Uasdátaithe: 03 Meitheamh 2020 ag 12.10in
Is áit shábháilte in Áis féin-aonraithe FnaSS in Iarthar na Cathrach do dhaoine nach féidir leo fanacht astu féin sa bhaile.
Ní ospidéal é, ach seiceálfaidh oibrithe cúraim sláinte tú agus tú ann. Beidh seirbhís dochtúirí teaghlaigh ar fáil ann freisin.
Cé dó an Áis féin-aonraithe
Murar féidir leat fanacht asat féin sa bhaile b’fhéidir go mbeadh ort dul isteach san Áis féin-aonraithe :
- má fuair tú toradh dearfach ar thástáil an choróinvíris agus má tá comharthaí éadroma ort
- má fuair tú toradh dearfach ar thástáil an choróinvíris agus agus réidh le dul abhaile tar éis a bheith san ospidéal
- má tá tú ag fanacht ar thorthaí tástála nó ar thástáil agus comharthaí éadroma ort
- níl comharthaí ort, ach dúradh leat fanacht asat féin
Caithfidh tú a bheith sách maith chun aire a thabhairt duit féin agus nach mbeidh aon chúram nó cúnamh speisialtóra eile a bheith ag teastáil uait.
Léigh tuilleadh faoi thástáil coronavirus.
Conas a ligtear isteach san áis féin-aonraithe tú,
Teastaíonn atreorú uait ó :
- Ospidéal
- Dochtúir Teaghlaigh
- an fhoireann rianaithe teagmhála
Cad a tharlóidh duit nuair a bheidh tú istigh ann
Chomh luath agus a ghlacann an fhoireann iontrála le hatreorú, déanfaidh muid socruithe chun tú a bhogadh go dtí an áis féin-aonraithe.
Déanfar measúnú sláinte ort. Cuirfimid in iúl duit cá fhad a bheidh ort fanacht agus ullmhófar phlean le tú a ligean a bhaile.
Beidh ort fanacht i do sheomra ach beidh teilifís, WiFi agus fón agat le haghaidh glaonna inmheánacha.
Tabharfaidh an fhoireann béilí chuig do sheomra agus beidh tú in ann sosanna a thógáil lasmuigh ag amanna áirithe.
Oibreoidh Dochtúirí Teaghlaigh leis an bhfoireann cúraim shláinte chun aon chúram leighis a theastaíonn uait a bhainistiú le linn do chuairte.
Más féidir scaradh sóisialta a dhéanamh , b’fhéidir go mbeadh tú ábalta ithe sa seomra bia.
Beidh seirbhís chomhairleoireachta ar fáil más gá.
Níl cuairteoirí ceadaithe
Ábhair Ghaolmhara
Féin-aonrú