Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Tástálacha antaigine do leanaí

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le tástálacha antaigine a cheannaíonn tú féin i siopa nó i gcógaslann.

Ní gá tástáil le haghaidh COVID-19 a dhéanamh ar an gcuid is mó de leanaí.

Má tá siomptóim ar do leanbh

Ba cheart do do leanbh fanacht sa bhaile agus fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir má tá siomptóim COVID-19 air nó uirthi, agus:

  • má tá sé nó sí tinn
  • má tá teocht ard (38 céim Celsius nó os a chionn) air nó uirthi

Cén chaoi tástáil antaigine a dhéanamh le do leanbh

Leis an tástáil antaigine a dhéanamh, úsáid maipín le sampla a ghlacadh ó shrón do linbh.

Nuair a bheidh tú críochnaithe leis an tástáil antaigine, cuir i mála plaisteach í agus cuir an mála plaisteach i do bhosca bruscair.

Comhairle céim ar chéim maidir le tástáil antaigine a dhéanamh

Breathnaigh ar fhíseán faoi thástáil antaigine a dhéanamh le leanbh

Torthaí tástála antaigine

Taispeánfar toradh na tástála i gceann thart ar 15 nóiméad.

Is ann do 3 chineál toraidh ar thástáil antaigine:

  • Deimhneach (braitheadh é)
  • Diúltach (níor braitheadh é)
  • Neamhbhailí
Toradh deimhneach ar thástáil antaigine

Má fhaigheann do leanbh toradh deimhneach ar thástáil le haghaidh COVID-19, ba cheart dó nó di:

  • fanacht sa bhaile go ceann 3 lá iomlána ón lá ar tháinig na siomptóim air nó uirthi den chéad uair
  • fanacht glan ar dhaoine eile a oiread agus is féidir

Mura raibh siomptóim ar do leanbh, ba cheart dó nó di fanacht sa bhaile go ceann 3 lá ón lá a bhfuair sé nó sí an toradh deimhneach ar an tástáil.

Céard atá le déanamh má tá COVID-19 ar do leanbh

Toradh diúltach ar thástáil antaigine

Is féidir le do leanbh freastal ar scoil nó ar ionad cúraim leanaí ar chuntar nach bhfuil siomptóim COVID-19 air nó uirthi.

An scoil, an suíomh cúraim leanaí agus COVID-19

Toradh neamhbhailí ar thástáil antaigine

Is éard is tástáil neamhbhailí ann ná tástáil nach bhfuarthas toradh deimhneach ná diúltach uirthi.

Athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 19 Aibreán 2023