Níl cóireáil ar leith ann le haghaidh COVID Fada. Ach is féidir leatsa rudaí a dhéanamh le do chuid siomptóm a bhainistiú agus gníomhaíochtaí laethúla a dhéanamh níos éasca.
Bí foighneach agus cineálta leat féin. Caith leat féin mar a chaithfeá le duine eile a bhfuil COVID fada air. Glac go deas réidh é agus ná tosaigh ar do ghnáthaimh laethúla agus sheachtainiúla arís ach de réir a chéile.
D’fhéadfadh sé a bheith thuas seal thíos seal. Déan iarracht aire a thabhairt i gcónaí do do shláinte fhisiciúil agus tú ag teacht chugat féin.
Leis an méid sin a dhéanamh:
- ith go folláin
- faigh do dhóthain codlata
- cuir srian leis an méid alcóil a ólann tú
- déan gníomhaíocht choirp éasca
Ní thagann aon bheirt chucu féin ar an gcaoi chéanna. Táimid fós ag foghlaim faoi na bealaí éagsúla a dtéann COVID-19 i bhfeidhm ar dhaoine agus faoin gcaoi a dtagann daoine chucu féin arís ina dhiaidh.
Siomptóim COVID fada a bhainistiú
Seans go n-imeodh cuid de do shiomptóim go tapa. D’fhéadfadh cinn eile imeacht agus teacht ar ais, nó d’fhéadfadh sé go dtógfadh sé an-chuid ama fáil réidh leo. Seans go rachadh sé deacair ort do ghnáthghníomhaíochtaí a dhéanamh dá mbarr, nó go gcuiridís tuirse ort fiú.
Féach na treoracha atá againn a chabhróidh leat na rudaí seo a leanas a bhainistiú:
Pian sna hailt nó sna matáin a bhainistiú
D’fhéadfadh sé go ndéanfadh cleachtaí réidhe sínte agus nirt a gcion féin le pian a mhaolú sna matáin agus sna hailt. I measc na gcleachtaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá ióga, taidh tsí nó cleachtaí le bandaí friotaíochta.
Aclaíocht agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19
Aimsigh tuilleadh cleachtaí a bhaineann le:
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh sula dtosóidh tú ar ghnáthamh aclaíochta nua. Stop má bhraitheann tú níos measa tar éis a bheith ag déanamh aclaíochta.
Faigh comhairle ó do dhochtúir teaghlaigh maidir le cén chaoi siomptóim choitianta eile a bhaineann le COVID fada a bhainistiú, mar shampla:
- pian nó teannas sa chliabhrach
- éirí croí
- codladh grifín nó fuairnimh
Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:
- má tá imní ort faoi shiomptóim a bhí ort cheana nó faoi shiomptóim nua
- má tá do shiomptóim ag dul in olcas
- má tá rudaí ag dul sa mhuileann ort - d’fhéadfadh idir mhothúcháin agus siomptóim choirp a bheith i gceist anseo
Urgent advice: Cuir glao ar 112 nó 999
má thagann comharthaí taoma croí ortsa nó ar dhuine atá in éineacht leat:
- má bhíonn teannas nó troime i do chliabhrach
- má bhíonn pian ort a leathann chuig do lámha, droim, muineál agus giall
- má thagann fonn múisce ort nó má thosaíonn tú ag caitheamh aníos go tobann
Déan gníomhaíochtaí a phleanáil, a chur in ord tosaíochta agus a dhéanamh ar do luas féin
Meaitseáil do leibhéal gníomhaíochta le do leibhéal fuinnimh agus glac sos sular gá duit.
Má dhéanann tú amhlaidh, beidh tú in ann ‘borradh agus cliseadh’ a sheachaint. Is éard atá i gceist leis sin ná go mbíonn tú an-ghníomhach go deo ar laethanta maithe ach tuirseach traochta go ceann i bhfad ina ndiaidh.
Leis an méid sin a dhéanamh:
- pleanáil - cruthaigh gnáthamh cothrom de na rudaí a chaithfidh tú a dhéanamh, de na rudaí is mian leat a dhéanamh, agus de shosanna
- cuir in ord tosaíochta - bí réalaíoch faoinar féidir leat a dhéanamh, smaoinigh ar thascanna a athrú d’fhonn iad a dhéanamh níos éasca, nó iarr cabhair ar dhuine éigin
- déan ar do luas féin - bris síos gníomhaíochtaí ina dtascanna níos lú agus déan iad a roinnt thar an lá nó thar an tseachtain
Ná cuir thú féin i gcomparáid le daoine eile ná leis an méid a cheapann tú gur chóir duit a bheith in ann a dhéanamh. Ní bheidh do leibhéal fuinnimh mar an gcéanna gach lá. Má bhíonn tuirse ort tar éis dúiseacht, beidh ort gearradh siar ar an méid a bhí beartaithe agat don lá.
Leideanna le tascanna laethúla a dhéanamh níos éasca
Uaireanta bíonn sé deacair gníomhaíochtaí a phleanáil agus a dhéanamh ar do luas féin. Ag imeacht teaghlaigh, cuir i gcás. Má tá an ghníomhaíocht an-tábhachtach duit nó mura bhfuil an dara rogha agat ach freastal uirthi, cuir níos mó ama i leataobh ina diaidh le do scíth a ligean. Cuir in iúl do dhaoine go mb’fhéidir nach mbeifeá in ann páirt a ghlacadh mar a ghlacfá de ghnáth.
Leideanna le do scíth a ligean go héifeachtach
Filleadh ar an obair agus ar ghníomhaíochtaí eile
Beidh sé ina chuidiú agat rudaí a phleanáil, a chur in ord tosaíochta agus a dhéanamh ar do luas féin nuair a fhillfidh tú ar an obair agus ar ghníomhaíochtaí eile. Cuir le do ghníomhaíochtaí de réir a chéile nuair a mhothaíonn tú go bhfuil tú réidh.
Is féidir leat labhairt le daoine go hionraic faoina mbeidh tú in ann a dhéanamh sula dtosóidh tú ar ghníomhaíochtaí nua chomh maith. Inis dóibh ar féidir leat a dhéanamh agus a dtarlaíonn má dhéanann tú an iomarca.
Dialann gníomhaíochtaí a úsáid chun monatóireacht a dhéanamh ar do chuid siomptóm
Sochar Breoiteachta mura féidir leat dul ag obair sa ghearrthéarma - ar gov.ie
Filleadh ar an obair tar éis neamhláithreacht fhada
Is maith an rud é do do mheabhairshláinte agus do do shláinte choirp an cineál ceart oibre a dhéanamh. Dá fhad a bheidh tú amuigh tinn is ea is deacra a bheidh sé dul ar ais.
Má tá tú as obair le fada, cabhróidh sé leat tú féin a ullmhú agus do mhuinín a chothú má dhéanann tú d’fhilleadh ar an obair a phleanáil.
Le cabhrú leat d’fhilleadh a phleanáil, labhair le do dhochtúir teaghlaigh nó le gairmí cúraim sláinte eile, mar aon le d’fhostóir.
Tacaíochtaí agus seirbhísí
Clár féinbhainistíochta saor in aisce é Living Well do dhaoine a bhfuil riocht sláinte fadtéarmach orthu. Cuireann sé ceardlanna agus acmhainní ar fáil le cabhrú leat do riocht a bhainistiú ar bhealach níos fearr.