Formhór mór na ndaoine a tholg COVID-19, tháinig siad chucu féin gan aon chur isteach fadtéarmach ar a gcuimhne ná ar a n-acmhainn mheabhrach. Bíonn fadhbanna éadroma ag roinnt daoine agus ní mhaireann na fadhbanna sin i bhfad. Tugtar ‘mearbhall inchinne’ air sin uaireanta.
B’fhéidir go mairfeadh na deacrachtaí sin ní b’fhaide i gcás daoine áirithe, go háirithe na daoine siúd a raibh breoiteacht thromchúiseach orthu de dheasca COVID-19.
Na comharthaí a ghabhann le deacrachtaí cuimhne agus smaoinimh
Má tá deacrachtaí agat le do chuimhne, le d’aird a dhíriú ar rudaí nó le smaoineamh, b’fhéidir go mbeadh sé deacair ort:
- faisnéis a thabhairt chun cuimhne agus í a úsáid le cinntí a dhéanamh
- rud a tharla a thabhairt chun cuimhne
- cuimhneamh ar thascanna a chaithfidh tú a dhéanamh, amhail cógais a ghlacadh
- díriú ar thasc agus rudaí eile a chur as do mheabhair
- dhá rud a dhéanamh ag an am céanna, amhail comhrá a bheith agat le duine agus an raidió ar siúl sa chúlra
- fadhbanna a réiteach nó pleanáil don am atá le teacht – b’fhéidir go gceapfadh daoine eile gur duine mí-eagraithe thú nó go ndéanann tú rudaí as taghd, rud nach fíor de ghnáth
- tascanna a chur i gcrích toisc gur baineadh d’aird díobh
Má bhí tú san ospidéal le haghaidh COVID-19, b’fhéidir go ndearnadh tástálacha ort le do chuimhne agus do chumas smaoinimh a sheiceáil.
Is gnách nach ndéantar a leithéid de thástálacha ar dhaoine a dtagann chucu féin ó COVID-19 sa bhaile. B’fhéidir go mbeadh sé ina chuidiú agat a fhiafraí de dhaoine de do mhuintir nó de dhaoine eile a bhíonn thart ort an bhfuil aon athruithe tugtha faoi deara acu.
Má bhí deacrachtaí cuimhne agat cheana féin, b’fhéidir go dtabharfá faoi deara go bhfuil siad ag éirí beagán níos measa. Ach b’fhéidir go mbeadh na hathruithe éadrom agus nach mairidís i bhfad.
Na cúiseanna le deacrachtaí cuimhne agus smaoinimh
Seans go mbeadh deacrachtaí cuimhne agus smaoinimh agat agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19 mar gheall ar:
- tuirse - caithfidh tú fuinneamh a úsáid le bheith ag smaoineamh agus, mar sin, d’fhéadfadh an tuirse tar éis ionfhabhtuithe víreasacha cur isteach ar do chumas le díriú ar rudaí
- imní - d’fhéadfadh eagla, imní nó strus faoin bpaindéim nó faoi do théarnamh cur isteach ar do chumas le díriú ar rudaí
- ísle brí - d’fhéadfadh anró an tsaoil tú a fhágáil in ísle brí agus cur isteach ar do chumas smaoinimh
Ach d’fhéadfá deacrachtaí cuimhne agus smaoinimh a bheith agat gan na siomptóim sin a bheith ort.
Má bhí tú san ospidéal de dheasca COVID-19, inseoidh d’fhoireann cúraim sláinte duit faoi riochtaí eile a d’fhéadfadh a bheith ort a chuireann isteach ar do chuimhne agus ar do chumas smaoinimh.
Deacrachtaí cuimhne agus smaoinimh a bhainistiú
Agus tú ag teacht chugat féin, d’fhéadfadh sé a bheith thuas seal thíos seal. Ach déan gach iarracht ithe go maith, srian a chur leis an méid alcóil a ólann tú, agus gníomhaíocht choirp a dhéanamh chun aire a thabhairt do do shláinte fhisiciúil.
