Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Na cásanna inar cheart dul chuig aonad gortuithe

Déanann aonaid gortuithe plé le gortuithe a tharla le déanaí:

  • nach mbaineann baol báis leo
  • nach dócha a chuirfidh an té san ospidéal

Is féidir leo cabhrú le cuid mhaith de na gortuithe a dtéann daoine chuig an rannóg éigeandála le cóir leighis a fháil orthu. Cnámha briste, asaltuithe agus moindónna, cuir i gcás.

Is féidir cóireálacha ar nós x-ghathanna, teilgin phlástair agus cúram créachta a fháil in aonad gortuithe.

Céard iad na rudaí a ndéanann aonaid gortuithe plé leo?

Mura féidir leo cabhrú leat le fadhb ar leith, díreoidh siad thú chuig an áit ar féidir leat an chabhair cheart a fháil.

Ní gá duit coinne a bheith agat

Ní gá duit coinne a bheith agat.

Is féidir le do dhochtúir teaghlaigh nó rannóg éigeandála tú a chur ar aghaidh chuig aonad gortuithe. Más rud é gur cuireadh ar aghaidh thú, ní bheidh ort táille a íoc.

Na cásanna inar cheart duit dul chuig an rannóg éigeandála

Téigh chuig an rannóg éigeandála ar bhonn práinne in ionad dul chuig aonad gortuithe i gcás:

  • gortuithe don chliabhrach, don bholg (abdóman) nó don pheilbheas
  • gortuithe tromchúiseacha don cheann agus don chnámh droma

Emergency action required: Cuir glao ar 112 (nó 999) le fios a chur ar otharcharr:

  • má tá cóir leighis ag teastáil uait ar bhonn práinne
  • má tá beatha i mbaol

Ar cheart a bheith ag súil leis

Nuair a théann tú isteach in aonad gortuithe:

  • déanfaidh an fhoireann altranais tú a chlárú agus a mheas
  • cuirfidh dochtúir nó ardchleachtóir altra (altra a bhfuil sainoiliúint air nó uirthi) cóir leighis ort ag brath ar an gcineál cúraim atá de dhíth ort
  • tabharfar sonraí duit maidir le haon choinní leantacha a bheidh agat san aonad gortuithe
  • cuirfear ar aghaidh chuig seirbhísí eile thú, más gá

Má tá tú in aonad gortuithe ach go gcaithfidh tú dul chuig an rannóg éigeandála, cuirfear ar aghaidh go díreach ón aonad gortuithe thú.

Céard iad na rudaí a ndéanann aonaid gortuithe plé leo?

Déanann aonaid gortuithe plé le:

  • cnámha briste agus leontaí, ón nglúin síos chuig méara coise
  • cnámha briste agus leontaí, ón dealrachán síos chuig barr na méar
  • mionghortuithe aghaidhe (lena n-áirítear gortuithe béil, fiacla agus sróine)
  • mionghortuithe scallta agus miondónna
  • créachtaí, greamanna, gearrthacha, scríobthaí agus stolltaí (greamanna) plaite
  • easpaí agus neascóidí beaga
  • scealpóga agus duáin
  • rudaí i bhfostú sna súile, sna cluasa nó sa tsrón
  • mionghortuithe cinn (othair a bhfuil lánmhothú iontu, nár chaill an mothú ná nár chuir aníos tar éis an ghortaithe cinn)

Céard iad na rudaí nach ndéanann aonaid gortuithe plé leo?

Daoine fásta

Ní dhéanann aonaid gortuithe plé le:

  • riochtaí a bhaineann le tinneas leighis – fiabhras, taomanna, tinneas cinn, cuir i gcás
  • gortú is cúis le pian sa chliabhrach, pian sa bholg nó giorra anála
  • gortú tromchúiseach cinn
  • pian sa chliabhrach
  • riochtaí riospráide
  • pian sa bholg (abdóman)
  • fadhbanna gínéiceolaíocha
  • pian sa mhuineál nó sa droim
  • riochtaí a bhaineann le toircheas
  • bristeacha peilbhis nó cromáin
  • gortuithe de dheasca féindochair
  • gortú tromchúiseach amhrasta tar éis timpiste
  • gan bheith in ann siúl tar éis titim ó airde nó imbhualadh mótarfheithicle
  • gortuithe a tharla níos mó ná 6 seachtaine ó shin

Ina leithéid de chásanna, ba cheart duit dul chuig an rannóg éigeandála is gaire duit seachas aonad gortuithe.

Leanaí atá 5 bliana d’aois nó os a chionn

Ní dhéanann aonaid gortuithe plé le:

  • leanbh ar bith is cuma cén aois é nó í a bhfuil tinneas leighis air nó uirthi, mar shampla, fiabhras, taomanna, siomptóim riospráide
  • céim bhacaí neamhthrámach nó gan bheith in ann géag a úsáid
  • gortuithe tar éis titim ó airde nó imbhualadh mótarfheithicle
  • gortuithe tromchúiseacha cinn
  • pian sa bholg (abdóman)
  • fadhbanna gínéiceolaíocha
  • gortuithe de dheasca féindochair
  • pian sa mhuineál nó sa droim
  • gortuithe a tharla níos mó ná 6 seachtaine ó shin

Ina leithéid de chásanna, ba cheart duit do leanbh a thabhairt chuig an rannóg éigeandála is gaire daoibh a dhéanann plé le leanaí seachas aonad gortuithe.

Aoisteorainneacha

Déanann formhór na n-aonad gortuithe plé le hothair atá os cionn 5 bliana d’aois. Tá aoisteorainneacha níos airde i gceist i roinnt aonaid gortuithe.

Ní ceadmhach d’aonaid gortuithe cóir leighis a chur ar leanbh ar bith atá faoi bhun 5 bliana d’aois.

Faigh amach na haoisteorainneacha atá i gceist le d’aonad gortuithe áitiúil

Cé mhéad a chosnaíonn sé?

Cosnaíonn sé €75 le freastal ar aonad gortaithe.

Má chuirtear ar aghaidh ó aonad gortuithe chuig rannóg éigeandála thú, ní bheidh ort táille eile a íoc.

Ní ghearrtar aon táille ar othair ag a bhfuil:

  • cárta leighis
  • litir leighis nó litir atreoraithe ó dhochtúir teaghlaigh

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 29 Samhain 2023
Le hathbhreithniú arís: 29 Samhain 2026