Warning notification:Warning

Unfortunately, you are using an outdated browser. Please, upgrade your browser to improve your experience with HSE. The list of supported browsers:

  1. Chrome
  2. Edge
  3. FireFox
  4. Opera
  5. Safari

Tuirse tar éis COVID-19

Is minic a fheictear tuirse tar éis ionfhabhtuithe víreasacha ar nós COVID-19. Tagann an chuid is mó de dhaoine chucu féin tar éis 2 nó 3 seachtaine.

Is éard is tuirse ann ná an mothú go bhfuil easpa fuinnimh agat. Ní hionann í agus an ghnáth-thuirse toisc nach féidir dul a choladh ná scíth a ligean le hí a mhaolú. D’fhéadfadh gnáthrudaí tú a fhágáil traochta, amhail tú féin a ní, éadaí a chur ort féin nó dul ar shiúlóid ghairid.

Seans go dtógfaidh sé am ort teacht chugat féin. D’fhéadfadh siomptóim na tuirse teacht agus imeacht agus tú ag teacht chugat féin.

Tá rudaí ann is féidir leat a dhéanamh chun dul i ngleic léi:

  • caomhnaigh do chuid fuinnimh agus tú ag teacht chugat féin
  • bainistigh do thuirse le himeacht ama

Siomptóim na tuirse

Áirítear le siomptóim na tuirse:

  • mothú traochta nó lag tar éis gníomhaíochtaí a bhíteá in ann a dhéanamh gan mórán dua a chur ort féin
  • mothú traochta nó codlatach fiú tar éis duit do scíth a ligean nó néal codlata a fháil
  • deacrachtaí ag díriú ar níos mó ná rud amháin ag an am céanna
  • titim i do chodladh ar feadh tréimhsí gearra ama ar bhealach nach dual duit de ghnáth
  • a bheith níos cantalaí nó níos mífhoighní ná mar is gnách
  • a mhothú go n-éiríonn siomptóim eile níos measa tar éis gníomhaíochta
  • easpa díocais nó spreagtha ionat le do ghnáth-thascanna a dhéanamh

Athraíonn siomptóim na tuirse ó lá go lá i gcásanna áirithe. D’fhéadfadh sé a bheith thuas seal thíos seal in amanna.

Seans go mbeadh an tuirse ort agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19 fiú mura raibh ach breoiteacht éadrom ort ar dtús. Más rud é go raibh tú san ospidéal agus go raibh ort fanacht sa leaba, beidh am ag teastáil uait le neart a chur i do mhatáin arís.

Bíonn an tuirse ar roinnt daoine go ceann seachtainí nó míonna tar éis COVID-19. Táimid fós ag foghlaim faoi éifeachtaí fadtéarmacha COVID-19.

Deacrachtaí cuimhne agus smaoinimh tar éis COVID-19

An tuirse a bhainistiú ag tús do théarnaimh

Agus tú ag teacht chugat féin tar éis ionfhabhtú COVID-19, beidh do riachtanais fuinnimh ag athrú ó lá go lá agus ó uair go huair.

Tá sé tábhachtach:

Is minic a bhíonn deacrachtaí ag daoine dul a chodladh agus iad ag téarnamh ó COVID-19. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh má theastaíonn cabhair uait le codladh níos fearr a fháil.

Information:

Má bhraitheann tú codlatach agus tú ag tiomáint, stop, páirceáil in áit shábháilte agus déan néal codlata go ceann 15 nóiméad.

Is maith an rud é gníomhaíocht éigin choirp a dhéanamh ar chuntar nach mbraitheann tú níos measa ina diaidh. Glac do chuid ama agus labhair le gairmí cúraim sláinte mura bhfuil tú cinnte faoi dhul i mbun aclaíochta.

Aclaíocht agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19

Do chuid fuinnimh a chaomhnú

Chun do chuid fuinnimh a chaomhnú, is féidir leat:

Déan

  • do theach a eagrú ionas go mbeidh na hearraí a úsáideann tú go minic gar duit

  • gníomhaíochtaí a dhéanamh atá tú in ann a dhéanamh ar do chompord - má tá deacracht agat le tasc, déan nós de stopadh agus an rud atá ar siúl agat a athrú

  • tosú le gníomhaíochtaí simplí amhail ceapaire a dhéanamh nó dul amach ag siúl go ceann 5 nóiméad

  • gníomhaíochtaí a bhriseadh síos ina dtascanna níos lú agus sosanna eatarthu

  • sos a ghlacadh idir tascanna, fiú má cheapann tú nach gá duit

  • tascanna a roinnt thar an lá nó an tseachtain - gnáthamh a phleanáil lena chinntiú nach ndéanfaidh tú an iomarca ag an am céanna

