Skip to main content

Vacsaín COVID-19 Pfizer/BioNTech - Léargas Ginearálta

Uasdátaithe: 24 Meitheamh 2021

Is vacsaíní an bealach is éifeachtaí chun galair thógálacha a chosc. Ullmhaíonn siad do chóras imdhíonachta (cosaint nádúrtha an choirp) chun víreas ar leith a aithint agus cosaint a thabhairt in aghaidh an víris sin.

Tá an vacsaín Pfizer/BioNTech sábháilte agus éifeachtach.

Dáileoga

Teastaíonn dhá dháileog den vacsaín COVID-19 Pfizer/BioNTech.

Bíonn éifeacht iomlán ag an vacsaín 7 lá tar éis an dara dáileog a fháil. Beidh tú vacsaíníthe go h-iomlán ansin.

Gheobhaidh tú an dara dáileog 4 seachtain (28 lá) tar éis an chéad dháileog.

Imdhíonacht

Cuireann vacsaíní ar chumas do chóras imdhíonachta tú a chosaint ó ghalair.

B’fhearr duit dá mbeadh sé ar chumas do chóras imdhíonachta tú a chosaint leis an vacsaín in ionad COVID-19 a fháil.

Sábháilteacht

Forbraíodh vacsaín COVID-19 Pfizer/BioNTech de réir caighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta.

Tugadh an vacsaín COVID-19 Pfizer/BioNTech do na milliúin duine sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.

Fo-iarmhairtí

D’fhéadfadh fo-iarmhairtí a bheith i gceist le vacsaín ar nós gach cógas leighis eile. Bíonn an chuid is mó díobh seo éadrom nó measartha, agus ní mhaireann siad i bhfad.

Ní fhaigheann gach duine fo-iarmhairtí.

An vacsaín is fearr

Déantar tástáil ar gach vacsaín ar mhaithe le sábháilteacht agus éifeachtacht sula n-úsáidtear iad. Ní úsáideann FnaSS vacsaín ach amháin má chomhlíonann sí na caighdeáin riachtanacha i dtaobh sábháilteachta agus éifeachtúlachta.Ba chóir duit glacadh le pé vacsaín COVID-19 a thairgtear duit.

Tuileadh eolais faoi fhorbairt na vacsaíní COVID-19

Má tá tú ag iompar clainne

Níl aon fhianaise ann go bhfuil aon chontúirt ann do mhná thorracha ó vacsaín COVID-19 a fháil. Laghdaíonn an vacsaín an bhaol go mbeadh tinneas tromchúiseach ort de bharr COVID-19.

Léiríonn an fhianaise atá againn go dtí seo nach bhfuil aon dhroch-thionchar ag vacsaín COVID-19 Pfizer/BioNTech ar an naíonán sa mbroinn.

Tuilleadh eolais faoi vacsaíní COVID-19 le linn toirchis

Má tá tú ag beathú do pháiste tú féin

Níl aon fáth go mbeadh ort beathú cíche a sheachaint má tá an vacsaín faighte agat.

Má éiríonn le rúinne beag den vacsaín dul isteach i do bhainne cíche, díleáfar sin i mbolg do linbh.

Tuilleadh eolais faoi vacsaíní COVID-19 má tá tú ag cothú linbh ar an gcíoch

Scrúdaigh saineolaithe vaicsaíne atá ag obair in Éirinn an t-ábhar seo .

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 24/06/2021
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 24/06/2024