadh isteach san ospidéal, socróidh an fhoireann é sin.
A bhfuil i ndán duit san Aonad Measúnaithe Luath-Thoirchis
Déanfaidh an fhoireann san Aonad measúnú ort féin agus ar do thoircheas.
D’fhéadfadh sé go mbeadh i gceist leis sin:
- stair leighis
- scrúdú inmheánach (san fhaighin)
- scanadh faighne
- scanadh ultrafhuaime - tar chuig an gclinic agus do mhún agat leis an ultrafhuaim a dhéanamh níos éasca
- tástálacha fola
Uaireanta bíonn toradh an scrúdaithe nó an scanta doiléir.
Tá teorainn leis an méid is féidir a fheiceáil le scanadh ultrafhuaime sa 6ú seachtain den toircheas nó níos luaithe. Má thugann do scanadh le fios go bhfuil tú ag iompar 6 seachtaine nó níos lú, féadfar scanadh eile a shocrú.
Urgent advice: Téigh go dtí do dhochtúir teaghlaigh nó go dtí an t-ospidéal láithreach:
- má tá tú ag cur fola go trom
- má tá pian i do bholg agat atá ag éirí níos measa
- má tá pian agat i mbarr do ghualainne
Emergency action required: Cuir glao ar 112 (nó 999) le fios a chur ar otharcharr:
- má tá duine atá ag iompar clainne go dona tinn nó gortaithe, agus a beatha i mbaol