  • beagán níos mó a dhéanamh gach lá ach gach iarracht a dhéanamh gan dul thar fóir – dírigh ar na rudaí a chaithfidh tú a dhéanamh nó atá tábhachtach duit

  • cabhair a iarraidh le tascanna más gá – tabharfaidh sé sin am duit chomh maith leis na rudaí a thaitníonn leat a dhéanamh

  • fanacht go ceann uair an chloig ar a laghad tar éis ithe sula dtéann tú i mbun aclaíochta

Cén chaoi do ghníomhaíochtaí a phleanáil, a chur in ord tosaíochta agus a dhéanamh ar do luas féin

Tá bealaí ann le tascanna laethúla a dhéanamh níos éasca duit agus tú ag teacht chugat féin:

Siúl

D'fhéadfadh giorra anála a theacht ort agus tú ag gluaiseacht thart. Leag amach spriocanna gearra, réalaíocha ar dtús. Mar shampla, siúl go dtí an leithreas ar dtús.

Méadaigh an t-achar a shiúlann tú taobh istigh den teach, b'fhéidir go dtí an doras tosaigh. Beidh tú in ann níos mó a dhéanamh nuair a bhraitheann tú go bhfuil tú in ann aige.

Nuair a thosaíonn tú ag dul amach, coinnigh súil ar an achar a shiúlann tú. Pé áit a siúlann tú chuici, bíodh do dhóthain fuinnimh agat le siúl ar ais.

Má bhí tú san ospidéal nó má bhí ort tréimhsí fada a chaitheamh sa leaba, seans go mbeidh sé deacair ort a bheith ar do bhoinn ag tús do théarnaimh.

Aclaíocht agus tú ag teacht chugat féin ó COVID-19

An staighre a úsáid

Má bhíonn sé ag dul deacair ort an staighre a úsáid, déan iarracht teorainn a chur le líon na n-uaireanta a úsáideann tú é.

Coinnigh na rudaí a bhíonn uait le linn an lae thíos staighre. Pleanáil do thurais suas agus anuas.

Labhair le do dhochtúir teaghlaigh má bhíonn sé ag dul deacair ort bogadh timpeall do thí.

Féadfaidh fisiteiripeoir nó teiripeoir saothair cuairt a thabhairt ar do theach agus measúnú a dhéanamh air. Féadfaidh siad athruithe a mholadh chun tacú leat maireachtáil chomh neamhspleách agus is féidir.

Éirí as an leaba

Má éiríonn tú amach as do leaba róthapa seans go dtiocfaidh meadhrán ionat. Sula seasann tú suas, suigh ar imeall na leapa go ceann píosa. Cabhróidh sé sin leat do chothrom a fháil.

Nuair a bhíonn tú as an leaba, bíodh scíth agat sula dtosaíonn tú tasc eile. 

Do chuid éadaigh a chur ort

Sula dtosaíonn tú do chuid éadaigh a chur ort, bailigh le chéile iad go léir. Tabhair neart ama duit féin le tú féin a ghléasadh.

Seans gur mhaith leat rudaí atá éasca le cur ort a chaitheamh, amhail bróga gan iall.

Déan iarracht a bheith i do shuí agus tú ag cur ort do chuid éadaigh. Glac do chuid ama agus glac scíth nuair is gá duit.

Ná crom an iomarca, más féidir. Bain úsáid as trealamh a bhfuil lámh fhada air, amhail ladar bróige.

Lig do scíth go ceann tamaill ina dhiaidh más gá duit.

Ná bíodh drogall ort cabhair a iarraidh má theastaíonn uait í. Iarr cúnamh ar dhuine éigin eile de do theaghlach, más féidir. D’fhéadfadh sé go mbeadh fáil ar thacaíochtaí breise freisin le cabhrú leat le tascanna laethúla amhail tú féin a ní agus a ghléasadh.

Dul go dtí an leithreas

Ar cheann den iliomad gníomhaíochtaí laethúla a laghdaíonn do leibhéal fuinnimh tá dul go dtí an leithreas.

Déan iarracht iatacht a sheachaint. Más gá duit an-dua a chur ort le cac a dhéanamh, úsáidfidh tú níos mó fuinnimh fós. Ól go leor deochanna agus ith go leor snáithín, torthaí agus glasraí.

Ithe go folláin

Tú féin a ní agus cithfholcadh a ghlacadh

Bíodh scíth agat roimh chithfholcadh a thógáil agus ina dhiaidh, más gá.

