Bíonn rannóga éigeandála ar oscailt 24 uair an chloig, 365 lá sa bhliain.
I mBaile Átha Cliath is ann do roinnt rannóga éigeandála nach ndéanann plé ach le daoine fásta agus roinnt eile nach ndéanann plé ach le leanaí. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, is féidir le leanaí dul chuig rannóg éigeandála ar bith.
Emergency action required: Cuir glao ar 112 (nó 999) le fios a chur ar otharcharr:
má tá duine éigin go dona tinn nó gortaithe, agus a bheatha i mbaol.
Na cásanna inar cheart duit dul chuig an rannóg éigeandála
Déanann rannóga éigeandála plé le cásanna éigeandála a mbaineann baol báis leo.
Mar shampla:
- má tá giorra anála ar dhuine
- má tá duine ag mothú tinn agus ag éirí níos measa go han-tapa
- mura bhfuil a mhún déanta ag duine le 12 uair an chloig anuas agus mura bhfuil fonn air a mhún a dhéanamh
- mura bhfuil duine ag mothú go maith agus go bhfuil mearbhall ag teacht air agus é ag éirí corraithe
- má tá duine bán san aghaidh agus go bhfuil a lámha agus a chosa fuar
- má tá meadhrán i nduine nuair a shuíonn sé suas nó mura bhfuil sé in ann seasamh
- má tá gríos tagtha ar dhuine nach n-imíonn nuair a bhrúitear síos é
Is féidir cóireáil le haghaidh gortuithe nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna a fháil in aonad gortuithe.
Ar cheart duit a thabhairt leat
Más féidir, tabhair leat:
- ainm agus seoladh do dhochtúra teaghlaigh
- litir atreoraithe i gcás gur thug do dhochtúir teaghlaigh a leithéid de litir duit
- aon chógas atá á ghlacadh agat
- liosta d’aon ailléirgí nó riochtaí leighis a d’fhéadfadh a bheith ort
- do spéaclaí nó d’áis éisteachta má tá a leithéid agat
Beidh na rudaí sin ina gcabhair ag an bhfoireann cúraim sláinte agus seans nach mbeidh ort fanacht chomh fada céanna má bhíonn siad faoi réir agat.
Má tá deacrachtaí teanga nó urlabhra agat, iarrtar ort duine a thabhairt leat a bheidh in ann cabhrú leat cumarsáid a dhéanamh.
Is féidir linn ateangaire a fháil isteach, ach seans go mbeidh fanacht fada ort.
Nuair a thagann tú chuig an rannóg éigeandála
Nuair a thagann tú chuig an rannóg éigeandála, cláraigh ag an bhfáiltiú. Tabharfar tosaíocht do na daoine siúd is mó a bhfuil gá acu le cabhair.
Braithfidh cá fhad a bheidh tú ag fanacht ar:
- cé chomh tromchúiseach is atá do ghortú nó tinneas
- cé chomh gnóthach is atá sé
Má theastaíonn cúnamh speisialta uait mar gheall ar mhíchumas fisiceach nó meabhrach, cuir an méid sin in iúl dúinn.
Measúnú (triáis)
Bainimid úsáid as córas a dtugtar ‘triáis’ air lena dhéanamh amach cé hiad na daoine a chaithfear a fheiceáil gan mhoill.
Nuair a thagann tú isteach, is é altra triáiseála a fheicfidh tú ar dtús. Tá oiliúint curtha ar an altra triáiseála le gur féidir leis a fháil amach céard atá ort.
Tabharfaidh sé tosaíocht duit bunaithe ar an riocht atá ort. Ach má thagann athrú ar bith ar an scéal nó má tá tú ag aireachtáil níos measa, cuir é sin in iúl don fhoireann láithreach bonn.
Cén fáth a gcaithfidh tú fanacht?
Bíonn níos mó dochtúirí agus altraí ag obair sa rannóg éigeandála nuair is eol dúinn go mbeidh níos mó othar ag teacht isteach. Ach má thagann an-chuid daoine isteach ag lorg cúraim, ní bhíonn aon dul as ach iarraidh orthu fanacht.
Tabhair leat duine muinteartha nó cara leat
Is ceadmhach duit duine muinteartha amháin nó cara amháin a thabhairt leat isteach chuig an seomra scrúdaithe. Ní ceadmhach duit níos mó ná duine amháin a thabhairt leat toisc nach bhfuil mórán spáis sa seomra. Ar mhaithe le príobháid agus compord gach othair atá sé sin chomh maith.
Coinnigh an rannóg éigeandála sábháilte
Más rud é go gcuireann rud ar bith sa rannóg éigeandála as duit, cuir duine den fhoireann ar an eolas faoi.
Cóireáil, aistriú agus scaoileadh amach
Formhór na ndaoine a thagann isteach chuig an rannóg éigeandála, is féidir leo dul abhaile tar éis dul faoi thástálacha nó cóireáil a fháil. Caithfidh roinnt daoine fanacht istigh áfach le dul faoi thástálacha eile nó le sainchúram a fháil.
I gcásanna áirithe nuair a chaithfear othar a thógáil isteach san ospidéal le sainchúram a fháil, níl fáil ar leaba ar bith ar bharda ospidéil ag an am sin.
Nuair a tharlaíonn a leithéid, seans go mbeidh ar an othar fanacht sa rannóg éigeandála go dtí go mbeidh fáil ar leaba.
Sa chás sin, leanfaimid orainn ag tabhairt aire duit sa rannóg éigeandála go dtí go mbeidh do leaba réidh.
Más gá duit fanacht istigh san ospidéal
D’fhéadfadh sé go dtógfaí isteach thú chuig:
- barda leighis nó máinliachta
- aonad speisialtachta, amhail dianchúram nó cúram corónach
- seomra leithlise, má tá ionfhabhtú nó tinneas tógálach ort
Fiú má tá tú ag fanacht le leaba, gheobhaidh tú cóireáil agus tástálacha fós.
Déanfaimid gach iarracht tú a dhéanamh chomh compordach agus is féidir.
Má scaoiltear amach thú
Sula n-imíonn tú, fiafraigh díot féin:
- an bhfuil tuiscint agam ar an riocht atá orm agus ar an gcóireáil a tugadh dom?
- an bhfuil a fhios agam céard iad na rudaí ar cheart dom a bheith ag faire amach dóibh?
- an bhfuil na sonraí faoi mo choinne leantach ar eolas agam, i gcás gur tugadh ceann dom?
Má tá imní ort agus tú sa rannóg éigeandála, iarr cabhair ar dhuine den fhoireann.
Má tá riocht ort nach bhfuil chomh tromchúiseach sin
Bíonn rannóga éigeandála gnóthach. Seans go mbeidh ort fanacht tamall fada sula bhfeicfear thú. Feictear na daoine is breoite ar dtús.
Déanann aonaid gortuithe plé le gortuithe nach mbaineann baol báis leo, amhail cnámha briste.
Má tá cóireáil ag teastáil uait ach nach bhfuil sí ag teastáil go práinneach, cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh. Má tá do dhochtúir teaghlaigh dúnta agus go bhfuil cúram práinneach dochtúra teaghlaigh ag teastáil uait, ba cheart duit glao a chur ar sheirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta.