Is ann do 3 chineál toraidh ar thástáil PCR nó antaigine le haghaidh COVID-19 (coróinvíreas):
- deimhneach (braitheadh COVID-19)
- diúltach (níor braitheadh COVID-19)
- neamhchinntithe, neamhbhailí nó toirmeascach
Toradh deimhneach ar thástáil
Is éard a chiallaíonn toradh deimhneach tástála gur aimsíodh an víreas sa sampla a glacadh uait.
Má fhaigheann tú toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19, ní mór duit 7 lá a chaitheamh ag féinleithlisiú.
Má tá toradh deimhneach ar thástáil antaigine (braite) agat, ní mór duit do thoradh deimhneach antaigine a thuairisciú.
Toradh diúltach
Is éard a chiallaíonn toradh diúltach tástála nár aimsíodh an víreas sa sampla a glacadh uait.
Ní thugann sé deimhniú iomlán nach bhfuil COVID-19 ort. Is éard a chiallaíonn sé nár aimsíodh an víreas sa sampla.
Má tá toradh diúltach ar thástáil antaigine (gan é a bhrath) agat, ní mór duit do thoradh diúltach antaigine a thuairisciú.
Toradh neamhbhailí ar thástáil
D'fhéadfadh sé tarlú nach dtabharfadh sampla tástála le haghaidh COVID-19 toradh soiléir i ngach cás. Toradh neamhbhailí a thugtar air seo. Ciallaíonn sé nach raibh an tástáil in ann a bhrath cibé acu atá COVID-19 ort nó nach bhfuil.
Is éard a chiallaíonn toradh neamhbhailí tástála nach raibh an tástáil in ann a bhrath cibé acu atá COVID-19 ort nó nach bhfuil.
Má fuair tú toradh neamhbhailí ar thástáil antaigine, déan tástáil eile.
Toradh toirmeascach nó neamhchinntithe ar thástáil PCR
Is éard a chiallaíonn toradh toirmeascach ar thástáil PCR gur braitheadh méid beag den víreas ach gan go leor de ann le toradh deimhneach a fháil.
Is éard a chiallaíonn toradh neamhchinntithe ar thástáil PCR nach raibh go leor sa sampla lena thástáil nó nárbh fhéidir an tástáil a bhailíochtú.
Má tá toradh neamhbhailí, toirmeascach nó neamhchinntithe agat ar thástáil PCR, is dócha go n‑iarrfaidh an cliniceoir ort tástáil eile a dhéanamh.