Is gnáth go mbraitheann tú tuirseach, lag nó easpa anála nuair a bhíonn tú ag téarnamh ón gcoróinvíreas. Cabhraíonn sé leat téarnamh níos tapúla má bhíonn tú gníomhach..
Ná bíodh imní ort má bhraitheann tú níos tuirsí agus go bhfuil níos lú fuinnimhe agat ná mar is gnáth. Is gnáthrud é seo agus d’fhéadfaí go mairfeadh sé seo suas le 6 go 8 seachtain.
Tóg do chuid ama agus leag síos spriocanna beaga duit féin.
Deacrachtaí le h-aclaíocht tar éis Coróinvíreas
D’fhéadfadh fadhbanna sláinte a bhaineann le Coróinvíreas dul i bhfeidhm arc é chomh maith agus is féidir leat aclaiocht a dhéanamh.
Ina measc seo tá:
- Easpa anála
- réama – braitheann seo ar an gcaoi a ndeachaigh an víreas i bhfeidhm ort
- tuirse mhór agus easpa fuinnimh
- laige mhatáin agus righneas sna hailt
Read more about recovering from coronavirus
Tosaigh go mall
Sna seachtainí beaga amach romhainn ba chóir duit díriú ar do chuid gníomhaíochtaí a mhéadú de réir a chéile. Tá aclaíocht rialta go maith duit ach coinnigh i gcuimhne go dtógfaidh sé tamall ort filleadh ar do ghnáthghníomhaíochtaí.
Ba chóir duit:
- tosú go mall agus déan gníomhaíochtaí nua de réir a chéile
- leag síos spriocanna réalaíocha duit féin gach seachtain
- lig do scíth nuair a bhíonn tú tuirseach
Read advice on conserving your energy and fatigue after coronavirus
Má bhíonn easpa anála ort
Tá sé tábhachtach súil a choinneáil ar d’anál agus tú i mbun aclaíochta. Ní mór duit aclaíocht a dhéanamh go dtí go mbíonn tú beagáinín as anáil ach fós in ann labhairt.
Check how breathless you are on a breathlessness scale
Siúl
Is siúl ceann de na bealaí is éasca ach is fearr chun tosú ar do neart agus d’aclaíocht a fháil ar ais.
Leag síos spriocanna gearra réalaíocha ar dtús. Má tá tú an-lag, b’fhéidir gur fearr duit díriú ar siúl chuig an leithreas. Méadaigh an fad nuair a bhraitheann tú réidh.
Cé mhéad siúlóid gur chóir duit a dhéanamh gach lá
Níl sa méid seo a leanas ach treoir. Ba chóir duit díriú ar na spriocanna seo gach lá más féidir leat.
Déan iarracht do shiúlóid a eagrú ar shlí is go mbeidh áit agat chun scíth a ligean má bhíonn tú tuirseach nó as anáil. D’fhéadfaí gur suíochan nó balla atá i gceist anseo.
- Seachtain 1 - 5 go 10 nóiméad
- Seachtain 2 - 10 go 15 noiméad
- Seachtain 3 - 15 go 20 nóíméad
- Seachtain 4 - 20 go 25 nóiméad
- Seachtain 5 - 25 go 30 nóiméad
Tar éis 6 seachtaine ba chóir go mbeadh sé mar aidhm agat a bheith ag siúl 30 nóiméad 5 lá sa tseachtain ar a laghad. Ba chóir go mbeadh an siúlóid seo réasúnta tapa ionas go mbíonn tú beagán as anáil ach fós in ann labhairt agus siúl.
Ag Dul Timpeall sa Bhaile
Má tá staighre agat i do theach, b’fhéidir go mbeadh sé deacair ort iad a dhreapadh. Más féidir, déan iarracht maireachtáil thíos staighre go dtí go bhfeabhsaíonn do leibhéil fuinnimh.
D’fhéadfadh teiripeoir saothair cabhrú leat má theastaíonn trealamh uait chun cabhrú leat dul timpeall sa bhaile.
