Má fhaigheann tú toradh diúltach ar do thástáil PCR, gheobhaidh tú teachtaireacht téacs lena chur in iúl duit nár bhraith an tástáil COVID-19. Is é sin le rá nár aimsíodh an víreas sa sampla a glacadh uait.
Ní chiallaíonn toradh diúltach PCR nach raibh COVID-19 ort riamh.
Seans go raibh an víreas ort, ach:
- ghlan do chóras imdhíonachta amach é sula ndearnadh an tástáil ort
- ní raibh aon víreas i láthair tráth ar glacadh an sampla
Ní gá duit toradh diúltach ar thástáil PCR a thuairisciú. Ní gá duit ach toradh diúltach ar thástáil antaigine a thuairisciú ar líne.
Féinleithlisiú
Má bhí siomptóim ort, ní mór duit féinleithlisiú (fanacht i do sheomra) go dtí go mbeidh do shiomptóim imithe go hiomlán nó den chuid is mó ar feadh 48 uair an chloig.
Déan é sin fiú amháin má chríochnaigh tú an chéad chúrsa vacsaíní in aghaidh COVID-19, má fuair tú teanndáileog, nó má fuair tú toradh deimhneach ar thástáil PCR roimhe seo.
Ba cheart go mbeidh tú in ann tosú ag déanamh gnáthghníomhaíochtaí arís a luaithe nach mbeidh siomptóim ort le 48 uair an chloig anuas. Áirítear leis sin dul chuig an obair nó ar scoil.
Má bhíonn na siomptóim fós ort nó má théann siad in olcas, cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh.
Nuashonrú deireanach: 27 Feabhra 2022 ag 6 i.n.