Ní ghlacann FSS ach le tástálacha um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise(PCR) chun COVID-19 a dhiagnóisiú. Is é seo an bealach is iontaofa chun tástáil a dhéanamh.
Is féidir le comhlachtaíí príobháideacha cineálacha eile tástálacha a thairiscint. Níl aon soláthraí tástála ar leith á mholadh againn.
Má tá comharthaí COVID-19 ort, ba cheart duit féin aonrú láithreach. Cuir glaoch ar do dhochtúir agus eagróidh sé tástáil FSS duit atá saor in aisce.
Léigh faoi conas tástáil le haghaidh COVID-19.
Léigh faoi cad atá le déanamh má tá tú i do ghartheagmhálaí
Tástáil um Imoibriú Slabhrúil Polaiméaráise
Is é seo an tástáil COVID-19 is iontaofa atá ar fáil mar go mbreathnaíonn sé ar ábhar géiniteach an víris. Déantar an tástáil i saotharlann agus is féidir brath air má theastaíonn uait a fháil amach an bhfuil COVID-19 ort.
Má fhaigheann tú tástáil ISP ó chomhlacht phríobháideach agus má fhaigheann tú toradh dhearfach COVID-19, ní mór don tsaotharlann é sin a thuairisciú d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Teastaíonn an t-eolas sin sa gcaoi go mbeidh an fhoireann rianú teagmhála ábalta a theacht ar do ghartheagmhálaithe.
Léigh tuilleadh faoi rianú teagmhála.
Tástáil antaiginí
Tá tástáil antaiginí níos tapúla ná tástáil ISP ach níl sé chomh hiontaofa céanna. Ní theastaíonn saotharlann don chineál tástáil seo. Ní ghlacann FSS le tástáil antaiginí i láthair na huaire.
Má tá do thástáil antaigine dearfach
Má fhaigheann tú tástáil antaiginí ó chomhlacht phríobháideach agus má fhaigheann tú toradh dhearfach COVID-19, ní thuairisceoidh an tsaotharlann é sin do FSS. Ciallaíonn sé seo nach gcuirfear do ghartheagmhálaithe ar an eolas agus go bhféadfadh siad COVID-19 a scaipeadh ar dhaoine eile.
Má fuair tú toradh dearfach ar thástáil, ba chóir duit féin-aonrú agus glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh. Socróidh sé/sí tástáil ISP duit atá saor in aisce.
Aimsigh dochtúir i do cheantar.
Beidh ort cruthúnas an toradh tástála COVID-19 a thaispeáint don dochtúir.
Beidh ceann acu seo uait:
- teachtaireacht téacs
- ríomhphost
- tuarascáil chlóite
Má tá comharthaí tinnis ort ach go raibh do thástáil do COVID- 19 diúltach
Má tá comharthaí COVID-19 ort ba chóir duit féin-aonrú fiú amháin má tá do thoradh tástála antaigine diúltach. Cuir glaoch ar do dhochtúir agus socróidh sé/sí tástáil ISP saor in aisce duit.
Más gartheagmhálaí thú
Más gartheagmhálaí tú, ba chóir duit leanúint ar aghaidh ag cur srian ar do ghluaiseachtaí fiú amháin má bhí toradh diúltach ar do thástáil. Lean ort ag cur srian ar do ghluaiseachtaí ar feadh 14 lá ón uair dheireanach a bhí tú i dteagmháil leis an duine a fuair toradh dhearfach ar thástáil COVID-19.
Léigh faoi conas srian a chur le do ghluaiseachtaí.
Tástálacha antasubstainte
Déanann tástálacha antasubstaintí seiceáil i dtaobh antasubstaintí sa gcás is go raibh an víreas ar dhuine san am atá caite. Tá sampla fola ag teastáil chun an tástáil seo a dhéanamh. Ní thairgeann FSS na tástálacha seo i láthair na huaire.