Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

An chaoi a scaiptear COVID-19

An bealach is coitianta ar féidir leat COVID-19 a tholgadh ná a bheith i ndlúth-theagmháil le duine eile ar a bhfuil an víreas.

Má tá COVID-19 ort, is féidir leat an víreas a scaipeadh fiú mura bhfuil siomptóim ort.

Dlúth-theagmháil

Tríd an aer is mó a scaiptear COVID-19 i mbraoiníní leachta ó shrón agus ó bhéal duine a bhfuil an t-ionfhabhtú tolgtha aige.

Ní féidir na braoiníní a fheiceáil de ghnáth toisc iad a bheith róbheag. Scaiptear iad nuair a bhíonn duine a bhfuil an t-ionfhabhtú tolgtha aige ag caint nó nuair a dhéanann sé casacht nó sraoth. Nuair a bhaineann na braoiníní súile, srón nó béal duine eile amach, scaiptear an t-ionfhabhtú.

Dá mhéad ama a chaithfidh tú i ndlúth-theagmháil le duine a bhfuil an t-ionfhabhtú tolgtha aige, is mó seans atá ann go mbainfidh braoiníní agus an víreas iontu amach do shúile, do shrón nó do bhéal.

Má fhanann tú méadar nó 2 mhéadar ar shiúl ó dhaoine, beidh laghdú ar an riosca go mbainfidh braoiníní thú amach. Is bealach é sin chun scaipeadh COVID-19 a laghdú.

Tuilleadh eolais faoinar chóir duit a dhéanamh más dlúth-theagmhálaí COVID-19 thú

Scaipeadh aeriompartha

In áiteanna taobh istigh atá plódaithe agus nach bhfuil aerú maith iontu, is féidir le braonta bídeacha a bhfuil an víreas iontu scaipeadh thar achar níos faide uaireanta.

Is sábháilte i bhfad bualadh le daoine taobh amuigh ná taobh istigh, fiú má fhanann sibh níos mó ná 2 mhéadar ó chéile taobh istigh.

Seachain áiteanna atá plódaithe nó plúchta oiread agus is féidir. Fág láthair a éiríonn plódaithe plúchta.

Tá an t-aerú in ann na braonta a chaolú agus a chealú, rud atá mar chuidiú chun scaipeadh COVID-19 a laghdú. Má bhuaileann tú le daoine taobh istigh, oscail fuinneoga, doirse agus gaothairí aeir oiread agus is féidir chun aer úr a ligean isteach.

Dromchlaí a bhfuil an t-ionfhabhtú orthu

Is féidir leat an víreas a tholgadh chomh maith ó dhromchlaí a bhfuil an t-ionfhabhtú orthu. Mar shampla, má dhéanann duine a bhfuil an víreas air sraoth nó casacht, d'fhéadfadh braoiníní agus an víreas iontu titim ar dhromchlaí thart ar an duine sin.

Má leagann tusa lámh ar an dromchla sin agus ansin ar do shúile, srón nó béal, d'fhéadfá féin an t-ionfhabhtú a tholgadh chomh maith.

Is dócha gur neamhchoitianta i bhfad COVID-19 a tholgadh ó dhromchlaí ná é a tholgadh tríd an aer ó dhuine eile a bhfuil an víreas air. Má choinníonn tú glan do lámha, áfach, beidh tú in ann an riosca a laghdú go dtolgfá COVID-19 agus ionfhabhtuithe eile.

Má úsáidtear glantach nó glantóir tí chun dromchlaí a ghlanadh, féadfaidh an méid sin a bheith mar chuidiú leis an víreas a chealú. Tá díghalráin in ann víris agus baictéir ar dhromchlaí a mharú. Ní féidir díghalráin a úsáid leo féin, áfach, in áit glantachán a dhéanamh.

An chaoi le tú féin agus daoine eile a chosaint

Is é vacsaín in aghaidh COVID-19 a fháil an chaoi is fearr chun tú féin a chosaint ar COVID-19.

Téigh i dtuilleamaí do bhreithiúnais féin maidir leis an gcaoi le tú féin a chosaint in áiteanna poiblí. Má dhéanann tú masc aghaidhe a chaitheamh, má chloíonn tú leis an scaradh sóisialta agus má dhéanann tú áiteanna plódaithe taobh istigh a sheachaint, beidh na nithe sin go léir ina gcuidiú chun tú féin agus daoine eile a chosaint ar COVID-19.

Ba cheart duit na nithe tábhachtacha a dhéanamh chomh maith atá riachtanach le scaipeadh an víris a chosc.

Ina measc siúd tá:

  • casachtaí agus sraothanna a chlúdach
  • do lámha a ní i gceart
  • gan lámh a leagan ar do shúile, do shrón ná do bhéal mura bhfuil do lámha glan

Tuilleadh eolais maidir le tú féin agus daoine eile a chosaint ar COVID-19

Peataí agus COVID-19

Is féidir le peataí COVID-19 a tholgadh in amanna, cait agus madraí cuir i gcás. Níl aon fhianaise ann, áfach, go bhfuil tábhacht ag baint leis sin ó thaobh scaipeadh COVID-19 ar dhaoine de.

Nigh do lámha go minic nuair a bhíonn teagmháil agat le peataí. Má dhéanann tú é sin, beidh sé mar chuidiú chun scaipeadh cuid mhór galar nó víreas a chosc.

Nuashonrú deireanach: 3 Márta 2022 ag 5.45 i.n.