Skip to main content

Gnáth Shlaghdán

Comharthaí an tslaghdáin

Is é an chéad chomhartha go bhfuil slaghdán ort ná scornach thinn. Ansin tagann sraothartach nó srón phlúchta, thinn nó smaoiseach. De ghnáth, bíonn casacht ar dhuine as gach triúr a mbíonn slaghdán orthu agus airíonn siad tinn.

Is víreas is cúis le slaghdán. Ní chuirfidh antaibheathaigh biseach ar víris. Imíonn uisce as an gcolainn nuair a bhíonn duine ag cur allais nó má bhíonn smaois ort. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach neart leachtanna a ól. Glac sos agus ith go sláintiúil. Ná hiarr antaibheathaigh ar do dhochtúir nuair a bhíonn slaghdán ort.

De ghnáth, airíonn tú níos measa ar feadh 2-3 lá sula dtosaíonn biseach ag teacht ort de réir a chéile. Maireann na comharthaí tinnis ar feadh seachtaine de ghnáth.

Tá comharthaí slaghdáin an-chosúil le comharthai an fhliú ach is tromchúisí i bhfad an fliú.

Slaghdán

  • Tagann sé ort de réir a chéile
  • Airíonn tú é i do shrón agus i do scornach de ghnáth
  • Airíonn tú tinn ach bíonn tú in ann leanacht ar aghaidh mar is gnáth – mar shampla, dul ag an obair

Fliú

  • Tagann sé ort go tapa laistigh de chúpla uair a chloig
  • Airíonn tú é i do shrón agus i do scornach de ghnáth
  • Bíonn tú tuirseach agus ní bhíonn tú in ann leanacht ar aghaidh mar is gnáth

Comharthaí an tslaghdáin:

  • Srón phlúchta nó smaoiseach
  • Scornach thinn
  • Tinneas cinn
  • Pianta sna matáin
  • Casacht
  • Sraothartach
  • Teocht ard
  • Brú i do chluasa agus i d’éadan
  • Ní fhaigheann tú blas ná boladh ar aon rud

Bíonn na comharthaí céanna ar dhaoine fásta agus leanaí. Uaireanta, maireann na comharthaí níos faide ar leanaí.

Cúiseanna an tslaghdáin

Is víreas is cúis le slaghdán. Scaipeann siad go héasca i measc daoine. Bíonn tú tógálach go dtí go mbíonn na comharthaí ar fad imithe díot. Tógann sé seo timpeall seachtain de ghnáth.

Scaipeann casacht agus sraothartach frídíní a d’fhéadfadh maireachtáil ar lámha agus ar dhromchlaí ar feadh 24 uair an chloig.

Chun scaipeadh slaghdáin a laghdú, dean mar a leanas:

  • Nigh do lámha le huisce te agus gallúnach
  • Déan casacht isteach i d'uillinn chun a chinntiú nach mbeidh tú ag scaipeadh frídíní ar do lámha ná ar dhaoine eile
  • Úsáid ciarsúr páipéir chun breith ar na frídíní nuair a dhéanann tú casacht nó sraothartach
  • Caith an ciarsúr páipéir sa mbosca bruscar chomh luath agus is féidir

Conas slaghdáin a sheachaint

Is iad na bealaí is fearr chun slaghdáin a sheachaint ná:

  • Do lámha a ní le huisce te agus gallúnach go mór mór roimh bhéilí.
  • Ná roinn tuáillí ná rudaí ar nós cupáin le duine a bhfuil slaghdán air
  • Ná leag lámh ar do shúile ná do shrón. D’fhéadfá féin ionfhabhtú a fháil dá mbeadh an víreas ar do lámha.
  • Lean le haclaíocht agus bí folláin

Tugann vacsaín an fhliú cosaint duit i gcoinne an fhliú ach ní thugann ón slaghdán..

Ábhar bainteach leis seo

How to wash your hands correctly

Cóir Leighis

Is féidir cóir leighis a chur ar fhormhór na slaghdán sa bhaile. Tiocfaidh biseach ort gan aon choir leighis ar leith. Ól do dhóthain leachtanna, glac sos agus ith bia follain. Lean ar aghaidh mar is gnách nuair a bheidh biseach ort arís.

Labhair le do chógaslannaí faoi na táirgí agus cógais a chabhróidh leat. Is féidir Paraicéiteamól nó iobúpróifein a thógáil chun faoiseamh a fháil ón phian nó fiabhras. Cabhraíonn spré sróine chun srón phlúchta a oscailt. D’fhéadfá faoiseamh a fháil le spré scornaigh, losainn agus cóir leighis do chasacht freisin.

Bí cúramach faoi chógais a thógáil do chasacht agus slaghdán má tá paraicéiteamól nó iobúpróifein á thógáil agat freisin. D’fhéadfá níos mó ná an dáileog a mholtar a thógáil ar an gcaoi sin.

Tá roinnt cógas nach bhfeileann do leanaí, naíonáin agus mná torracha. Faigh comhairle ó do chógaslannaí.

Níl mórán fianaise ann go gcabhraíonn forlíonta cothaithe ar nós vitimín C, sinc, eiceanáise ná gairleog chun biseach a fhail.

Tabhair cuairt ar do dhochtúir teaghlaigh :

  • Mura dtagann feabhas ar do chomharthaí tinnis tar éis 3 seachtainí
  • Má bhíonn deacracht agat ag análú nó má bhíonn pian i do chliabhrach
  • Má éiríonn do chomharthaí tinnis níos measa go tobann
  • Má bhíonn teocht an-ard ort nó má airíonn tú an-te agus má bhíonn tú ag crith
  • Má bhíonn imní ort faoi chomharthaí tinnis do pháiste
  • Má bhíonn tinneas fadthéarmach ort – mar shampla, má bhíonn diaibéiteas, galar croí, scamhóige, duán nó néareolaíoch ort
  • Má tá córas imdhíonta lag agat – mar shampla, má tá diaibéiteas ort nó má tá ceimiteiripe á fháil agat

Antaibheathaigh

Ní dhéanfaidh antaibheathaigh aon mhaitheas do do chomharthaí tinnis agus ní bhfaigheadh tú biseach níos tapúla.

Tá antaibheathaigh éifeachtach in aghaidh ionfhabhtuithe baictéaracha. Is víreas is cúis le slaghdáin.

Rinneadh an t-athbhreithniú deireanach ar an leathanach: 18/05/2020
Déanfar an chéad athbhreithniú eile: 18/05/2023