Labhair le do dhochtúir teaghlaigh chun atreorú a fháil.
Cleachtaí le déanamh mura féidir leat do theach a fhágáil
D’fhéadfá a bheith san ospidéal nó gan a bheith in ann do theach a fhágáil. Fós ba cheart duit roinnt aclaíochta a chur san áireamh I do ghnáthamh laethúil.
Tá sé tábhachtach a bheith gníomhach agus tréimhsí fada scíthe leapa a sheachaint. D’fhéadfadh sé cabhrú leat téarnamh níos tapúla – go fisiciúil agus go meabhrach.
Is féidir leat na cleachtaí seo a leanas a dhéanamh i do chathaoir, sa bhaile nó san ospidéal.
Máirseáil i do Shuí
- Suigh suas díreach
- Ardaigh do ghlúin
- Fág síos arís é
- Déan seo 20 uair don dá chos
Ag ardú do chos agus tú i do shuí
- Suigh suas díreach
- Ardaigh do chos agus dírigh do ghéag
- Fan mar sin ar feadh 3 soicind
- Fág síos arís é
- Déan seo 10 n-uaire don dá chos
Ó Suí go Seasamh
- Cuir do lámha ar na taca sciatháin
- Brú orthu go dtí go mbíonn tú i do sheasamh
- Fill ar an suíochán le smacht
- Déan seo 10 n-uaire
Lámha Rámhaíochta
- Suigh suas díreach
- Coinnigh do lámha ag do ghualainní
- Brú na lámha amach os do chomhair
Ag ardú méara na coise
- Suigh suas díreach
- Coinnigh do shála ar an urlár agus ardaigh an chuid eile ded’ chois
- Fág síos arís iad
- Déan seo 20 uair
Cos ag an Taobh
- Seas suas díreach ag coinneáil greim ar an mbarra
- Sín amach do chos ag an taobh
- Coinnigh do ghéag díreach
- Déan seo 15 uaire don dá chos
Inseoidh d’fhisiteiripeoir duit má tá tú réidh do na cleachtaí ardleibhéal seo a leanas.
Cos siar
- Seas suas díreach ag coinneáil greim ar an mbarra
- Croch siar do ghéag
- Coinnigh do ghéag díreach
- Déan seo15 uair don dá chos
Ag ardú do ghlúin
- Seas suas díreach ag coinneáil greim ar an mbarra
- Ardaigh do ghlúin chomh h-ard agus is féidir leat
- Déan seo 15 uair don dá chos
Ag ardú do Shála
- Seas suas díreach ag coinneáil greim ar an mbarra
- Ardaigh do shála
- Seas suas ar do bharraicíní
- Déan seo 20 uair
Tuilleadh cleachtaí
Nuair atá tú in ann aige, is féidir níos mó cleachtaí a chur san áireamh i do ghnáthamh laethúil.
Aimsigh tuilleadh cleachtaí ina mbeidh:
Is féidir leat treoir a léamh faoi chonas d’aclaíocht a fheabhsú read a guide on how to improve your fitness.
Cá bhfaighidh tú cabhair
Má bhíonn sé deacair ort fós aclaíocht a dhéanamh 8 go 12 sheachtain tar éis téarnaimh, labhair le do dhochtúir teaghlaigh. Féadfaidh siad tú a atreorú chuig fisiteiripeoir.
Tar éis duit téarnamh, coinnigh ort a bheith gniomhach. Seiceáil le do ghiomnáisiam nó do chlub spóirt áitiúil le haghaidh gniomhaiochtaí a bhféadfadh spies a bheith agat iontu. Mar shampla, grúpa siúlóide áitiúil.
Topaicí Ghaolmhara
Eating well while recovering from coronavirus
Fatigue and low-energy after coronavirus
Cleachtaí agus grianghraif le caoinchead ón rannóg fisiteiripe in Ospidéal Chluain Tarbh.