Skip to main content

If you are aged 51 to 69 you can now register to get a COVID-19 vaccine

Vacsaín COVID-19 AstraZeneca - Léargas Ginearálta

Uasdátú is déanaí: 7 Bealtaine 2021

Má tá tú idir56 agus 69 bliain d'aois is féidir leat clárú anois chun do vacsaín COVID-19 a fháil.

Is vacsaíní an bealach is éifeachtaí chun galair thógálacha a chosc. Ullmhaíonn siad do chóras imdhíonachta (cosaint nádúrtha an choirp) chun víreas ar leith a aithint agus cosaint a thabhairt in aghaidh an víris sin.

Tá an vacsaín COVID-19 AstraZeneca éifeachtach d’aon aoisghrúpa. Má fuair tú do vacsaín, cosnófar thú i gcoinne COVID-19. Tá an baol tinnis má fhaigheann tú COVID-19 i bhfad níos mó ná aon riosca a bhaineann leis an vacsaín.

Ní mholtar AstraZeneca do dhaoine faoi 60 bliain d’aois mar gheall ar riosca neamh-ghnácha de théachtaí fola le pláitíní íseal tar éis an vacsaín a fháil. Is réamhchúram é seo toisc gur lú an seans go bhfaighidh daoine faoi 60 bliain d’aois tinneas COVID-19 tromchúiseach agus go bhfuil vacsaíní eile ar fáil.

Tuilleadh eolais faoi fho-iarmhairtí neamh-choitianta agus an treoir nua

Dáileoga

Beidh ort 2 dáileog den vacsaín AstraZeneca COVID-19 a fháil.

Gheobhaidh tú an dara dáileog 12 seachtaine tar éis an chéad dháileog má

  • tá tú 60 bliain d'aois nó níos sine
  • go bhfuil riocht sláinte ort a fhágann go bhfuil tú i mbaol mór nó baol an-mhór ó COVID-19

Má tá tú faoi bhun 60 bliain agus nach bhfuil riocht sláinte ort a fhágann go bhfuil tú i mbaol mór nó baol an-mhór ó COVID-19, ba chóir duit fanacht 16 seachtaine chun an dara dáileog a fháil.

Tá sé seo méadaithe ó 12 sheachtain. Cuireann an t-am breise seo ar ár gcumas níos mó taighde a dhéanamh de réir mar a bhíonn níos mó fianaise ar fáil.

‘Bónas’ na Vacsaíne

28 lá tar éis do chéad dáileog den vacsaín AstraZeneca, is féidir leat an chomhairle sláinte poiblí ‘bónas vacsaín’ céanna a leanúint le daoine atá vacsaínithe go hiomlán. Ní chuimsíonn sé seo taisteal thar lear.

Ní mór duit do dhara dáileog a fháil fós chun a chinntiú go maireann do chosaint vacsaíne.

Léigh comhairle ón Rialtas maidir le Bónas na vacsaíne

Sábháilteacht

Forbraíodh vacsaín COVID-19 AstraZeneca de réir caighdeáin idirnáisiúnta sábháilteachta.

Tástáladh an vacsaín ar na mílte duine le linn trialacha cliniciúla

Tuilleadh eolais faoi shábháilteacht na vacsaíne AstraZeneca COVID-19

Fo-iarmhairtí

D’fhéadfadh fo-iarmhairtí a bheith i gceist le vacsaín ar nós gach cógas leighis eile. Bíonn an chuid is mó díobh seo éadrom nó measartha, agus ní mhaireann siad i bhfad

Ní fhaigheann gach duine fo-iarmhairtí.

Tuilleadh eoalis faoi fo-iarmhairtí tar éis na vacsaíne COVID-19 AstraZeneca a fháil

An vacsaín is fearr

Déantar tástáil ar gach vacsaín ar mhaithe le sábháilteacht agus éifeachtacht sula n-úsáidtear iad. Ní úsáideann FnaSS vacsaín ach amháin má chomhlíonann sí na caighdeáin riachtanacha i dtaobh sábháilteachta agus éifeachtúlachta.

Ba chóir duit glacadh le pé vacsaín COVID-19 a thairgtear duit.

Tuileadh eolais faoi fhorbairt na vacsaíní COVID-19

Má tá tú ag iompar clainne nó ag cothú do pháiste tú fhéin

Mura bhfuil vacsaín tugtha duit go fóill, tairgfear vacsaín COVID-19 eile duit seachas AstraZeneca.

Má tá tú ag iompar clainne nó ag cothú linbh ar an gcíoch agus go bhfuil do chéad dháileog den vacsaín AstraZeneca COVID-19 fáighte agat, fan ar a laghad 12 seachtaine sula bhfaigheann tú an dara dáileog.

Beidh tú i mbaol níos mó de thinneas tromchúiseach más rud é nach bhfaigheann tú do dhara dáileog. Is mó an sochar ná an dochar a bhaineann le vacsaín a fháil.

Laghadófar an seans go n-éireoidh tú an-tinn de bharr COVID-19 má fhaigheann tú do dhá vacsaín.

Tuilleadh eolais faoi vacsaíní COVID-19 le linn toirchis

Tuilleadh eolais faoi vacsaíní COVID-19 má tá tú ag cothú linbh ar an gcíoch

Tá an t-ábhar seo seiceáilte ag saineolaithe vacsaíní atá ag obair in Éirinn.

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 23/04/2021
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 23/04/2024