B’fhéidir nach údar imní an giorra anála ach uaireanta bíonn sé tromchúiseach agus d’fhéadfadh cóir leighis a bheith ag teastáil.
Glaoigh ar 112 nó 999 má:
- tá cliabrach fáiscthe nó trom ort
- tá pian ort a théann chuig do lámha, do dhroim, do mhuineál agus do ghiall
- tá tú ag aireachtáil tinn
D’fhéadfadh taom croí a bheith ort nó fadhb le scamhóga nó le d’aerbhealaí.
Cuir glaoch ar dhochtúir teaghlaigh má tá giorra anála ort:
- a mhair níos faide ná mí
- a éiríonn níos measa nuair a bhíonn tú gníomhach
- a éiríonn níos measa nuair a luíonn tú síos
- go raibh tú ag casachtaí le 3 seachtainí nó níos mó
- go bhfuil do chuid rúitíní ata
D’fhéadfadh giorra anála in éineacht le teocht ard a bheith ina chomhartha den choróinvíreas. Má tá na comharthaí seo ort ba chóir duit glaoch a chur ar do dhochtúir teaghlaigh.
Tá sé tábhachtach comhairle leighis a fháil chun a chinntiú nach bhfuil sé tromchúiseach . Níl tú ag cur ama aon duine amú lena sheiceáil.
Cúiseanna le giorra anála
Tá go leor cúiseanna éagsúla le giorra anála.
I measc na gcúiseanna is coitianta tá slaghdán nó cliabhrach gafa, asma, duine a bheith róthrom nó a chaitheann tobac. D’fhéadfadh sé a bheith ina chomhartha ar thaom scaoill chomh maith.
Ach uaireanta d’fhéadfadh sé a bheith ina chomhartha de rud éigin níos tromchúisí, ar nós ailse scamhóg nó an galar scámhóige ar a dtugtar galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD).
Braithfidh aon chóir leighis a theastaíonn uait ar chéard is cúis le do chuid comharthaí.
Ná déan iarracht féindiagnóis a dhéanamh - déan teagmháil le dochtúir teaghlaigh i gcónaí.