Skip to main content

Má tá siomptóim COVID-19 ort

Má tá siomptóim COVID-19 ort

Má tá aon siomptóim COVID-19 (coróinvíreas) ort, fiú má tá siad éadrom, déan tú féin a fhéinleithlisiú (fan i do sheomra) agus faigh tástáil COVID-19. Déan an méid sin fiú má tá tú vacsaínithe go páirteach nó go hiomlán in aghaidh COVID-19.

Beidh ar dhaoine eile i do theaghlach nach bhfuil vacsaínithe go hiomlán in aghaidh COVID-19 srian a chur lena ngluaiseachtaí (fanacht sa bhaile).

Le tástáil PCR le haghaidh COVID-19 a fháil saor in aisce, is féidir leat:

  • tástáil a chur in áirithe ar líne
  • glao a chur ar dhochtúir teaghlaigh nó ar sheirbhís dochtúra teaghlaigh lasmuigh de na gnáthuaireanta

Cén chaoi siomptóim COVID-19 a bhainistiú sa bhaile

Tábhachtach

Ná freastal ar choinne vacsaínithe má tá siomptóim COVID-19 ort. Le coinne nua a iarraidh, freagair an téacs a fuair tú maidir le do choinne leis an bhfocal ‘New’ nó cuir glao ar HSElive ar 1800 700 700.

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 03/12/2021
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 03/12/2024