Tá rudaí ann ar féidir leat triail a bhaint astu chun seachráin a laghdú, tascanna a dhéanamh níos éasca agus do chumas le díriú ar rudaí a fheabhsú:
Déan
-
cloígh le gnáthamh - bíonn gnáthaimh ina gcuidiú leis an mbrú ar do inchinn a laghdú
-
faigh do dhóthain codlata - tá sé tábhachtach don chuimhne agus don chumas smaoinimh
-
bris gníomhaíochtaí síos ina dtascanna níos lú - roinn na tascanna thar an lá nó thar an tseachtain agus glac sosanna rialta
-
nuair a theastaíonn siad uait
-
coinnigh rudaí spéisiúil - athraigh ó thascanna spéisiúla go tascanna leadránacha agus ar ais arís agus déan cineál beag ort féin nuair a éiríonn leat iad ar fad a chur díot
-
meabhraigh duit féin rudaí a dhéanamh - úsáid dialann, féilire nó aip féilire ar d'fhón cliste
-
coinnigh taifead ar na rudaí a dhéanann tú - coinnigh dialann, breac síos nótaí ar d’fhón nó bain úsáid as taifeadán gutha
-
breac síos eolas tábhachtach - bain úsáid as d’fhón cliste nó leabhar nótaí le heolas tábhachtach a choinneáil sa chaoi go mbeidh tú in ann tagairt dó amach anseo
-
faigh am agus áit chiúin le tabhairt faoi thascanna deacra
-
éist le ceol séimh uirlise nuair is gá duit díriú ar rudaí
-
iarr cabhair le tascanna nuair a theastaíonn sí uait
Labhair faoi fhadhbanna atá agat le daoine de do theaghlach nó le daoine eile a bhíonn timpeall ort. D’fhéadfadh sé go mbeadh sibh in ann teacht ar bhealaí le dul i ngleic leo le chéile. Mar shampla, d’fhéadfá a iarraidh ar dhaoine muinteartha, ar chairde nó ar chomhghleacaithe leat a mheabhrú duit nuair is mithid duit tasc áirithe a dhéanamh.
D’fhéadfá labhairt le d’fhostóir faoi na hathruithe réasúnta a d’fhéadfaí a dhéanamh le cabhrú leat ag an obair.
Gníomhaíochtaí nua nó casta a phleanáil
Déan plean nuair is gá duit tabhairt faoi ghníomhaíochtaí nó rudaí nua nó casta:
- bris síos an ghníomhaíocht ina céimeanna beaga
- breac síos na céimeanna agus a mbeidh ag teastáil uait le hiad a chur i gcrích
- tabhair faoi céim ar chéim
- coinnigh súil ar do phlean mar a dhéanann tú dul chun cinn agus déan athruithe air, más gá
Agus gníomhaíochtaí casta á ndéanamh agat, ná bíodh drogall ort stopadh go ceann dhá mheandar le smaoineamh.
Fiafraigh díot féin:
- Céard a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh?
- Cén chaoi a bhfuil ag éirí liom?
- An gá dom mo chur chuige a athrú?
- An gá dom sos a ghlacadh?
Faigh cabhair leighis má bhíonn sí ag teastáil uait
Is féidir leat cabhair a fháil má tá deacrachtaí cuimhne agus smaoinimh ag cur isteach ar do shaol laethúil.
Cuir ceist ar do dhochtúir teaghlaigh faoin tacaíocht atá ar fáil.
Beidh sé nó sí in ann tú a chur ar aghaidh chuig sainchlinic, teiripeoir saothair nó síceolaí le haghaidh measúnaithe.
Má bhí tú san ospidéal, seans go bhfuil coinní agat le d’fhoireann cúraim sláinte. Inis dóibh faoi aon deacrachtaí cuimhne nó smaoinimh atá ag cur as duit.