Skip to main content

We use small files called cookies to help us improve your experience on this website and to provide services like web chat. We also use cookies to measure the effectiveness of public health campaigns and understand how people use the website.

Read our cookies policy to find out more about cookies and how we use them.

Scagthástáil phutóige agus an coróinvíreas

Tá an Scagthástáil Phutóige ag tosú arís.

Tá cuirí á seoladh chuig daoine incháilithe anois ar bhonn céimnithe.

Tá BowelScreen ag freastal ar na daoine sin a cuireadh a gcoinní siar de bharr COVID19 .

Próiseálfar trealamh scagthástála baile agus tuarascálacha saotharlainne.

Leanfaimid orainn ag coinneáil súil ar an chomhairle sláinte poiblí chun a chinntiú go mbeidh an phróiseas sábháilte duitse agus dár bhfoireann.

Is féidir glaoch a chur ar BowelScreen ar Saorghlao 1800 45 45 55.

Má tá imní ort faoi chomharthaí ailse phutóige, cuir glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh. Ná déan neamhaird de do chomharthaí choíche.

Coinní ionscópachta

Rachaidh altra i dteagmháil leat chun d’ionscópacht a shocrú agus chun comhairle a chur ort faoi na bearta COVID-19 san ospidéal.D’fhéadfadh go mbeadh na hathruithe seo i gceist:

  • d’altra nó do dhochtúir ag caitheamh trealamh cosanta pearsanta (TCP)
  • go mbeadh ort fanacht taobh amuigh go dtí go mbeidh sé in am do do choinne
  • go mbeadh níos lú daoine i d’fhoirgneamh cúram sláinte
  • go mbeadh ort fanacht níos faide ar do choinneLean comhairle an ospidéil agus Sláinte Poiblí maidir le freastal ar choinní ospidéil.Ionscópacht tar éis scagthástáil phutóige

Comharthaí tinnis – glaoigh ar do dhochtúir teaghlaigh

Tá sé tábhachtach a mheabhrú nach mbeidh ailse ar 9 as gach 10 duine a bhfuil fuil ina ngluaiseachtaí putóige (cac). D’fhéadfadh fás beag ar a dtugtar polaipí nó tinneas eile ar nós fíocas (haemaróidí) a bheith mar chúis le fuil i do chac.

Tá sé an-tábhachtach a bheith ar an eolas faoi chomharthaí tinnis na hailse putóige. I measc na gcomharthaí tá:

  • athrú leanúnach ar ghnáth-ghluaiseachtaí na bputóg. Ag dul níos minice, le buinneach le pian sa bholg uaireanta
  • fuil i do chac go háirithe má bhíonn sé measctha tríd an gcac. Fágann sin nach dócha gur haemaróidí an chúis atá leis
  • pian boilg, míchompord, nó bolg atá i gcónaí tar éis ithe. Uaireanta ní íosfaidh tú an oiread nó caillfidh tú meáchan dá bharr

Tá comharthaí ailse phutóige an-choitianta freisin, agus ní bhíonn ailse ar fhormhór na ndaoine a mbíonn na comharthaí seo orthu. Mar shampla:

  • De ghnáth is de bharr rud éigin a d’ith duine is cúis le hathrú ar ghnáth-ghluaiseachtaí na bputóg
  • Ní dócha gur droch thinneas atá ort mura dtéann tú go dtí an leithreas chomh minic, nó má bhíonn an cac níos crua. B’fhiú purgóidí a thríáil sula dtéann tú go dtí an dochtúir.
  • iatacht agus cac crua go hannamh
  • fuil úr nach mbíonn sa chac féin nó ag clúdach an chaca. Feictear é seo go minic in dteanna pian de bharr haemoráidí nó gearradh beag

Ba cheart a bheith níos cúraimí faoi na comharthaí seo agus tú ag dul in aois agus má mhaireann siad in ainneoin cóireálacha simplí. Má thugann tú aon cheann acu faoi deara, déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh le do thoil.Comharthaí ailse phutóige

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 14/08/2020
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 14/08/2023