Chun do chuid fuinnimh a chaomhnú, is féidir leat:

  • a dhéanamh cinnte go bhfuil an seomra aeráilte go maith
  • an teocht a chasadh síos - b’fhéidir go gcuirfeadh cithfholcadáin theo níos mó tuirse ort
  • do chúl a thabhairt leis an sconna cithfholcadáin – is mó seans go dtiocfaidh giorra anála ort má bhíonn tú ag féachaint i dtreo an sconna
  • suíochán agus mata neamhsciorrach a úsáid sa chithfholcadán
  • róba folctha a úsáid chun tú féin a thriomú in ionad tuáille

Ná tóg cithfholcadh má bhíonn tú ag aireachtáil róthuirseach. Suigh in aice leis an doirteal agus nigh thú féin ina ionad. Bailigh do rudaí níocháin uile le chéile sula dtosaíonn tú ionas go mbeidh gach rud lámh leat. Déan cinnte go bhfuil do shuíochán socraithe go sábháilte.

Cócaireacht agus siopadóireacht

Ceannaigh bianna atá éasca le hullmhú. Ullmhaigh méideanna móra bia más féidir leat. Fágfaidh sé sin nach mbeidh ort a bheith ag cócaireacht gach aon lá.

Déan iarracht fanacht glan ar bhianna atá róphróiseáilte. Ach is féidir le béilí réamhullmhaithe sláintiúla a bheith ina gcuidiú agat nuair a bhíonn tú an-tuirseach.

Pleanáil sosanna roimh dhul ag siopadóireacht agus ina dhiaidh. Déan do chuid siopadóireachta ar líne nó iarr seachadadh chun an bhaile más gá.

B’fhéidir go mbeifeá in ann iarraidh ar dhuine cabhrú leat do chuid siopadóireachta a dhéanamh nó do chuid béilí a ullmhú.

Obair tí

Ná déan iarracht an obair tí go léir a dhéanamh d’aon iarraidh amháin. Roinn na tascanna troma thar an tseachtain.

Smaoinigh ar bhealaí a bhféadfá tascanna a dhéanamh níos éasca. Suí síos leis na soithí a ní nó leis an miasniteoir a lódáil, cuir i gcás.

Glac sos roimh an obair tí, lena linn agus ina diaidh.

An tuirse a bhainistiú thar thréimhse níos faide

Bíonn an tuirse ar roinnt daoine go ceann seachtainí nó míonna tar éis COVID-19.

Más rud é go raibh tú san ospidéal agus go raibh ort fanacht sa leaba, seans go mbeidh tuilleadh ama ag teastáil uait le teacht chugat féin arís. Ach is féidir tuirse dhian a bheith ort fiú mura raibh tú san ospidéal.

Non-urgent advice: Labhair le do dhochtúir teaghlaigh más rud é:

  • go n-éiríonn an tuirse níos measa seachas níos fearr
  • nach dtagann feabhas ar an tuirse tar éis 4 seachtaine
  • go bhfuil an tuirse ag cur imní ort nó ag cur isteach ar do shaol laethúil
  • go maireann an tuirse tamall fada tar éis gníomhaíochtaí éadroma

Beidh sé nó sí in ann aon riocht eile a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le do tuirse a chur as an áireamh. Féadfaidh sé nó sí tú a chur ar aghaidh chuig teiripeoir saothair nó fisiteiripeoir chomh maith, a bheidh in ann cabhrú leat an tuirse a bhainistiú.

Dialann gníomhaíochtaí a úsáid

Má tá sé ag dul deacair ort téarnamh ón tuirse, coinnigh dialann gníomhaíochtaí go ceann seachtaine nó dhó.

Breac síos a ndéanann tú i gcaitheamh an lae agus an chaoi a mbraitheann tú ina dhiaidh. Ná fág amach na laethanta maithe.

Is féidir le gníomhaíochtaí meabhracha agus mothúchánacha tionchar a imirt ar an tuirse a oiread céanna le gníomhaíochtaí fisiciúla. Mar sin, cuir san áireamh gach uile chineál tasc, amhail foirm a chomhlánú nó déileáil le taom feirge linbh fiú.

Uaireanta tarlaíonn an tuirse lá nó dhó tar éis gníomhaíocht áirithe.

Cabhróidh an dialann gníomhaíochtaí leat:

  • tuiscint a fháil ar an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí éagsúla ar an tuirse – b’fhéidir go mbraitheann tú tuirseach tar éis béile a ullmhú, cuir i gcás, nó go mbíonn níos mó fuinnimh agat tar éis a bheith ag labhairt le cara leat
  • eolas a chur ar na comharthaí gur cheart duit gearradh siar nó stopadh sula n-éireoidh tú traochta
  • do ghníomhaíochtaí a phleanáil, a chur in ord tosaíochta agus a dhéanamh ar do luas féin, chomh maith le gnáthamh a chruthú duit féin
  • a mhíniú do dhaoine eile céard is féidir leat a dhéanamh agus céard a tharlaíonn má dhéanann tú an iomarca
  • monatóireacht a dhéanamh ar do leibhéal gníomhaíochta le himeacht ama
Samplaí de na comharthaí gur cheart duit gearradh siar ar ghníomhaíocht nó éirí aisti

Agus tú ag teacht chugat féin, tá sé tábhachtach gan iarracht a dhéanamh ‘brú tríd’ agus an iomarca a dhéanamh.

