Uasdátaithe: 17 Feabhra 2021
Aimsíonn an rianú teagmhála daoine a raibh gartheagmháil acu le duine a bhfuil an coróinvíreas air/uirthi.
Tá sé seo á dhéanamh chun scaipeadh an choróinvíris a laghdú sa phobal. Tugtar “rianairí teagmhála” ar na daoine a dhéanann an obair seo.
Má fhaigheann tú toradh dearfach
Má fhaigheann tú toradh dearfach cuirfidh an rianaire teagmhála glaoch ort chun sonraí teagmhála aon duine a raibh gartheagmháil agat leo, a aimsiú
Má fhaigeann tú tástáil dearfach ach comharthaí COVID-19 ort
Cuirfidh siad ceist ort faoi na daoine agus na háiteanna ar thug tú cuairt orthu 48 uair an chloig sular thosaigh do chomharhaí tinnis agus gur thosaigh tú ag féin-aonrú.
Má fhaigeann tú tástáil dearfach ach nach bhfuil comharthaí COVID-19 ort
Ní chuirfidh an rianaire teagmhála ceist ort ach faoi dhaoine agus faoi áiteanna a thug tú cuairt orthu 24 uair an chloig roimh do thástáil agus go dtí gur thosaigh tú ag féin-aonrú.
Ní churfidh siad ceist ort faoi dhaoine a chuaigh tharat ar an tsráid nó i siopaí. Níl mórán baoil i gcásanna mar sin go háirithe má tá tú ag cleachtadh scaradh sóisialta.
Tá an rianú teagmhála rúnda. Ní bheidh a fhios ag aon duine a nglaonn an rianaire teagmhála orthu gur tusa a thug a sonraí teagmhála dóibh.
Aip Rianaire COVID
Fiafróidh an rianaire teagmhála díot freisin ar úsáid tú an Aip Rianaire Covid
Má bhí tú á úsáid, iarrfaidh siad ort an fheidhm uaslódla a úsáid arís chun foláireamh a chur chuig do do ghartheagmhálaithe. Déanann tú é seo leis an aip. Is do rogha féin é seo a dhéanamh.
Má thoilíonn tú, seolfar cód uaslódálaithe ar leith chugat le teachtaireacht téacs. Scaoilfidh an cód seo an glas atá ar fheidhm uaslódála an aip.
Léigh tuilleadh faoin aip Rianaire COVID agus conas a oibríonn sé.
Más gartheagmhálaí tú
Más gartheagmhálaí tú ní mór duit
- tástáil COVID-19 a shocrú
- srian a chur ar do ghluaiseachtaí (fan sa bhaile)
Cad ba cóir duit a dhéanamh más gartheagmhálaí tú
Gartheagmháil agus Teagmháil Fhánach
Oibrithe Riachtanacha Cúraim Sláinte
Más oibrí riachtanach sláinte thú, cuir glaoch ar do bhainisteoir nó ar an rannóg sláinte ceirde. Ná téigh ag obair go dtí go labhraíonn tú leo.
Léigh níos mó faoi ghartheagmhálacha agus an treoir a bheidh ort a leanúint.
Ábhair ghaolmhara
Gartheagmháil agus Teagmháil Fhánach