Tógtar sampla le maipín ó do shrón le linn na tástála antaiginí COVID-19 Ní gá an sampla a thabhairt chun na saotharlainne. Tá torthaí na tástála níos tapúla ná an tástáil PCR COVID-19, ach tá sé teoranta. Tugtar mearthástáil diagnóiseach antaigín (RADT) ar thástáil antaiginí freisin.
Cá mbaintear úsáid as na tastálacha antaigíní COVID-19
Cuirtear tástálacha antaiginÍ ar fáil do:
- roinnt othar ospidéal a bhfuil comharthaí COVID-19 orthu, ina measc daoine atá ag freastal ar an rannóg éigeandála (ED)
- daoine i láithreacha ina bhfuil ráig de COVID-19
Cad a tharlaíonn le linn na tástála
- Tabharfaidh an tástálaí masc duit le cur ort , míneoidh sé cad a tharlóidh agus cuirfidh sé roinnt ceisteanna ort.
- Iarrfar ort do lámha a ghlanadh i gceart le díghalrán lámh.
- Tógfaidh an tástálaí roinnt sonraí pearsanta uait, d’uimhir theileafóin san áireamh. Déan cinnte go bhfuil an uimhir cheart acu.
- Úsáidfidh an tástálaí maipín chun sampla a thógáil ó do shrón. D’fhéadfadh sé seo a bheith míchompordach ach ní bheidh sé pianmhar.
- Déanfaidh an tástálaí an sampla a thástáil ar an láthair.
Má fhaigheann tú toradh dearfach ar do thástáil antaiginí
Cuirfear in iúl duit laistigh de 1 uair an chloig tar éis do thástála, má bhíonn toradh dearfach (COVID-19 aimsithe), ar do thástáil. Ciallaíonn sé seo gur aimsíodh an víreas i do shampla. Beidh ort fanacht asat féin de bhrí go bhfuil baol mór ann go dtabharfá an vireas do dhaoine eile.
What you need to do if you have a positive COVID-19 test result
Má fhaigheann tú toradh diúltach nó neamhbhailí ar do thástáil antaiginí
Is ionann toradh diúltach agus nár aimsíodh an víreas i do shampla.
Uaireanta ní aimsítear toradh dearfach nó diúltach ar an tástáil antaigíni . Tugtar ‘toradh neamhbhailí’ air seo.
Má bhíonn toradh diúltach nó neamhbhailí ar an chéad shampla, seolfaimid an dara sampla chuig saotharlann le haghaidh tástála PCR COVID-19.
Má bhíonn toradh dearfach ar an dara tástáil
Gheobhaidh tú teachtaireacht téacs le toradh na tástála PCR COVID-19. Má bhíonn an toradh dearfach, gheobhaidh tú glaoch fóin ó rianaitheoir teagmhála.
How to self-isolate (stay in your room)
Tá teorainn leis an méid is féidir leis an tástáil antaigíní do COVID-19 a dhéanamh
Níl aon tástáil iomlán cruinn. Tá teorainn leis an méid is féidir le haon tástáil a dhéanamh,
Níl an tástáil antaigíní chomh cruinn le tástáil PCR do COVID-19. Aimseoidh an tástáil an víreas i bhformhór na ndaoine a bhfuil comharthaí tinnis orthu
Ach i gcásanna áirithe ní aimseoidh an tástáil an víreas.
Inis don oibrí cúram sláinte láithreach má tá comharthaí COVID-19 ort.
Ábhar Gaolmhar
Negative test result (COVID-19 not detected)