Skip to main content

Vacsaín COVID-19 Janssen - Léargas Ginearálta

Uasdátaithe: 11 Bealtaine 2021

Is vacsaíní an bealach is éifeachtaí chun galair thógálacha a chosc. Ullmhaíonn siad do chóras imdhíonachta (cosaint nádúrtha an choirp) chun víreas ar leith a aithint agus cosaint a thabhairt in aghaidh an víris sin.

Tugtar ‘vacsaín Johnson & Johnson freisin’ ar an vacsaín Janssen. Is é an comhlacht Johnson & Johnson a tháirgeann an vacsaín seo.

Tugtar an vacsaín seo mar instealladh in uachtar na láimhe. Ní thógann sé ach cúpla nóiméad.

Dáileoga

Ní theastaíonn ach dáileog amháin den vacsaín COVID-19 Janssen chun cosaint fadtéarmach a fháil.

Bíonn éifeacht iomlán ag an vacsaín tar éis 14 lá. Beidh tú vacsaíníthe go h-iomlán ansin.

Imdhíonacht

Cuireann vacsaíní ar chumas do chóras imdhíonachta tú a chosaint ó ghalair.

B’fhearr duit dá mbeadh sé ar chumas do chóras imdhíonachta tú a chosaint leis an vacsaín in ionad COVID-19 a fháil.

Sábháilteacht

Forbraíodh vacsaín COVID-19 Janssen de réir caighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta.

Tástáladh an vacsaín ar na mílte duine le linn trialacha cliniciúla

Fo-iarmhairtí

D’fhéadfadh fo-iarmhairtí a bheith i gceist le vacsaín ar nós gach cógas leighis eile. Bíonn an chuid is mó díobh seo éadrom nó measartha, agus ní mhaireann siad i bhfad.

Ní fhaigheann gach duine fo-iarmhairtí.

Ag fáil do vacsaín

Tabharfar an vacsaín d’fhormhór na ndaoine i lialann Dochtúra Teaghlaigh nó in Ionad Vacsaíníthe.

Ag fáil do vacsaín – tuilleadh eolais anseo.

An vacsaín is fearr

Déantar tástáil ar gach vacsaín ar mhaithe le sábháilteacht agus éifeachtacht sula n-úsáidtear iad. Ní úsáideann FnaSS vacsaín ach amháin má chomhlíonann sí na caighdeáin riachtanacha i dtaobh sábháilteachta agus éifeachtúlachta.

Ba chóir duit glacadh le pé vacsaín COVID-19 a thairgtear duit.

Tuileadh eolais faoi fhorbairt na vacsaíní COVID-19

Má tá tú ag iompar clainne

Ní mholtar an vacsaín COVID-19 Janssen do mhná atá ag iompar clainne. Tairgfear vacsaín eile duit.

Labhair le do Dhochtúir Teaghlaigh nó Obstatraí faoi do vacsaín COVID-19 a fháil.

Tuilleadh eolais faoi vacsaíní COVID-19 le linn toirchis

Má tá tú ag beathú do pháiste tú féin

Is féidir leat an vacsaín COVID-10 a fháil má tá tú ag ag beathú do pháiste tú féin.

Ní thabharfaidh an vacsaín COVID-19 do do leanbh.

Tuilleadh eolais faoi vacsaíní COVID-19 má tá tú ag cothú linbh ar an gcíoch

Scrúdaigh saineolaithe vaicsaíne atá ag obair in Éirinn an t-ábhar seo .

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 11/05/2021
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 11/05/2024