Fan glan ar dhaoine eile i do theach a oiread agus is féidir leat. Fan i seomra eile inar féidir leat fuinneog a oscailt.
Rudaí ba cheart duit a dhéanamh
- fan glan ar dhaoine eile agus déan gach iarracht gan COVID-19 a scaipeadh mura bhfuil an dara rogha agat ach a bheith sa seomra céanna le duine eile
- nigh do lámha i gceart agus go minic – bain úsáid as gallúnach agus uisce nó glan le díghalrán atá bunaithe ar alcól iad
- clúdaigh casachtaí agus sraothanna le fíochán – cuir fíocháin i mbosca bruscair agus nigh do lámha tar éis a n-úsáidte
- úsáid seomra folctha difriúil le daoine eile. Mura bhfuil sé sin indéanta, glan do lámha roimh dhul isteach ann, tar éis úsáid a bhaint as an leithreas agus roimh theacht amach as
- cuir do chuid éadaí salacha i mála plaisteach agus iarr ar dhuine éigin iad a bhailiú ó dhoras do sheomra leapa
- cuir bruscar, amhail fíocháin nó maisc aghaidhe indiúscartha, i mála plaisteach agus cuir an mála plaisteach sin i mála bruscair eile. Ceangail an mála
- lean ár gcomhairle maidir le glanadh sábháilte tí
Rudaí nár cheart duit a dhéanamh
- ná roinn rudaí amhail bia, sceanra, tuáillí nó éadaí leapa
- ná hith béilí le daoine eile – iarr ar dhuine éigin bia a fhágáil ag do dhoras agus na soithí a bhailiú níos déanaí
Más gá duit a bheith sa seomra céanna le duine éigin eile
Más gá duit dul isteach i seomra a bhfuil daoine eile ann, déan iarracht fanacht 2 mhéadar amach uathu. Caith masc leighis nó masc análaitheora.
Ba chóir d'aon duine sa seomra atá 9 mbliana d'aois agus os a chionn masc a chaitheamh. I gcás daoine fásta agus leanaí níos sine, ba chóir masc leighis nó masc análaitheora a úsáid.
Má thagann siomptóim orthu
Má thagann siomptóim COVID-19 ar dhaoine eile i do theaghlach, is gá dóibh féinleithlisiú (fanacht ina seomra).
Ba cheart do ghrúpaí áirithe daoine a bhfuil siomptóim orthu tástáil le haghaidh COVID-19 a fháil.
Glanadh, níochán agus bruscar tí
Soithí a ní
Más féidir, iarr ar dhuine éigin na soithí a thógáil agus a chur i miasniteoir. Ba chóir dó a lámha a ní i gceart ina dhiaidh sin.
Mura bhfuil miasniteoir agat, nigh na soithí in uisce gallúnaí te agus lámhainní rubair ort. Fág na soithí le haerthriomú.
Conas lámhainní rubair a úsáid i gceart
Tar éis gach úsáide:
- Nigh na lámhainní rubair agus iad fós ort
- Bain na lámhainní díot agus fág iad go mbeidh siad tirim.
- Nigh do lámha i gceart le gallúnach agus uisce.
Úsáid glantach nó díghalrán le do theach a ghlanadh
Is iomaí táirge glantacháin agus díghalráin a dhíoltar in ollmhargaí atá in ann an víreas a mharú ar dhromchlaí.
Úsáid na táirgí tí a úsáideann tú de ghnáth, amhail glantach, díghalrán nó ceirtíní díghalráin. Tá siad sin an-mhaith chun fáil réidh leis an víreas. Lean na treoracha atá ar lipéad an mhonaróra. Cinntigh go bhfuil siad oiriúnach don dromchla atá á ghlanadh agat.
Na dromchlaí atá le glanadh
Glan gach dromchla gach lá, go háirithe dromchlaí a leagtar lámh orthu go minic amhail cuntair, hanlaí dorais, leithris agus hanlaí leithris, fóin nó gléasanna eile.
Glan cianrialtáin, consóil cluichí agus earraí mar sin go cúramach sula n-úsáideann duine ar bith eile iad. Má dhéanann tú casacht nó sraothartach orthu, glan láithreach iad.
Glan aon dromchlaí eile a bhfuil lámh leagtha agat orthu tar éis duit an folcadán nó cithfholcadán a úsáid. Mura bhfuil tú féin ag aireachtáil maith go leor leis sin a dhéanamh, is féidir le duine éigin eile sa teach é a dhéanamh duit.
Níochán
Cuir do chuid éadaí salacha i mála plaisteach. Iarr ar dhuine éigin iad a thógáil ó dhoras do sheomra leapa.
Más féidir, ba chóir dó lámhainní rubair a chur air agus:
- an níochán a choinneáil amach uaidh féin
- an níochán a ní ar an teocht is airde don ábhar atá ann agus glantach níocháin ann
- gach dromchla agus na háiteanna thart ar an meaisín níocháin a ghlanadh
- na lámhainní rubair a ní agus iad fós air
- a lámha a ní go cúramach le gallúnach agus uisce tar éis dó na lámhainní a bhaint de nó éadaí salacha a láimhseáil
Más féidir, triomaigh an níochán i dtriomadóir rothlaim agus déan é a smúdáil. Úsáid socrú te nó iarann gaile.
Ná cuir níochán chuig neachtlann ná tirimghlantóirí agus tú ag féinleithlisiú. Tá baol ann go bhféadfá COVID-19 a scaipeadh ar dhaoine atá ag obair sna háiteanna sin. Mura féidir leat gan neachtlann a úsáid, fág na héadaí salacha i mála ar feadh 3 lá sula nglacann tú ansin iad. Beidh go leor ama ansin le go bhfaighidh an víreas bás.
Bruscar
Cuir dramhaíl phearsanta, lena n-áirítear ciarsúir a úsáideadh, maisc aonuaire agus dramhaíl ghlantacháin, i mála plaisteach. Ceangail an mála agus é beagnach lán. Cuir an mála plaisteach i mála bruscair eile agus ceangail an mála sin.
Fág an mála áit éigin atá ar shiúl ó dhaoine eile. Ba chóir na málaí a fhágáil ar feadh 3 lá roimh bhailiú na n-araidí.
Déan aon dramhaíl eile a dhiúscairt mar a dhéanfá de ghnáth.
Nuashonrú deireanach: 18 Eanáir 2022 ag 5.30 i.n.