Skip to main content

Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Éifeachtaí fadtéarmacha COVID-19 (COVID Fada)

I gcás daoine áirithe, is féidir le COVID-19 a bheith ina chúis le siomptóim a mhaireann seachtainí nó míonna tar éis don té an t-ionfhabhtú a chur de. Tugtar COVID Fada air sin in amanna.

Fiú daoine nach raibh aon siomptóim orthu nó nach raibh ach siomptóim éadroma orthu ar dtús, d’fhéadfaidís deacrachtaí fadtéarmacha a bheith acu tar éis COVID-19.

Ní hionann an t-am a thógann sé le téarnamh ó COVID-19 in aon dá bheirt. B’fhéidir nach mbeadh baint ar bith ag do théarnamh le cé chomh tinn is a bhí tú leis an ionfhabhtú féin.

Táimid fós ag foghlaim faoi na bealaí éagsúla a dtéann COVID-19 i bhfeidhm ar dhaoine agus faoin gcaoi a dtagann daoine chucu féin arís ina dhiaidh.

Siomptóim COVID Fada

Airíonn cuid mhaith daoine níos fearr roinnt laethanta nó seachtainí tar éis dóibh ionfhabhtú COVID-19 a chur díobh. Tagann mórchuid na ndaoine chucu féin go hiomlán laistigh de 12 sheachtain. I gcás roinnt daoine, áfach, maireann na siomptóim níos faide fós.

Is ann do roinnt mhaith siomptóm a d’fhéadfadh a bheith ort tar éis ionfhabhtú COVID-19. D’fhéadfadh siomptóim nua a theacht ort freisin, siomptóim nach raibh ort nuair a bhí tú tinn le COVID-19 ar an gcéad dul síos.

I measc shiomptóim choitianta COVID Fada tá:

Cathain ba cheart cúnamh leighis nó cóireáil ospidéil a fháil

Non-urgent advice: Cuir glao ar do dhochtúir teaghlaigh más rud é:

  • má tá imní ort faoi shiomptóim a bhí ort cheana nó faoi shiomptóim nua
  • mura mbeidh biseach tagtha ar na siomptóim atá ort tar éis 4 seachtaine
  • má tá do shiomptóim ag dul in olcas

Ag do choinne le do dhochtúir teaghlaigh

Breac síos nótaí roimh ré faoi na rudaí ba mhaith leat a phlé le do dhochtúir teaghlaigh. Tabhair leat na nótaí sin ar an lá.

Cuirfidh do dhochtúir teaghlaigh ceist ort faoi na siomptóim atá ort agus faoin gcaoi a bhfuil siad ag cur isteach ar do shaol.

D’fhéadfadh do dhochtúir teaghlaigh

  • roinnt tástálacha a mholadh d’fhonn tuilleadh a fháil amach faoi na siomptóim atá ort agus rudaí eile a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leo a chur as an áireamh
  • comhairle a thabhairt duit faoi bhealaí a bhféadfá do chuid siomptóm a bhainistiú sa bhaile
  • labhairt leat faoi na roghanna cúraim agus tacaíochta atá ar fáil
  • tú a chur ar aghaidh chuig seirbhís a dhéanann sainchúram de na siomptóim atá ort nó chuig clinic COVID Fada

Inseoidh sé nó sí duit má tá aon siomptóim ort a gcaithfear beart a dhéanamh ina leith gan a thuilleadh moille.

Má bhí tú san ospidéal le COVID-19, b’fhéidir go ndéanfadh an fhoireann teagmháil leat lena fháil amach cén chaoi a bhfuil ag éirí leat.

COVID Fada a dhiagnóisiú

Seans go ndiagnóiseofar go bhfuil COVID Fada ort:

  • má bhíonn na siomptóim fós ort 3 mhí tar éis duit COVID-19 a tholgadh
  • má bhíonn na siomptóim ann ar feadh 2 mhí ar a laghad - is féidir le siomptóim teacht agus imeacht
  • má bhíonn na siomptóim ag cur isteach ar do shaol laethúil

Cóireáil agus tacaíocht

Níl cóireáil ar leith ann le haghaidh COVID Fada. Braitheann na roghanna cóireála ar na siomptóim áirithe atá ort agus ar an gcaoi a bhfuil siad ag cur isteach ar do shaol laethúil.

Siomptóim COVID Fada a bhainistiú