Más féidir leat a aithint céard iad na comharthaí luatha go bhfuil do thuirse ag dul in olcas, beidh fios níos fearr agat cathain is gá duit do scíth a ligean le traochadh a sheachaint.

Ní hionann na comharthaí sin d’aon bheirt, ach seo a leanas roinnt samplaí:

  • athruithe fisiciúla, amhail a mhothú go bhfuil do ghéaga níos troime, preabadh matán, pianta, nó samhnas
  • deacracht faisnéis a phróiseáil, amhail gá abairtí a athléamh nó gan bheith in ann focail a fháil
  • mothú cantalach nó ag iarraidh a bheith fágtha leat féin
  • solas nó torann ag cur isteach ort níos mó ná mar is gnách
  • támhnéal a theacht ort nó gan a bhfuil á rá ag daoine eile a chloisteáil
  • mothú tuirseach ach gan bheith in ann dul a chodladh

Do scíth a ligean go héifeachtach

Beidh níos lú codlata ag teastáil uait ar an iomlán má ghlacann tú sosanna gairide go rialta le do scíth a ligean. Má fhanann tú go dtí go mbeidh tú traochta le sos a ghlacadh, tógfaidh sé i bhfad níos faide ort teacht chugat féin arís.

Is féidir le néalta codlata cur isteach ar do chuid codlata san oíche. Déan iarracht sosanna níos éifeachtaí a ghlacadh le himeacht an lae in ionad néalta codlata a dhéanamh.

D’fhéadfadh sé go mbeadh néalta codlata ag teastáil ó dhaoine áirithe le himeacht an lae mura mbíonn ag éirí leo go leor codlata a fháil san oíche. Labhair le do dhochtúir teaghlaigh, teiripeoir saothair nó síceolaí má bhíonn sé ag dul deacair ort dul a chodladh.

Tá sé chomh tábhachtach céanna gan barraíocht codlata a fháil chomh maith. Má fhaigheann tú an iomarca le himeacht ama, seans go bhfágfar díspeagtha tú nó go gcuirfear isteach ar do chuid codlata nó ar neart do mhatán.

D’fhéadfá labhairt le d’fhostóir faoi na hathruithe réasúnta a d’fhéadfaí a dhéanamh le cabhrú leat sosanna a ghlacadh ag an obair.

D’fhéadfadh sosanna gairide a bheith ina gcuidiú fiú, amhail dul chun gloine uisce a fháil tar éis cruinniú nó físghlao.

Do leibhéil ghníomhaíochta a mhéadú

Information:

Má cuireadh ar aghaidh chuig teiripeoir saothair nó fisiteiripeoir thú, labhair leis nó léi sula ndéanfaidh tú le do leibhéal gníomhaíochta a mhéadú. Cabhróidh sé sin leat aon mhéadú a phleanáil ar bhealach slán sábháilte.

Is tábhachtaí do leibhéal gníomhaíochta a mheaitseáil le do leibhéal fuinnimh agus mothú muiníneach ná an méid is féidir leat a dhéanamh.

B’fhéidir go mbraithfeá nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agat ach bí foighneach leat féin. Cuir le fad ama nó déine do chuid gníomhaíochtaí ar do luas féin.

Ná cuir leo go dtí:

  • gur féidir leat leibhéal gníomhaíochta a choinneáil gan siomptóim a theacht ort
  • go bhfuil tú muiníneach gur féidir leat beagán níos mó a dhéanamh

Le méaduithe ar do leibhéal gníomhaíochta a bhainistiú:

  1. Pleanáil – úsáid do dhialann gníomhaíochtaí le do ghnáthghníomhaíochtaí laethúla a phleanáil, a chur in ord tosaíochta agus a dhéanamh ar do luas féin
  2. Déan – cuir méaduithe beaga le do ghnáthamh de réir a chéile, mar shampla, béile níos casta a dhéanamh nó sos níos gairide a ghlacadh idir tasc seasta agus suí.
  3. Seiceáil – tabhair do d’aire aon tionchar a bheidh ag an méadú ort le linn na gníomhaíochta féin nó go ceann lae nó dhó ina dhiaidh sin.