Uasdátaithe: 23 Feabhra 2021
Gheobhaidh tú do thorthaí tástála ar théacs ach má fhaigheann tú toradh dearfach, cuirfear glaoch ort freisin.
Nuair a fhaigheann tú do thorthaí
Faigheann formhór na ndaoine torthaí tástála laistigh de 2 lá ach uaireanta tógann sé níos faide.
Gheobhaidh daoine atá go dona tinn san ospidéal a dtorthaí ar dtús.
Má tá comharthaí COVID -19 ort:
- Lean ag féin-aonrú (fan i do sheomra) agus tú ag fanacht ar na torthaí
- Lean comhairle do dhochtúir
Cén chiall atá leis an toradh a fhaigheann tú
Is féidir 3 chineál toradh a fháil
- Dearfach (COVID-19 aimsithe)
- Diúltach (COVID-19 gan a bheith aimsithe)
- Neamhchinntithe, neamhbhailí nó coisctheach
Mura bhfuil do thorthaí tástála faighte agat
Cuirtear na torthaí tástála ar fáil 7 lá na seachtaine go dtí 9i.n.
Glaoigh ar líne chabhrach COVID-19 má tá tú ag fanacht ar do thorthaí níos faide ná 2 lá (48 uair a chloig)
Ná glaoigh ar do dhochtúir teaghlaigh chun na torthaí tástála a fháil. Tá sé tábhachtach na línte fóin a choinneáil saor do dhaoine atá ag iarraidh comhairle faoi chomharthaí tinnis.
Má rinne tú an tástáil de bharr go raibh comharthaí ort
Mura bhfuil do thorthaí tástála faighte agat is féidir leat stopadh ag féin-aonrú má shásaíonn tú an dá choinníoll seo:
- Nach raibh fiabhras ort (38 céim Celsius nó os a cionn) le 5 lá anuas
- Go bhfuil 10 lá caite ó tháinig na comharthaí ort ar dtús
Má rinne tú an tástáil de bharr gur gartheagmhálaí a bhí ionat
Más gartheagmhálaí tú agus mura bhfuil aon chomhartha ort lean ar aghaidh ag cur srian le do ghluaiseachtaí (fan sa bhaile) ar feadh 14 lá. Déan é seo ón dáta deireannach a raibh tú i dteagmháil leis an duine a fuair toradh dearfach ar thástáil do COVID-19. Mura bhfuil tú cinnte cén dáta é sin, cuir srian le do ghluaiseachtaí go dtí an dáta a dúirt an fhoireann rianaithe teagmhála leat é sin a dhéanamh.
Is féidir leat stopadh ag cuir srian le do ghluaiseachtaí nuair atá an dá choinníoll seo i bhfeidhm:
- Fuair tú toradh diúltach ar do thástáil (níor aimsíodh COVID-19) 10 lá tar éis duit a bheith i dteagmháil go deireanach leis an té a fuair toradh dearfach.
- Níl comharthaí COVID-19 ort
Ag maireachtáil le gartheagmhálaí
Má tá cónaí ort le gartheagmhálaí, ní gá duit srian a chur le do ghluaiseachtaí agus iad ag fanacht ar a dtástáil nó ar thorthaí tástála.
Ach más toradh na tástála go bhfuil COVID-19 aimsithe, beidh ort srian a chur le do ghluaiseachtaí agus ba chóir an chomhairle do ghartheagmhálaithe a leanúint.
Lean an chomhairle maidir le maireachtáil le gartheagmhálaí.
Má tá tú i do chónaí le duine atá ag fanacht ar thorthaí
Má tá tú i do chónaí le duine a bhfuil comharthaí air, atá ag féin-aonrú agus ag fanacht ar thorthaí tástála , ba chóir duit srian a chur le do ghluaiseachtaí .
Má fhaigheann siad toradh dearfach (víreas COVID-19 aimsithe), beidh tú i do ghartheagmhálaí agus ba chóir an chomhairle do ghartheagmhálaithe a leanacht
Má fhaigheann siad toradh diúltach is féidir leat filleadh ar do ghnáth shaol laethúil.
Ábhair Ghaolmhara
Ag fanacht folláin agus tú ag féin-aonrú
Ag cosaint tú fhéin agus daoine eile
Uasdátú is déanaí: 23 Feabhra 2021