Skip to main content

We use strictly necessary cookies to make our site work. We would also like to set optional cookies (analytical, functional and YouTube) to enhance and improve our service. You can opt-out of these cookies. By clicking “Accept All Cookies” you can agree to the use of all cookies.

Cookies Statement and Privacy Statement

If you are aged 68 or 69 you can now register to get a COVID-19 vaccine

Vacsaíní COVID-19 mRNA agus veicteoir víreasach

Is vacsaín an rud is éifeachtaí chun galair tógálacha a chosc. Ullmhaíonn siad do chóras imdhíonachta (cosaint nádúrtha do cholainn) chun víreas ar leith a aithint agus a throid.

Déanann gach vacsaín an méid seo. Oibríonn vacsaíní dhifriúla ar bhealaí éagsúla.

Bíonn víreas beo i roinnt vacsaíní. Tá víreas beo i roinnt cineálacha vacsaín. Mar shampla, tá méid beag den víreas fliú sa vacsaín fliú. Ach níl an víreas COVID-19 in aon cheann de na vacsaíní COVID-19 atá in úsáid. Oibríonn siad ar bhealach difriúil.

Tá 2 chineál vacsaín COVID-19 in úsáid:

  • mRNA
  • veicteoir víreasach

Déantar tástálacha sábháilteachta agus éifeachtúlachta ar vacsaíní sular n-úsáidtear iad.Ní bhaineann FnaSS úsáid as vacsaín ach amháin má shásaíonn siad na caighdeáin sábháilteachta agus éifeachtúlachta cuí.

Vacsaíní mRNA

Is vacsaín mRNA atá san vacsaín COVID-19 Pfizer/BioNTech agus san vacsaín COVID-19 Moderna.

Cuireann vacsaíní mRNA ar chumas do chorp próitéin a dhéanamh a spreagann freagra imdhíonachta gan víreas beo a úsáid.

Tar éis duit vacsaín mRNA a fháil, cruthaíonn do cholainn antasubstaintí a chabhraíonn leat ionfhabhtú a throid má théann víreas isteach i do cholainn sa todhchaí.

Tá taighdeoirí ag staidéar agus ag obair le vacsaíní mRNA ar feadh na mblianta

Conas a oibríonn vacsaíní mRNA COVID-19

Tá dromchla an víris COVID-19, fite fuaite le próitéiní ar a dtugtar "próitéiní spíce". Úsáideann an víreas na spící seo chun dul isteach i gcealla daonna, rud a thugann ionfhabhtú COVID-19 duit.

Tá na treoir chun an próitéin spíce seo a dhéanamh istigh sna vacsaíní COVID-19 mRNA.

Nuair a fhaigheann tú an vacsaín, aithníonn do chóras imdhíonachta nach mbaineann an próitéin leis. Ansin tosaíonn do chorp an freagairt imdhíonachta chun troid in aghaidh an rud a shíleann sé atá ina ionfhabhtú. Déanann an freagra imdhíonachta seo antasubstaintí.

Tugann na hantaisubstaintí cosaint duit in aghaidh COVID-19. Tá sé i bhfad níos sábháilte don chóras imdhíonachta foghlaim conas tú a chosaint ó COVID-19 trí vacsaíniú seachas an víreas a fháil.

Ansin briseann do chealla na treoir faoi chonas an próitéin spíce a dhéanamh agus díbrítear amach as do cholainn iad.

Vacsaíní veicteora víreasacha

Is vacsaín veicteorach víreasach an vacsaín COVID-19 AstraZeneca.

Úsáideann vacsaíní veicteorach víreasach víreas eile atá neamhdhíobhálach mar chóras seachadta. Cuireann an vacsaín seo ar chumas do chorp próitéin a dhéanamh a spreagann freagra imdhíonachta.

Tá na céadta staidéar eolaíoch ar vacsaíní veicteoracha víreasacha déanta agus foilsithe ar fud an domhain. D'úsáid roinnt vacsaíní a úsáideadh le déanaí le haghaidh ráigeanna Ebola an teicneolaíocht veicteorach víreasach. Dhírigh staidéir eile ar vacsaín veicteorach víreasach i gcoinne Zika, fliú agus VEID.

Cén chaoi a n-oibríonn vacsaíní veicteora víreasacha COVID-19

Tá vacsaíní veicteora víreasacha cosúil le teachtairí. Baineann siad úsáid as leagan lagaithe de víreas (an veicteoir) eile chun treoir a thabhairt do na cealla i do cholainn,

Úsáideann vacsaíní COVID-19 an adanaivíreas mar veicteoir. Is é adanaivíreas an víreas is cúis leis an gnáth slaghdán.

Tá dromchla an víris COVID-19, fite fuaite le próitéiní ar a dtugtar "próitéiní spíce". Úsáideann an víreas na spící seo chun dul isteach i gcealla daonna, rud a thugann ionfhabhtú COVID-19 duit.

Nuair a fhaigheann tú vacsaín veicteora víreasach, téann an veicteoir (adanaivíreas) isteach i gceall i do cholainn. Múineann sé don cheall conas protéin spíce COVID-19 a tháirgeadh.

Tar éis duit an vacsaín a fháil, aithníonn do chóras imdhíonachta nach mbaineann an próitéin leis. Ansin tosaíonn do chorp an freagairt imdhíonachta chun troid in aghaidh an rud a shíleann sé atá ina ionfhabhtú. Déanann an freagra imdhíonachta seo antasubstaintí.

Tugann na hantaisubstaintí cosaint duit in aghaidh COVID-19. Tá sé i bhfad níos sábháilte don chóras imdhíonachta foghlaim conas tú a chosaint ó COVID-19 tríd vacsaíniú seachas an víreas a fháil.

Scrúdaigh saineolaithe vaicsaíne atá ag obair in Éirinn an t-ábhar seo.

Ábhar Ghaolmhar

Ag fáil vacsaín COVID-19

Imdhíonacht tar éis na vacsaíne COVID-19

Fo-iarmhairtí ón vacsaín COVID-19

Láithreáin Gréasáin eile

Comirnaty (Pfizer/BioNTech) vaccine - European Medicines Agency

COVID-19 Vaccine Moderna - European Medicines Agency

COVID-19 vaccination strategy and implementation plan – gov.ie

Uasdátú is déanaí:16 Feabhra 2021

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 18/02/2021
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 18/02/2024